Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mairbh dead
" I láthair na huaire tá mairbh fós le caoineadh.
mairbhe numbness
" Dhá bhliain i ndiaidh an teasctha sin, bhraith sí mairbhe sa chos eile.
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh He who is reported to be dead will live to a great age
" Go bhfaighe siad seacht míle deis! Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin: Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.
beidh an madadh marbh it'll be the end of the world/I'm for it
" "Féadaim éirí anois," arsa Ivan leis féin, "nó beidh an madadh marbh.
ar chósta na Mara Mairbhe on the Dead Sea coast
" Cúpla uair an chloig ar an mbóthar ó dheas agus beidh tú ar chósta na Mara Mairbhe.
laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh a decrease in the number of casualties and dead
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
idir bheo agus mharbh both living and dead
" In ainneoin na ndeacrachtaí agus na mblianta atá imithe, tá an HJC ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas chun an fhírinne a nochtadh faoi Hillsborough agus ceart a fháil do na híospartaigh, idir bheo agus mharbh.
ní ag marbh a gcroí ag gáirí a bhí Clíona agus Cathy iad féin Clíona and Cathy weren't exactly having a good time either
" A fhad agus a bhí Louis agus Ciarán i mbéal an bháis ar an fharraige, ní ag marbh a gcroí ag gáirí a bhí Clíona agus Cathy iad féin.
lán go béal le mairbh overflowing with dead people
" MÁNAS: Cill? DENIS: Tá an tseanchill lán go béal le mairbh.
chomh marbh le hart as dead as a stone
" Ina súile siúd is teanga í an Ghaeilge atá chomh marbh le hart agus nach bhfuil aon bhaint aici lena saol ná lena dtaithí féin.
scread feirge na marbh the sceam of anger of the dead
" Agus mé ag breathnú anois ar an bhfáinne eochrach sin ón Holiday Inn i Sarajevo, cloisim scread feirge na marbh mar bhreithiúnas orainn uilig faoi gach teip a lig don rud a tharla san Iúgslaiv titim amach.
nár aiséirigh riamh ó na mairbh who never rose from the dead
" Má chreidimid *The Da Vinci Code*, ní fear singil a bhí in Íosa Críost ach gnáthfhear a bhí pósta ar Mháire Mhaigdiléana, a fuair bás go nádúrtha agus nár aiséirigh riamh ó na mairbh.
Scrollaí na Mara Mairbhe the Dead Sea Scrolls
" Is ar cháipéisí ársa, na *Scrollaí Coptacha* a fuarthas i Nag Hammadi san Éigipt, agus *Scrollaí na Mara Mairbhe* a fuarthas i bpluais i Wadi Qumran (trí mhíle dhéag soir ó Iarúsailéim), atá na teoiricí seo bunaithe.
chun cuimhneamh ar na mairbh, to remember the dead,
" Tagann siad chun cuimhneamh ar na mairbh, chun iontas a dhéanamh de na radharcanna áille coinnleacha agus leagann siad coinnle ar uaigheanna atá, ar pé cúis, gan aon rud bheith ar lasadh orthu.
an tIndiach marbh the dead Indian
" Ní raibh an dearcadh ann gurbh é an tIndiach marbh an t-aon Indiach maith – an tIndiach a bhí sibhialaithe agus ar Chríostaí é, b'in an tIndiach maith, dar le go leor.
a dhúiseodh na mairbh. that would wake the dead.
" Ar ndóigh, bhog na hÉireannaigh chéanna ar aghaidh chomh luath is a d’fhéad siad, agus is ceantar Doiminiceach é anois, rud gur léir duit ón nóiméad a théann tú isteach ann – níl le cloisteáil ó ollchallairí na ngluaisteán ach ceol Spáinneach, á chasadh ar láine a dhúiseodh na mairbh.
ainmneacha daoine marbha names of dead people
" D’úsáideadh sé ainmneacha daoine marbha nó cairde dá chuid féin orthu sa dóigh is nach mbeadh ceisteanna le freagairt aige.
tá an t-othar beagnach marbh, the patient is almost dead,
" Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
Thaithigh an cailín marbh an halla the dead girl frequente the hall
" Thaithigh an cailín marbh an halla agus ba í an boggart ann.
marbh. dead.
" Ach nuair a bhuaileann siad le chéile 30 bliain ina dhiaidh sin, tá Jackie, an duine ab óige acu, marbh.
chomh marbh le hArt. as dead as stone
" Má tharlaíonn a mhacasamhail in Éirinn i mbliana, beidh an Bunreacht agus ollstát na hEorpa chomh marbh le hArt.
marbh tuirseach, totally exhausted,
" Agus do chuid ite agat – agus bhí na béilí in ionad sciála Saalbacherhof ar na cinn is fearr a d’ith mé riamh – bíonn tú marbh tuirseach, agus bhí mé cinnte nach raibh mórán foinn orm dul a dhath níos faide.
na mairbh the dead
" Déantar na mairbh a bhaisteadh sna teampaill seo – sea, na mairbh.
dreacha marbha dead expressions
" Ní chuireann sé iontas ar bith orm go dtagann dreacha marbha ar na daoine a bhíonn do mo cheistiú nuair a fhreagraím, “Canberra”.
na mairbh. the dead
" Táimid faoi shíocháin agus ár gcuid á rá againn leis na mairbh.
am marbh na hoíche at dead of night
" An té a thiomáin na príomhbhóithre in am marbh na hoíche i gCorcaigh, Port Láirge, Gaillimh – BÁC, comhairigh sé 3, 4, - 7 gcinn de lorraithe ollmhóra i mbun dála trastíre le ciúnas tráchta, gan carr príobháideach amháin a bheith eatarthu ar an bhealach.
gaolta na marbh relatives of the dead
" Cibé, is cuma le gaolta na marbh.
mairbh dead
" Ar na mairbh tá 46 Uigireach agus tá 137 de bhunadh Han.
marbh of (the) dead
" ” Faraor, nuair a bhain siad otharlann An Gearasdain (Fort William) amach bhí sé marbh.
am marbh na hoíche the dead of night
" Tógadh iad le suaimhneas éigin a thabhairt do dhaoine ar a ndéantar ionsaí rialta seicteacha, in am marbh na hoíche go minic.
Marbh le Facebook is marbh gan é unsatisfactory, a have-to-have
" Marbh le Facebook is marbh gan é! Maidir le comhlachtaí, cé go raibh fógraí ar Facebook le fada, bhí deacrachtaí agamsa le fada le Facebook i gcomhthéacs gnó.
marbh tuirse dead tired
" Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann.
marbh (the) dead
" Bhí an nós seo ag na Ceiltigh riamh: dul i measc na marbh arís ag tús an gheimhridh.
líon na marbh number of deaths/dead
" Nár cheart, a deirtear go minic, daoine a spreagadh chun an mótarbhealach a úsáid in ionad táillí a ghearradh orthu agus cuid den trácht a bhaint de na bóithre náisiúnta atá níos contúirtí? I dtíortha eile na hEorpa, feictear an titim chéanna i líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre gach uile bhliain: beagáinín faoi bhun 2,000 duine a maraíodh ar bhóithre na Spáinne le linn na bliana seo caite, 13% níos lú ná uimhir 2008 agus 50% níos lú ná líon na marbh i 2003; 4,080 duine a maraíodh i dtimpistí bóthair sa Ghearmáin, laghdú 9% ar fhigiúr 2008 agus an líon is lú bás ar na bóithre le caoga bliain anuas.
chomh marbh le hArt as dead as a nail
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
marbh le hart dead as a doornail
" De bharr gur theip ar a chuid údar cúinsí sóisialta is polaitiúla a chur san áireamh ina gcuid moltaí ciorruithe, thig a rá le cinnteacht áirithe, go bhfuil an tuarascáil chomh marbh le hart.
fág marbh é forget it
" Má tá tú ag smaoineamh ar Alice i dTír na nÍontas agus an Hatadóir Mire, fág marbh é.
le hanam na marbh barely alive
" Bhí ceoltóirí le hanam na marbh i Siceagó agus obair dóibh.
Chomh Marbh le hArt as dead as a doornail
" Chomh Marbh le hArt ========== Lena chois sin, tá sé mar aidhm ag an straitéis an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an Ghaeilge a ardú ón 1.
Marbh le Tae is Marbh gan É hard to please
" Mar sin, amach leo siúd atá in oifig! Marbh le Tae is Marbh gan É ============ Más gráin nó más grá leat lucht pleanála an Pháirtí Phoblachtaigh, ní féidir a shéanadh go bhfuil siad cliste.
Fágfaidh mé an scéal sin marbh I’ll say no more about that
" (Gáire) Fágfaidh mé an scéal sin marbh, ach caithfidh mé imeacht chun na Spáinne chun maireachtáil.
cuma mharbh a dead appearance
" Bíonn cuma mharbh air, le buille an chroí chomh mall le seachtain fliuch agus titfidh teocht na colainne níos ísle chomh maith.
Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í a cow has many assets
" Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í ================= Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach.
marbh dead
" Dhá Mháthair an Mhí-Áidh ============= Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte.
Líon na marbh the dead numbered
" Líon na marbh: seachtar, an gunnadóir féin san áireamh.
scaoileadh marbh í she was shot dead
" Bhí Mary 22 bliana d’aois nuair a scaoileadh marbh í i mí Aibreáin 1984 agus í ag teacht amach as an Aifreann lena hathair, an breitheamh Tom Travers, agus lena máthair.
na marbh dearmadta the forgotten dead
" D’fhanfadh Mary Travers i measc na marbh dearmadta ach gu’b é gur roghnaigh Sinn Féin Mary McArdle mar chomhairleoir speisialta do Charal Ní Chuilin, an tAire úr Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta san Fheidhmeannas úr.
ar shlua na marbh dead
" Agus Osama Bin Ó Loideáin anois ar shlua na marbh, tá fórsaí na maitheasa agus na córa ag méadú ar an ionsaí atá á dhéanamh acu ar chairde Gaddafi.
theaghlaigh na marbh the families of the dead
" Lochtaíodh é ag an am mar gheall ar theaghlaigh na marbh a ghortú.
Chomh Marbh le hArt dead as a doornail
" Chomh Marbh le hArt ======= Is “polemic” é an drama, atá faoi stiúir Willie White, ach ní dóigh liom go n-éiríonn sé leadránach nó tuirsiúil ag aon phointe mar tá ceol, filíocht agus guthanna na Gaeilge fuáilte isteach tríd síos.
fágadh béal marbh orm I was speechless
" D'amharc sé orm agus dúirt sé, go fonóideach, *"Oh, so you can make sense of the crazy Gaelic placenames, can you?"* Ghoill sé go trom orm an ráiteas sin a chloisteáil, agus fágadh béal marbh orm.
chuir bean gin mharbh ar an saol a woman had a stillborn child
" I mbaile eile i gceantar Cluj, chuir bean gin mharbh ar an saol.
marbh-bhreith a hiníne her daughter’s stillbirth
" Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh marbh-bhreith a hiníne.
dreacha marbha dead expressions
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
ar son mhuintir na marbh for the families of those who died
" Tá sárobair déanta ag an HFSG ar son mhuintir na marbh, ach bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as agus sin an fáth go bhfuil an HJC ann.
tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian the dead were given complete freedom of speech
" ”* Ba mhór ag Hugo óg leabhar Uí Chadhain mar sin, Cré na Cille, leabhar inar tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian.
marbh cheana féin dead already
" Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d'fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.
In am marbh na hoíche fiú amháin even at the dead of night
" In am marbh na hoíche fiú amháin, ag 02.
an t-éan marbh cáiliúil sin that famous dead bird
" Mhol sé le *Mrs Thatcher* comparáid a dhéanamh idir ceannaireacht Michael Foot ar an *Labour Party* agus an t-éan marbh cáiliúil sin i *Monthy Python*.
chomh marbh le hArt as dead as a doornail
" Bíodh nach bhfuil traidisiún an tseanchais bhéil chomh marbh le hArt iontu fós, is mór an t-athrú atá tagtha ar chultúr an phub le dornán de bhlianta anuas ar chúis amháin nó eile.
bheith marbh go leor do roinnt daoine be dead enough for some people
" An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
taibhsí na marbh the ghosts of the dead
" San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.
Lá Fhéile na Marbh All Souls’ Day
" D’aithníos tréith ann ná faca i mórán imreoirí eile, tráthnóna Lá Fhéile na Marbh 2013.
aiséirí ón marbh resurrection from the dead
" Ní raibh sé chomh soiléir sin go mbeadh biseach i ndán do Fhianna Fáil agus aiséirí ón marbh i ndán do na Glasaigh.
Friothadh an chéad fhear marbh báite the first man was found drowned
" Friothadh an chéad fhear marbh báite in abhainn na Sionainne, agus bhásaigh an fear eile ar thaobh an bhóthair.
am marbh na hoíche dead of night
" Is iomaí clár in am marbh na hoíche nó le mochdháil maidine a chraol sé ó d’fhág sé bun Chnoc Phádraig agus teach a mhuintire ina dhiaidh.
líon na marbh number of deaths/dead
" Tá PJ Mac Gabhann in ann a insint dúinn nach bhfuil líon na marbh i dtimpístí bóthair chomh millteanach ard agus a bhíodh, sa Fhrainc ná in Éirinn.