Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mharmar marble
" A mhalairt ar fad de shaol a chonaiceamar nuair a chaitheamar trathnóna in óstán galánta i New Delhi, ag ól tae i halla déanta de mharmar bán agus ag éisteacht le ceol ó cheathairéad téadach.
marmar marble
" Tá foirgnimh an *Campo* uilig an-mhór, maisithe agus bán lonrach, déanta as marmar agus eibhear.
mharmar marble
" Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht mí dhéag eile.
mharmar glas agus bán green and white marble
" Suite gar don Duomo agus an Campanile, foirgneamh ochtagánach atá ann a bhfuil *façade *aige atá déanta as stráicí de mharmar glas agus bán.
marmair marble
" Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.
Marmar marble
Leacáin mharmair marble tiles
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.
dabhachaí míne marmair fine marble vessels
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.