Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meáin media
" Tá líon mór ealaíontóirí ag cur fúthu sa Rinn agus iad ag plé le meáin dhifriúla: gloine, adhmad, cré agus, dar ndóigh, an phéintéireacht féin.
meáin chlóite print media
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
meáin media
" Táimid ag am cinniúnach do na meáin anseo in Éirinn, ní hamháin anois ach le tamall anuas.
meáin chlóite print media
" Tá níos mó ná 70% de na meáin chlóite faoi smacht Nuachtáin an *Independent* agus an Uasail Tony O'Reilly.
meáin media
" Déanann muid ár gcuid oibre laistigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm, agus toisc go ndéanann, ní léir do dhuine ar bith an dochar a dhéanann na laincisí dlíthiúla atá ann faoi láthair do nuachtáin agus do na meáin i gcoitinne.
meáin media
" Béarlagair ceart is ea an focal san, dar ndóigh; go bunúsach, ciallaíonn sé pacáistí ríomhaireachta a thugann le chéile téacs, íomhánna, fuaim agus meáin eile chun eolas a chur i láthair.
na meáin eile the other media
" " Deir sé go mbíodh na meáin eile de shíor ag cáineadh an stáisiúin de bharr go raibh cosc ar liricí Béarla ach nach mbíonn an clamhsán sin le cloisteáil na laethanta seo de bharr "An Taobh Tuathail" a bheith á chraoladh.
na meáin the media
" Aon duine a chaith tamall ag féachaint ar na meáin ag tús na míosa seo caite, d'fheicfidís go raibh éacht eile aerthaistil bainte amach nuair a tuairiscíodh gur éirigh leis an Meiriceánach Steve Fossett an chéad turas aonair a dhéanamh i mbalún timpeall an domhain.
na meáin chlóite the print media
" Anuas air sin, ós rud é go bhfuil achtanna againn a leagann síos rialacha faoi iriseoireacht chraoltóireachta, cén fáth nach mbeadh a leithéid i bhfeidhm freisin maidir leis na meáin chlóite? Cúis eile nach n-oibreodh féinmhonatóireacht is ea a dheacra is a bheadh sé í a chur i bhfeidhm ar an líon mór nuachtán ón mBreatain a dhíoltar anseo.
meáin media
" Bhí meascán de smaointe agus meáin le feiceáil i saothar an cheathrair ealaíontóirí a bhí ar an ghearrliosta, idir innill aisteacha, sceitseanna, léaráidí, scríbhneoireacht (Keith Tyson); imsuiteáil fiseáin ag léiriú Canary Wharf faoi cheo agus ag eitilt thart ag amharc anuas ar Londain (Catherine Yass).
sna meáin in the media
" D'fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann.
na meáin chlóite the print media
" Chomh maith le hobair a dhéanamh leis na meáin chlóite, thug sé faoi obair raidió roinnt blianta ó shin fosta.
na meáin the media
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
na meáin chumarsáide the media
" Ach anuraidh, den chéad uair riamh, thosaigh na meáin chumarsáide ag gearán faoin chostas seo.
is a mhaíonn na meáin chumarsáide as the media claims
" Ach cad é a dhéanfas na Donaldsonistas? Measann daoine áirithe nach bhfuil Donaldson chomh láidir sin in éadan an Chomhaontaithe is a mhaíonn na meáin chumarsáide.
meáin media
" Dá bhrí sin, san am atá i láthair níl ionadaíocht ar bith ag na teangacha Ceilteacha i meáin ilchultúrtha na hAstráile.
na meáin the media
" Chomh luath agus a dhéantar leasú ar na dlíthe leabhail is lú cúis a bheidh ag na meáin a bheith chomh cúramach faoina bhfoilsíonn agus faoina ndeir siad.
go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin that the media commentators were wrong
" Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d'uireasa an *dual mandate*.
meáin media
" Dá bhrí sin, san am atá i láthair níl ionadaíocht ar bith ag na teangacha Ceilteacha i meáin ilchultúrtha na hAstráile.
na meáin the media
" Nuair a bhí sé thart labhair cuid acu leis na meáin ar chéimeanna theach na cúirte.
meáin chumarsáide media
" Bhí bliain mhaith ag na meáin chumarsáide Gaeilge chomh maith.
na meáin chumarsáide the media
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
na meáin the media
" Bailíodh suas le $30,000 ar fad do chuid mac óg Kelly, de réir an cholúnaí a scríobhann faoi na meáin sa *New York Post*, Keith Kelly.
na meáin chumarsáide eachtrannacha the foreign media
" Tráthnóna Dé Sathairn, an oíche roimh an olltoghchán féin, ghlac rialtas an Partido Popular den chéad uair leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin.
meáin media
" Cá raibh an caoineadh is an t-olagón? Is ar éigean go raibh trácht ar bith i meáin na hAstráile ná i bhformhór mheáin an domhain ar an líon a bhí á marú gach lá.
na meáin chumarsáide the media
" Tagraíonn sé do na meáin chumarsáide trí Ghaeilge a bhfuil ag éirí go maith leo.
sna meáin in the media
" Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
na meáin the media
" *Carl Andre's Equivalent *8 an t-ainm atá orthu nó, mar a thug na meáin go feargach ar an saothar ag an am, "The pile of bricks".
na meáin the media
" Robálaí agus cladhaire ======= Le déanaí, in agallamh leis na meáin sa Bhreatain, dúirt ball d'fhoireann Stephens atá in Éirinn ag fiosrú claonpháirteachais sa Tuaisceart, an tArd-Cheannfort Richard Turner, gur "robálaí agus cladhaire" é Kevin Fulton agus nach bhfuil sé iontaofa.
sna meáin náisiúnta go léir in all the national media
" Pléitear é seo sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad.
na meáin chumarsáide the media
" Tá an-suim ag na meáin chumarsáide Eorpacha agus Mheiriceánacha sna hathruithe atá ag tarlú sa tSín leis na blianta beaga anuas.
meáin Ghaeilge Irish language media
" Is liosta le háireamh é de dhaoine atá chun tosaigh sna meáin Ghaeilge nó i saol na Gaeilge, ina measc, Seosamh Ó Cuaig, comhairleoir faoi láthair de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ball d'Údarás na Gaeltachta; Máirtín Ó Ciardha, ceannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta; Michael Lally, an té atá i gceannas na nuachta i TG4.
na meáin chumarsáide the media
" Tá an t-eolas go léir ann - na leabhair, na seimineáir, na meáin chumarsáide.
na meáin the media
" Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.
na meáin chlóite Ghaeilge the Irish language print media
" Ach, ardaíonn sin ceist shuimiúil - an dóigh leis go bhfuil na meáin chlóite Ghaeilge an iomarca faoi scáth dheontais an Fhoras agus an rud sláintiúil é sin d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge? “Níl mé lánchinnte faoi sin,” a deir sé.
na meáin chumarsáide the media
" In ainneoin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean dó na figiúir a ghlanadh amach.
na meáin chumarsáide áitiúil the local media
" Ní bheadh suim ag na meáin chumarsáide áitiúil i gcás mar seo, ar ndóigh.
sna meáin in the media
" Ceann de na scéalta móra sna meáin san Astráil le coicís, baineann sé le “naonúr Bali” mar a thugtar orthu – naonúr as an Astráil a gabhadh i mBali agus a bhfuil sé curtha ina leith go raibh baint acu le hearóin a thabhairt as Bali go dtí an Astráil.
ar na meáin náisiúnta on the national media
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
ar na meáin náisiúnta on the national media
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
meáin media
" Rinne siad staidéar ginearálta ar na meáin chomh maith.
na meáin the media
" Nuair a gearradh téarma 20 bliain uirthi, ní raibh sé i bhfad go raibh na meáin ag gríosú na ndaoine agus ba léir gur dearcadh ciníoch ba bhunús le cuid mhaith de na tuairimí a bhí le cloisteáil.
go súfaidh na meáin chuile dheoir that the media will suck every drop
" Is cinnte go súfaidh na meáin chuile dheoir as an scéal sin.
meáin eile chumarsáide other media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
na meáin chraolta the broadcast media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
na meáin chumarsáide the media
" Le linn na féile, beidh dráma ar siúl dhá uair sa lá go hiondúil agus is páistí a bhfuil Gaeilge agus taithí mhaith acu ar an stáitse agus ar na meáin chumarsáide a bheas páirteach iontu.
impí ar na meáin to beseech the media
" B’éigean d’aturnae Dolores, David Sweeney, impí ar na meáin “spás” a thabhairt di - agus rinne siad amhlaidh.
meáin Bhéarla English language media
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
meáin eile chumarsáide other media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
na meáin chraolta the broadcast media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
sna meáin in the media
" Tháinig PVL chun cinn sna meáin mí Bealtaine seo caite, nuair a bhásaigh saighdiúir go tobann sa Bhreatain.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
na meáin chumarsáide the media
" Ach bhí a lán suime ag na meáin chumarsáide sa scéal nuair a d'fhoilsigh sé a staidéar le gairid.
na meáin the media
" ” San agallamh céanna, lean Clooney, ar duine é a mbíonn na meáin ag déanamh béal bán leis féin de ghnáth, ag lústar le JFK naofa, agus dúirt gurb é Kennedy an phearsa stairiúil, thar aon duine eile, ba mhaith leis a chur faoi agallamh.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
sna meáin in the media
" Dúirt an Príomh-Aire, Lee Hsien Loong, go raibh dóthain hearóine ag Nguyen le 26,000 miosúr hearóine a chur ar shráideanna na hAstráile (gné den scéal nár tugadh mórán airde uirthi sna meáin anseo).
meáin media
" Cuireadh an milleán ar chuid de na meáin freisin – bhí siadsan ag gríosú na ndaoine le seachtain roimhe sin.
na meáin i gcoitinne the media in general
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad de chuid na nGardaí chuig cara leis – ní chuig na meáin i gcoitinne mar a maíodh ag an am – a bhíonn ag scríobh altanna moltacha faoi.
sna meáin in the media
" agus seans go bhfuil an ceart ag an té a déarfadh go bhfuil an iomarca seafóide sna meáin faoi chúrsaí spóirt nuair atá rudaí i bhfad níos tromchúisí ag tarlú sa saol.
meáin media
" Ach lean cuid mhaith de na príomhoidí drochshampla Roger Ward agus bhí scéalta faoina mí-ionracas sna meáin go minic.
na meáin chumarsáide Éireannacha the Irish media
" Go mbeadh na meáin chumarsáide Éireannacha sa tír seo tar éis glacadh le tábhacht na teanga.
na meáin chumarsáide the media
" Ní raibh mórán suime ag na meáin chumarsáide sa scannal seo ach fuair mé féin cead ó Bhreandán Mac Lua, eagarthóir (The Irish Post)(http://The Irish Post), alt a scríobh faoi.
meáin chumarsáide media
" Soláthraíonn siad pictiúir do na meáin chumarsáide chomh maith le dánlanna, fógróirí, agus iarsmalanna ar fud an domhain.
na meáin chumarsáide Éireannacha the Irish media
" Go mbeadh na meáin chumarsáide Éireannacha sa tír seo tar éis glacadh le tábhacht na teanga.
an gcaoi ar tuairiscíodh a bhás sna meáin the way his death was reported in the media
" Na tuairiscí sna meáin ======= Is fiú roimhe sin anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar tuairiscíodh a bhás sna meáin.
na meáin chlóite the print media
" Bhí cur agus cúiteamh i go leor de na meáin chlóite agus chraolta, thuaidh agus theas, bunaithe ar thuairiscí Stephen McCaffery, ach níor bhac an BBC leis ach sa bheag.
tuairisc sna meáin report in the media
" I mí Dheireadh Fómhair 2004, mar shampla, bhí tuairisc sna meáin go raibh na saighdiúirí Polannacha a bhí ag comhoibriú leis na Meiriceánaigh san Iaráic le tabhairt abhaile roimh dheireadh 2005.
ag na meáin chumarsáide by the media
" Luaigh Collins an “chothromaíocht bhréagach” atá á cothú le fada an lá ag na meáin chumarsáide i dtaca leis na Sé Chontae.
cosc ar na meáin chumarsáide ban on the media
" Chuir Roinn na Cosanta Náisiúnta cosc ar na meáin chumarsáide a bheith ag an aerfort nuair a thugtaí coirp saighdiúirí marbha ar ais go Ceanada ionas nach gcraolfaí na pictiúir sin ar an teilifís.
leis na meáin chumarsáide with the media
" Bíonn Natasha féin ag cur comhairle ar dhaoine aonair maidir lena slí bheatha agus ag cur oiliúna orthu maidir le cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn Cilian ag ullmhú daoine le bheith ag plé leis na meáin chumarsáide.
na meáin chumarsáide the media
" Ba dheacair (bhí sé dodhéanta i ndáiríre) éalú uaidh toisc go raibh na meáin chumarsáide – idir nuachtáin, raidió agus theilifís – lán scéalta de gach sórt faoi na himreoirí agus a gcuid ban agus go leor rudaí eile nár bhain ach ar éigean le cúrsaí gailf.
sna meáin chlóite in the print media
" ” Chuir an naimhdeas agus an easpa dea-thola a bhí i gceist i gcás daoine áirithe sna meáin, go háirithe sna meáin chlóite, iontas ar Ó Ciardha agus ar an dream eile a bhí i mbun TG4.
sna meáin chumarsáide in the media
" Tá áit na leathphingine á tabhairt do leabhair Ghaeilge sna meáin chumarsáide agus sna siopaí leabhar chomh maith.
sna meáin chumarsáide in the media
" Más éagsúil ábhar an Taisce is éagsúil iad na daoine a bhaineann úsáid as: daoine ar suim leo bheith ag éisteacht le fonn nár chuala siad le tríocha bliain; daoine atá ag déanamh staidéir dara leibhéal nó tríú leibhéal nó staidéar iarchéime; daoine atá ag obair sna meáin chumarsáide ar mian leo clár raidió a dhéanamh nó alt a scríobh, agus mar sin de.
sna meáin chumarsáide, in the media,
" Ní fios cé chomh forleathan is atá cinsireacht mar sin sna meáin chumarsáide, ach ní dóigh liom gurbh eisceacht an eachtra thuasluaite.
meáin media
" Nár cheart an *ballet* a fhágáil faoi na Francaigh agus na Rúisigh, agus an *opera* faoi na hIodálaigh? “Táimse ag iarraidh rian Nua-Shéalannach a fhágáil ar na meáin seo.
In ainneoin na poiblíochta sna meáin despite the publicity in the media
"In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin. that he has great respect for the people of Inis Meáin.
" Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
na meáin chumarsáide. the media.
" Faoi láthair táim ag obair in ollscoil Auckland, ag stiúradh mac léinn sa dara bliain atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide.
athbheochan na Maoraise trí na meáin chumarsáide, the revival of Maori through the media,
" Mar sin, rinne mo chara cur síos ar a cuid oibre siúd ar athbheochan na Maoraise trí na meáin chumarsáide, agus d’fhreagair mise cúpla ceist ar chás na hÉireann.
Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é it was severely criticised in the media
" Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é agus rinne *The Sun* gearán, mar shampla, nach raibh mórán míneadais ag baint leis an phortráid agus fiú go raibh Freud i ndiaidh *5 o’clock shadow *a thabhairt di! Mar sin féin, tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag Freud lena shaothar chomh maith le duaiseanna luachmhara (is Companion of Honour é agus bronnadh an Order of Merit air fosta) ach in ainneoin sin ní rómhinic a bhíonn an deis ag an phobal taispeántas chomh leathan agus chomh saibhir leis an cheann seo a fheiceáil.
na meáin, the media,
" Ag labhairt leis na meáin, dúirt saighdiúir amháin, an Ceannaire Craig Lundberg (21) as Aintree, a chaill a dhá shúil nuair a bhuail RPG é, go raibh sé níos fearr a bheith dall ná a bheith marbh: “I won't lie to anyone.
na meáin chumarsáide. the media.
" An Garda Síochána agus na meáinTá leasú de dhíth fosta ar an dóigh is coitianta a ndéanann na gardaí teagmháil leis an phobal - trí na meáin chumarsáide.
na meáin úra the new media
" Léirigh sé fosta gur beag smacht is féidir a choinneáil ar na meáin úra agus nach bhfuiltear ag feidhmiú laistigh den chomhthéacs eitice céanna is atá na meáin fhadbhunaithe.
na meáin fhadbhunaithe the long-established media
" Léirigh an fhístéip nach raibh smacht eagarthóireachta a thuilleadh ag na meáin fhadbhunaithe ar scaipeadh na nuachta.
na meáin úra the new media
" Léirigh sé fosta gur beag smacht is féidir a choinneáil ar na meáin úra agus nach bhfuiltear ag feidhmiú laistigh den chomhthéacs eitice céanna is atá na meáin fhadbhunaithe.
an borradh atá faoi na meáin úra the growth in the new media
" Pléitear an borradh atá faoi na meáin úra sa chaibidil seo, na féidearthachtaí atá iontu don phobal agus na dúshláin a thugann siad do na meáin mhóra.
na meáin the media
" (Nach iontach go bhfuil na meáin ag baint úsáide as na teidil amaideacha sin ar fad.
sna meáin chumarsáide in the media
" Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.
freagrach as na meáin úra, responsible for new media
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, studying the media, doing media studies
" Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, nó d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar *Broadcasting in Irish* (2003)a léamh chomh maith.
sna meáin chumarsáide in the media
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
sna meáin chumarsáide ar fud an domhain in the worldwide media
" Bhí Seán ann, agus sin an pictiúr a bhí sna meáin chumarsáide ar fud an domhain tar éis a bháis i mí an Mhárta 1988.
an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá. the way in which the media can hound somebody
" Deir sé nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir sé go dtuigeann sé féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá.
a dhírigh na meáin ormsa the media directed their attention to me
" “An t-aon uair a dhírigh na meáin ormsa ná i rith an *debacle* ar fad le Sinead O’Connor.
thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal. the international media ignored the story
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
sna meáin in the media
" Mar gheall ar an líon Astrálach a maraíodh agus a gortaíodh iontu, tugtar ‘11 Meán Fómhair na hAstráile’ ar phléascanna Bali sna meáin abhus.
meáin media
" Ansin thugadar faoi na harrachtaí seo a mhargú go tréan trí na meáin.
meáin chumarsáide media
" Rinne an dá chinneadh sin líon mór naimhde dom in Éirinn mar tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide poblachtach, báúil le Sinn Féin, nó ar an eite chlé agus liobrálach.
meáin chló print media
" B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas.