Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meáite ar rudaí a athrú resolved on changing things
" D'eagraigh siad cruinniú anseo i Learpholl i Samhain 1999 leis na hÉireannaigh agus chuir beirt bhleachtairí, Stuart Parkinson agus Andy Isles, trí cheist orainn: How can we support the Irish community? Do we discriminate against you? In what ways can we make things better? Bhí fearg ar chuid mhaith de na hÉireannaigh a bhí i láthair ag an chruinniú tar éis cos ar bolg a bheith déanta orthu le blianta roimhe sin, ach dúirt na bleachtairí linn go raibh siad meáite ar rudaí a athrú.
meáite ar resolved to
" Le cois an gealltanas a dhéanamh agus an cárta cúnaint a shíniú os comhair an phobail, caitheann na rannpháirtithe fáinne ar an cheathrú méar dá lámh chlé le léiriú go bhfuil siad meáite ar an ghealltanas a choinneáil.
meáite ar resolved on
" Champáil na *Carrickminders* ar an láthair ar feadh sé mhí agus cuireadh moill agus costas ollmhór ar na tógálaithe mar go bhfuil siad meáite ar an mbóthar a thógáil caol díreach tríd an gcaisleán in ionad é a thógáil timpeall air.
atá meáite ar an teanga a fhoghlaim who are determinded to learn the language
" Dé ghnáth, tar éis bliana sa bhunrang téann daoine áirithe atá meáite ar an teanga a fhoghlaim suas go dtí an t-ardrang agus, cé go mbíonn deacrachtaí go leor acu, tá cleachtadh ag na mic léinn eile ar a bheith ag feidhmiú mar chomhairleoirí dóibh.
meáite ar resolved on, determinded
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
meáite ar determinded
" Bhí Marcus meáite ar a scannán féin a dhéanamh tar éis dó an chéad jab proifisiúnta seo a fháil ar *Mise Éire*.
meáite ar determinded to
" Measann go leor daoine go bhfuil an cath caillte acu siúd atá i gcoinne chúrsa an mhótarbhealaigh ach tá Muireann meáite ar leanúint leis an troid sa bhliain atá romhainn.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
meáite ar resolved on
" Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha dó de réir na socruithe.
an Seomra Meáite the Weighing Room
" “Téigh ar aghaidh go dtí an Seomra Meáite (Weighing Room),” a dúirt an bhean san oifig liom nuair a d'inis mé di gur freastalaí beáir a bhí ionam.
suite meáite ar fhear a aimsiú determinded to find a man
" Steiréitíopa is ea í, go pointe: Tá sí píosa anonn sna tríochaidí agus í suite meáite ar fhear a aimsiú agus é a phósadh.
meáite determined
" É sin ar fad ráite, sílim go mbeidh Brian Cody agus a chuid imreoirí meáite ar Chraobh na hÉireann a bhuachan arís i mbliana – tá an talann, an cur chuige, an neart agus an cruas acu, agus tá siad éadrócaire go leor chun é a dhéanamh.
meáite determined
" Tá sé anois in aois an trí scór go leith agus tá an rialtas nua meáite ar an tseanréim a dhearmad chomh tapaidh agus is féidir.
An uile ní meáite taking everything into account
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
meáite ar determined
" Beidh an chomhdháil ar ais ina suí arís ar an 8ú Meán Fómhair agus beidh an tUachtarán meáite ar an mbille sláinte a rith faoi dheireadh na bliana.
bhíos meáite I was determined
" com/watch?v=ePvCMrrWMjE) Ní raibh ach an Aoine agam sular thosaigh an cúrsa Gaeilge, agus bhíos meáite cuid den chathair a fheiceáil.
meáite ar determined
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
meáite determined
" An fhadhb: bhí sé meáite ar "rogha poiblí" a choinneáil as an mbille; sé sin, ní ligfeadh sé don rialtas árachas poiblí a thairiscint (mar a dhéantar in Éirinn leis an VHI, cuir i gcás).
is í mo thuairim meáite I really think
" ** KT: Is é m’athair mo thraenálaí agus is é an traenálaí is fearr ar domhan, is í mo thuairim meáite.
meáite ar determined to
" *(Níl ach dornán beag daoine atá ag labhairt mo theanga féin, Gumbaynggirr, faoi láthair, ach tá muid meáite ar an scéal a athrú.
níos meáite more measured
" Tá tuairim níos meáite ag Anna, áfach.
meáite measured
" Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
meáite ar set on, determined
" Bhí Poblachtánaithe an tSeanaid meáite ar an mbille a rith, ainneoin an agóid ba mhó ar shráideanna na hardchathrach le ceathracha bliana.
meáite ar determined
" Tá misneach agus muinín ag na himreoirí agus iad meáite ar a ndícheall a dhéanamh agus aimsiú na scór a dhéanamh chomh deacair agus is féidir don fhreasúra.
níos meáite more measured
" Tá aigne shoiléir ag teastáil anois agus déanaim gach gníomh níos moille agus níos meáite.
meáite ar set on, determined
" Ach bhí fear amháin meáite ar a sheacht míle dícheall a dhéanamh chun an bua a bhí á shantú ag muintir Átha Cliath le fada an lá a bhaint amach.
meáite ar determined to
" Cad a tharlóidh? ======= Ní tharlóidh (a) thuas dar liom toisc go bhfuil dochar á dhéanamh do dhea-cháil an CLG agus go bhfuil ceannairí na heagraíochta meáite ar an scéal a chur ina cheart más féidir in aon chor.
bhí sí meáite ar she was determined
" Cé gur imir sí ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, bhí sí meáite ar an dornálaíocht a bheith ina príomhspórt aici agus ar bhonn óir a bhaint sna Cluichí Oilimpeacha dá bhfaigheadh sí an deis.
Táimid meáite ar we’re determined
" Táimid meáite ar rudaí a bhuachan an bhliain seo chugainn!”
meáite ar an saol cráifeach a leanúint decided on following to a religious life
" Tagann uafás ar Alina áfach nuair a thuigtear di go bhfuil a cara Voichita meáite ar an saol cráifeach a leanúint agus go bhfuil sí ina nóibhíseach anois.
meáite ar resolved on
" Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.
fear meáite one who measures
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.