Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meáin media
" Tá líon mór ealaíontóirí ag cur fúthu sa Rinn agus iad ag plé le meáin dhifriúla: gloine, adhmad, cré agus, dar ndóigh, an phéintéireacht féin.
mheán medium
" Deirtear go mbíonn an siúlach scéalach agus déanfaidh mé iarracht anseo blaiseadh beag de shaol na hInde a thabhairt trí mheán mo scéalta féin.
meáin chlóite print media
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
mheán medium
" B'fhéidir gurbh fhiú níos mó béime a leagan ar an idirlíon mar mheán chun eolas ar oidhreacht ealaín na hÉireann a scaipeadh amach anseo.
meáin media
" Táimid ag am cinniúnach do na meáin anseo in Éirinn, ní hamháin anois ach le tamall anuas.
meáin chlóite print media
" Tá níos mó ná 70% de na meáin chlóite faoi smacht Nuachtáin an *Independent* agus an Uasail Tony O'Reilly.
na meán the media
" An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.
ar an meán on average
" Tá rátaí báis ó ghalair ar nós ailse níos airde in Éirinn ná mar atá ar an meán san Aontas Eorpach.
meán medium
" Mar a deir Dr Jakob Nielsen, saineolaí ar conas mar a úsáideann daoine suímh ghréasáin (nó "usability"), nuair a bhíonn eolas atá ar fáil cheana féin i meán amháin á chur ar fáil ar an idirlíon, caitear é a chur in oiriúint don ghréasán domhanda.
mheán average
" An margadh a bheith méadaithe go mór sa chaoi is go mbeadh rith cló de 4,000 mar mheán againn don chuid is mó d'ár dteidil.
meáin media
" Déanann muid ár gcuid oibre laistigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm, agus toisc go ndéanann, ní léir do dhuine ar bith an dochar a dhéanann na laincisí dlíthiúla atá ann faoi láthair do nuachtáin agus do na meáin i gcoitinne.
mheán media
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar na chéadspriocanna bhí freastal ar riachtanaisí pháistí scoile agus ar phobal ginearálta na Gaeilge; rinneadh roinnt sraitheanna raidió agus teilifíse do dhaltaí scoile agus bímid ag riar ar fhoghlaimeoirí i rith an ama; de réir a chéile cuireadh seirbhís chuimsitheach le chéile chomh maith do phobal na Gaeilge ar na trí mheán.
meán average
" Ólaimid mar chine beagnach dhá lítear níos mó ná an meán i dtíortha an Aontais Eorpaigh.
mheán medium
" Bhí fonn air an teilifís a úsáid mar mheán chun a chuid smaointe a chur chun cinn.
mheáin éagsúla various media
" Is í áilleacht an cheantair an spreagadh atá taobh thiar de go leor den saothar agus é léirithe trí mheáin éagsúla, ina measc, uiscedhath agus ola chomh maith leis an fhíodóireacht.
meáin media
" Béarlagair ceart is ea an focal san, dar ndóigh; go bunúsach, ciallaíonn sé pacáistí ríomhaireachta a thugann le chéile téacs, íomhánna, fuaim agus meáin eile chun eolas a chur i láthair.
mheán medium
" " Is léir nach bhfuil lucht gnó cinnte cén tslí is fearr le fógraíocht a dhéanamh trí mheán an idirlín - ach is cinnte nach gcruthaíonn *spam *ach droch-cháil do chomhlachtaí a bhaineann úsáid as.
na meáin eile the other media
" " Deir sé go mbíodh na meáin eile de shíor ag cáineadh an stáisiúin de bharr go raibh cosc ar liricí Béarla ach nach mbíonn an clamhsán sin le cloisteáil na laethanta seo de bharr "An Taobh Tuathail" a bheith á chraoladh.
na meáin the media
" Aon duine a chaith tamall ag féachaint ar na meáin ag tús na míosa seo caite, d'fheicfidís go raibh éacht eile aerthaistil bainte amach nuair a tuairiscíodh gur éirigh leis an Meiriceánach Steve Fossett an chéad turas aonair a dhéanamh i mbalún timpeall an domhain.
mheán medium
" Tá forbairt leanúnach á déanamh ar theicneolaíocht mheán na fuaime agus dúshlán a bheidh ann a dhul i ngleic leis seo.
mheán cumarsáide scríofa written communication medium
" Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe? Duine ar bith a bhfuil cumas áirithe Gaeilge aige agus atá ag iarraidh eolas a chur ar rialacha gramadaí na Gaeilge ar an ábhar go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge, ag teagasc na Gaeilge nó ag baint úsáide aisti mar mheán cumarsáide scríofa.
Ar an mheán on average
" Beo!: Cén chaoi a raibh caighdeán na múinteoireachta agus tú ag freastal ar chúrsaí Gaeilge? AH: Ar an mheán bhí an caighdeán ceart go leor ós rud é gur institiúidí proifisiúnta iad na háiteanna ar fad a ndearna mé cúrsaí Gaeilge iontu.
ar an meán on average
" Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
maoinithe ag úinéirí na meán financed by media owners
" Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues," a dúirt sé le *Beo!* Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air.
na meáin chlóite the print media
" Anuas air sin, ós rud é go bhfuil achtanna againn a leagann síos rialacha faoi iriseoireacht chraoltóireachta, cén fáth nach mbeadh a leithéid i bhfeidhm freisin maidir leis na meáin chlóite? Cúis eile nach n-oibreodh féinmhonatóireacht is ea a dheacra is a bheadh sé í a chur i bhfeidhm ar an líon mór nuachtán ón mBreatain a dhíoltar anseo.
ar an meán on average
meáin media
" Bhí meascán de smaointe agus meáin le feiceáil i saothar an cheathrair ealaíontóirí a bhí ar an ghearrliosta, idir innill aisteacha, sceitseanna, léaráidí, scríbhneoireacht (Keith Tyson); imsuiteáil fiseáin ag léiriú Canary Wharf faoi cheo agus ag eitilt thart ag amharc anuas ar Londain (Catherine Yass).
sna meáin in the media
" D'fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann.
na meáin chlóite the print media
" Chomh maith le hobair a dhéanamh leis na meáin chlóite, thug sé faoi obair raidió roinnt blianta ó shin fosta.
na meán the media
" B'fhéidir gur teist é sin ann féin ar an bhfear agus ar an gcaoi nach bhfuil ag éirí leis aird an phobail agus na meán a tharraingt air féin.
mar mheán caidrimh as a medium of communication
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt don nGaeilge mar ábhar léinn, mar mheán caidrimh, mar mheán teagaisc agus mar mheán taighde ar champas Ollscoil Luimnigh.
na meán the media
" " Shíl mé gur duine de chuid na meán a bhí ann, agus é ag caint faoi *coup-d'état *thar sáile, nó rud éigin mar sin.
meán medium
" Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur chun spás a dhéanamh do lucht na meán cumarsáide a rinneadh an taipéis a chlúdach, nach raibh cinsireacht i gceist.
do lucht na meán cumarsáide for the media people
" Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur chun spás a dhéanamh do lucht na meán cumarsáide a rinneadh an taipéis a chlúdach, nach raibh cinsireacht i gceist.
trí mheán an idirlín through the medium of the Internet
" net nuair a bhunaigh sibh é? Ranganna Gaeilge labhartha a chur ar fáil trí mheán an idirlín a thabharfadh cabhair do dhaltaí ar fud an domhain chun an Ghaeilge a labhairt, agus san am céanna an ceangal a dhéanamh idir na foghlaimeoirí agus lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht i slí is go bhfaigheadh siad spreagadh chun leanúint ar aghaidh á labhairt agus á tabhairt dá gclann.
na meán nua the new media
" Le cuidiú na meán nua tá muid ábalta sceideal ár gcúrsaí a dháileadh ar fud na tíre.
na meáin the media
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
aird na meán cumarsáide the media's attention
" "An mbeidh Bolton Wanderers sa Premiership an séasúr seo chugainn?" - b'in an phríomhchúis go raibh aird na meán cumarsáide dírithe ar an bhaile seo i Lanchashire, go dtí an lá deireanach de mhí an Aibreáin nuair a scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair go moch ar maidin.
na meáin chumarsáide the media
" Ach anuraidh, den chéad uair riamh, thosaigh na meáin chumarsáide ag gearán faoin chostas seo.
meán idirnáisiúnta international medium
" Is meán idirnáisiúnta é an t-idirlíon, ach ní dhéanann an siopa nua ceoil seo ach béim a chur ar theorainneacha réigiúnacha.
is a mhaíonn na meáin chumarsáide as the media claims
" Ach cad é a dhéanfas na Donaldsonistas? Measann daoine áirithe nach bhfuil Donaldson chomh láidir sin in éadan an Chomhaontaithe is a mhaíonn na meáin chumarsáide.
meáin media
" Dá bhrí sin, san am atá i láthair níl ionadaíocht ar bith ag na teangacha Ceilteacha i meáin ilchultúrtha na hAstráile.
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta to promote the language through drama
" Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
cúig uaire níos minice ná an meán five times more often that the average
" Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí cúig uaire níos minice ná an meán d'fhógraíocht ar líne.
na meáin the media
" Chomh luath agus a dhéantar leasú ar na dlíthe leabhail is lú cúis a bheidh ag na meáin a bheith chomh cúramach faoina bhfoilsíonn agus faoina ndeir siad.
aird na meán the media's attention
" Cé gur ar an raic faoi tháillí bruscair i mBaile Átha Cliath is mó a bhí aird na meán le tamall anuas, tá an scéal seacht n-uaire níos measa taobh amuigh den chathair sin ná mar a thuigeann daoine go fóill.
go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin that the media commentators were wrong
" Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d'uireasa an *dual mandate*.
meáin media
" Dá bhrí sin, san am atá i láthair níl ionadaíocht ar bith ag na teangacha Ceilteacha i meáin ilchultúrtha na hAstráile.
na meáin the media
" Nuair a bhí sé thart labhair cuid acu leis na meáin ar chéimeanna theach na cúirte.
meáin chumarsáide media
" Bhí bliain mhaith ag na meáin chumarsáide Gaeilge chomh maith.
ar an mheán on average
" 5 pointe ar an mheán a aimsiú i ngach cluiche thar cúig shéasúr déag, agus bronnadh áit ar fhoireann réaltaí an NBA air naoi n-uaire.
na meáin chumarsáide the media
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
na meáin the media
" Bailíodh suas le $30,000 ar fad do chuid mac óg Kelly, de réir an cholúnaí a scríobhann faoi na meáin sa *New York Post*, Keith Kelly.
gnéasteachtaireachtaí na meán sexual media messaging
" Lena chois sin, ní raibh mórán teagmhála ag an aos óg leis an rud a dtugann Benson "gnéasteachtaireachtaí na meán" air - pictiúir, liricí amhrán, scannáin, cláracha teilifíse agus mar sin de ina bhfuil íomhánna láidre gnéasacha.
na meáin chumarsáide eachtrannacha the foreign media
" Tráthnóna Dé Sathairn, an oíche roimh an olltoghchán féin, ghlac rialtas an Partido Popular den chéad uair leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin.
meáin media
" Cá raibh an caoineadh is an t-olagón? Is ar éigean go raibh trácht ar bith i meáin na hAstráile ná i bhformhór mheáin an domhain ar an líon a bhí á marú gach lá.
na meáin chumarsáide the media
" Tagraíonn sé do na meáin chumarsáide trí Ghaeilge a bhfuil ag éirí go maith leo.
ar an meán on average
" Sa CLG meastar go gcosnaíonn sé €700 ar an meán chun foireann amháin a chur faoi árachas ar feadh bliana agus meastar go bhfuil costas de €450 ar gach foireann sacair in Éirinn (tá sé seo níos ísle toisc go bhfuil níos lú imreoirí ar fhoireann sacair, is dócha).
ar an meán on average
" Ed anseo, ar an meán, i bhfad níos airde ná caighdeán an ghnáthmhic léinn BA in aon cheann des na coláistí ar fud na tíre.
sna meáin in the media
" Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
meán a sholáthar to provide a medium
" I gcás na Gaeilge, mar sin, is é aidhm thionscadal na Gluaise Pobail ná an téarmaíocht seo a roinnt le pobal na Gaeilge agus meán a sholáthar chun gur féidir leis an gcomhluadar sin tuairimí a nochtadh ar an téarmaíocht agus ar a húsáid.
na meáin the media
" *Carl Andre's Equivalent *8 an t-ainm atá orthu nó, mar a thug na meáin go feargach ar an saothar ag an am, "The pile of bricks".
na meáin the media
" Robálaí agus cladhaire ======= Le déanaí, in agallamh leis na meáin sa Bhreatain, dúirt ball d'fhoireann Stephens atá in Éirinn ag fiosrú claonpháirteachais sa Tuaisceart, an tArd-Cheannfort Richard Turner, gur "robálaí agus cladhaire" é Kevin Fulton agus nach bhfuil sé iontaofa.
sna meáin náisiúnta go léir in all the national media
" Pléitear é seo sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad.
éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear the political uncertainty in the Middle East
" Ag scríobh dó sa *Financial Times*, dúirt an t-iriseoir Martin Wolf gur chóir dúinn a bheith an-neirbhíseach faoin éiginnteacht pholaitiúil sa Meán-Oirthear.
na meáin chumarsáide the media
" Tá an-suim ag na meáin chumarsáide Eorpacha agus Mheiriceánacha sna hathruithe atá ag tarlú sa tSín leis na blianta beaga anuas.
trí mheán an damhsa through the medium of dance
" Tá cur síos ina fhíseán siúd, *Un Ballo in Maschera (A Masked Ball)*, ar "fheallmharú an Rí Gustav II trí mheán an damhsa.
sorcas na meán cumarsáide the media circus
" Bearna tuisceana ======= Tá "sorcas na meán cumarsáide" imithe as Walton anois, buíochas le Dia, agus níl an spotsolas orainn níos mó.
meáin Ghaeilge Irish language media
" Is liosta le háireamh é de dhaoine atá chun tosaigh sna meáin Ghaeilge nó i saol na Gaeilge, ina measc, Seosamh Ó Cuaig, comhairleoir faoi láthair de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ball d'Údarás na Gaeltachta; Máirtín Ó Ciardha, ceannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta; Michael Lally, an té atá i gceannas na nuachta i TG4.
na meáin chumarsáide the media
" Tá an t-eolas go léir ann - na leabhair, na seimineáir, na meáin chumarsáide.
na meáin the media
" Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.
trí mheán na hIodáilise through the medium of Italian
" Bhuel, le cúpla mí anuas anois tá mé ag iarraidh na rudaí sin uilig a dhéanamh trí mheán na hIodáilise.
trí mheán an idirlín through the medium of the internet
" Ar an dóigh chéanna, ba cheart go mbeadh duine i Lyon na Fraince in ann a theacht trí mheán an idirlín ar an eolas gurbh ionann bunús ainm a bhaile dúchais féin agus an t-ainm Dún Lúiche i dTír Chonaill.
trí mheán an Bhéarla through the medium of English
" Cé gur bhain siad seo leis an nGaeilge ach go háirithe, foilsíodh iad trí mheán an Bhéarla den chuid is mó.
na meáin chlóite Ghaeilge the Irish language print media
" Ach, ardaíonn sin ceist shuimiúil - an dóigh leis go bhfuil na meáin chlóite Ghaeilge an iomarca faoi scáth dheontais an Fhoras agus an rud sláintiúil é sin d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge? “Níl mé lánchinnte faoi sin,” a deir sé.
na meáin chumarsáide the media
" In ainneoin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne, rinne na meáin chumarsáide ionsaí fíochmhar air agus b’éigean dó na figiúir a ghlanadh amach.
na meáin chumarsáide áitiúil the local media
" Ní bheadh suim ag na meáin chumarsáide áitiúil i gcás mar seo, ar ndóigh.
sna meáin in the media
" Ceann de na scéalta móra sna meáin san Astráil le coicís, baineann sé le “naonúr Bali” mar a thugtar orthu – naonúr as an Astráil a gabhadh i mBali agus a bhfuil sé curtha ina leith go raibh baint acu le hearóin a thabhairt as Bali go dtí an Astráil.
ar fud na meán all over the media
" Ní raibh a fhios ag cuid acu go raibh pionós báis ag baint le drugaí san Indinéis, in ainneoin cás eile faoi bhean as Brisbane, Schapelle Corby, atá ar a triail i mBali, bheith ar fud na meán le dhá mhí.
ar na meáin náisiúnta on the national media
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
mheáin media
" " Mar sin féin, glacann Donncha leis go bhfuil borradh faoi mheáin na Gaeilge nach raibh ann riamh cheana.
ar na meáin náisiúnta on the national media
" ” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair.
meáin media
" Rinne siad staidéar ginearálta ar na meáin chomh maith.
na meáin the media
" Nuair a gearradh téarma 20 bliain uirthi, ní raibh sé i bhfad go raibh na meáin ag gríosú na ndaoine agus ba léir gur dearcadh ciníoch ba bhunús le cuid mhaith de na tuairimí a bhí le cloisteáil.
go súfaidh na meáin chuile dheoir that the media will suck every drop
" Is cinnte go súfaidh na meáin chuile dheoir as an scéal sin.
meán medium
" Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach.
an ghrianghrafadóireacht mar mheán photography as a medium
" Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol.
mheán seanbhunaithe a long-established medium
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
meáin eile chumarsáide other media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
na meáin chraolta the broadcast media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
an ghrianghrafadóireacht mar mheán photography as a medium
" Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol.
mheán seanbhunaithe a long-established medium
" Is rud maith é sin, gan amhras, ach an gcaillfidh muid rud ar bith má éiríonn muid as na seanmhodhanna traidisiúnta le pictiúir a thógáil? “Caithfidh daoine amharc air mar mheán nua taobh istigh de mheán seanbhunaithe.
na meáin chumarsáide the media
" Le linn na féile, beidh dráma ar siúl dhá uair sa lá go hiondúil agus is páistí a bhfuil Gaeilge agus taithí mhaith acu ar an stáitse agus ar na meáin chumarsáide a bheas páirteach iontu.
impí ar na meáin to beseech the media
" B’éigean d’aturnae Dolores, David Sweeney, impí ar na meáin “spás” a thabhairt di - agus rinne siad amhlaidh.
meáin Bhéarla English language media
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
meáin eile chumarsáide other media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
na meáin chraolta the broadcast media
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
ag tarraingt ar mheán oíche approaching midnight
" Trí huaire an chloig a ghlac Corn Uí Riada anuraidh ach i gCaisleán an Bharraigh (sa bhliain 2000) bhí sé ag tarraingt ar mheán oíche nuair a bronnadh an Corn.
ar an mheán on average
" In Éirinn, áfach, meastar go mbíonn 95% de na leapacha líonta ar an mheán gach lá.
sna meáin in the media
" Tháinig PVL chun cinn sna meáin mí Bealtaine seo caite, nuair a bhásaigh saighdiúir go tobann sa Bhreatain.