Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sna meánaoiseanna in the middle ages
" Le linn mo chuid siúil bhí neart ama agam le smaoineamh ar chruatan shaol na ndaoine úd a shiúil an camino sna meánaoiseanna.
litríocht na meánaoiseanna the literature of the middle ages
" Ba cheart do na hollúna rudaí mar sin a chur chun tosaigh, chomh maith le nualitríocht agus litríocht na meánaoiseanna.
ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna one of the most important countries in the middle ages
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
meánaoiseanna middle ages
" Tá damhsa traidisiúnta ag na Faróigh, damhsa a tháinig anuas ó na meánaoiseanna, agus a bhfuil an amhránaíocht fite fuaite tríd.
sna meánaoiseanna in the middle ages
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
na meánaoiseanna the middle ages
" Taobh istigh, tá iarsmaí le fáil de dhá bhalla cathrach atá níos sine; thóg na Rómhánaigh an chéad cheann agus baineann an dara ceann leis na meánaoiseanna.
faoi na meánaoiseanna by the middle ages
" Ba phort mór trádála é Aberteifi faoi na meánaoiseanna.
na Meánaoiseanna the Middle Ages
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
Níos moille sna meánaoiseanna later in the Middle Ages
" Níos moille sna meánaoiseanna, fuair an chlann Éireannach Mag Aonasa seilbh ar an chaisleán agus chuir siadsan leis na daingnithe.
meánaoiseanna, middle ages,
" Sna meánaoiseanna, bhí Easpag Earra-Ghàidheail lonnaithe anseo agus tógadh ardeaglais ag an am.
sna meánaoiseanna, in the middle ages,
" Ansin sna meánaoiseanna, tháinig rath ar an oileán faoi choimirce Thiarnaí na nÓileán, a rinne suíomh ollmhór oilithreachta de.
ó fhinscéal ag oilithrigh na meánaoise. from a legend that medieval pilgrims had.
" Fuair an fhoinse a hainm ó fhinscéal ag oilithrigh na meánaoise.
na meánaoiseanna the middle ages
" Ó na meánaoiseanna ar aghaidh, bhí an talamh uilig faoi sheilbh tiarnaí talún móra.
músaem speisialta na Meánaoiseanna the special Medieval museum
" Is dócha gurb é an rud is áille sa taobh seo tíre, ámh, ná “Na Clabhstraí”, músaem speisialta na Meánaoiseanna ar leis an Metropolitan Museum é.
na meánaoiseanna the middle ages
" Bhíodh Julian’s Bowers in úsáid ag daoine áitiúla chomh fada siar leis na meánaoiseanna agus creidtear go raibh lúbra eile ann sa cheantar céanna.
meánaoiseanna, middle ages,
" Sna meánaoiseanna, théadh oilithrigh trí Chromba ar a mbealach go scrín Naomh Dubhthaich i mBaile Dhubhthaich.
sna Meánaoiseanna, in the Middle-Ages
" Bhí an Tibéid faoi smacht na Lámaí cosúil le hEoraip sna Meánaoiseanna, dar le húdar amháin, an Dr AL Waddell, a scríobh leabhar faoi stair na tíre.
an Mheánaois. the middle ages
" Is oilithreacht í seo, a théann siar go dtí an Mheánaois.
le linn na meánaoise during the middle ages
" Tá stair dhorcha ag baint leis na boghtaí seo – rinneadh go leor turgnaimh leighis iontu le linn na meánaoise.
Mheánaois Middle Ages
" Tá scabhait agus sráideanna beaga ann le tithe beaga adhmaid as an Mheánaois ann go fóill, agus tá cuid mhaith de na foirgnimh níos nua-aimseartha tógtha le hadhmad agus péinteáilte le dathanna príomhúla geala.
Meánaoise Middle Age(s)
" An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú? Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
Meánaoise Middle Ages
" Is ann atá an caisleán a bhíodh ag an rí, ar iarsmalann anois é, agus is timpeall ar an gcaisleán seo a d’fhás an baile a bhfuil leagan amach na Meánaoise air, idir shráideanna cúnga agus thithe arda caola.
mheánaois Middle Ages
" Taipéis an tSaoil ====== Rugadh i bPáras í, Lá Nollag 1911, do theaghlach meánaicmeach a dhéanadh athchóiriú ar thaipéisí ón mheánaois agus ón Athbheochan.
meánaoise Middle Ages
" Tá an ceantar Trastevere, ar an taobh theas den Vatacáin agus é líonta le sráideanna duirleogacha agus tithe meánaoise.
Mheánaois Middle Ages
" Ba nós le daoine i dtíortha uile na hEorpa sa Mheánaois féasta a chaitheamh ar oíche na féile chun buíochas a ghabháil le Dia tar éis dóibh an Fómhar a thabhairt isteach.
deireadh na meánaoise the end of the Middle Ages
" Ach in ainneoin na rialacha nua a cuireadh ar phár sa Róimh, ba bheag an t-athrú a tháinig ar nósanna na cléire ar fud na hEorpa go deireadh na meánaoise.
aigne na Meánaoise the mind of the Middle Ages
" Tugann an taispeántas Ciste na bhFlaitheas, atá ar siúl in Iarsmalann na Breataine i Londain faoi láthair, léargas uathúil dúinn ar aigne na Meánaoise chomh maith leis an ghaol ar leith a bhíodh ag daoine san am sin le taisí naomh agus mairtíreach.
mheánaois Middle Ages
" Ba é an baile an t-aon dún a bhí ag na Sasanaigh lastuaidh den Pháil sa mheánaois; b'ann a tháinig an Rí Liam i dtír i 1690, tráth ar thábhachtaí é ná Béal Feirste; agus bhí an caisleán mar dhaingean ar feadh 150 bliain.
meánaois average age
" Ach de réir taighde ó Entertainment Software Association an Mheiriceá, is é 37 meánaois imreoirí cluichí agus tá 42% díobh baineann.
Mheánaois Middle Ages
a bhfuil blas na meánaoise air which has a medieval taste to it
" ” ‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
go háirithe sa mheánaois particularly in the Middle Ages
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.