Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meánaoiseacha medieval
" Más maith leat bheith amuigh faoin spéir in aice leis an fharraige, nó má tá suim agat sa réamhstair, i stair na gCeilteach nó sa bhéaloideas, nó más maith leat pancóga a ithe i mbailte meánaoiseacha, ba cheart go mbeifeá sásta seachtain nó dhó a chaitheamh anseo.
caisleán meánaoiseach medieval castle
" Chuaigh muid go dtí seanráth Ceilteach agus caisleán meánaoiseach freisin, agus Isabel Bennett mar threoraí againn.
hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach classical medieval architecture
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
sa chultúr meánaoiseach in the culture of the middle ages
" Mar sin, ar chúiseanna síceolaíocha chomh maith le cúiseanna stairiúla, ní theastaíonn ó chuid mhaith Seiceach smaoineamh ar an tréimhse sin anois, agus is láidre ar fad a spéis sa chultúr meánaoiseach agus níos faide siar.
sciortaí meánaoiseacha medieval skirts
" I rith an lae, bhí grúpaí beaga de chailíní feicthe agam, agus iad gléasta suas i sciortaí meánaoiseacha, ag canadh amhrán traidisiúnta, *"Cé qu'è l'ainô"* (An té atá sna hArda).
na foirgnimh mheánaoiseacha the medieval buildings
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
na sráideanna plódaithe meánaoiseacha the packed medieval streets
" Is féidir a shamhlú go héasca go bhfuil tú i ndiaidh dul siar in am agus tú ag siúl na sráideanna plódaithe meánaoiseacha thíos faoin *Campanile* (cloigtheach) grástúil a rinne Giotto a dhearadh sa 13ú haois agus an chruinneog chreathach a thóg Brunelleschi don *Duomo,* an ardeaglais mhaorga atá suite go bródúil i gcroílár na cathrach.
den ailtireacht mheánaoiseach of medieval architecture
" An Barri Gotic Is ar an taobh thoir de Las Ramblas atá sráideanna cúnga lúbacha an Barri Gotic agus iad lán de shamplaí taibhseacha den ailtireacht mheánaoiseach, go háirithe ón 14ú agus 15ú céad.
dhá phálás mheánaoiseacha two medieval palaces
" Museu Picasso Ag tú ag siúl leat sa Barri tiocfaidh tú ar La Ribera, an ceantar ina bhfuil *Museu Picasso* suite in dhá phálás mheánaoiseacha.
geata meánaoiseach medieval gate
" In aice leis an ionad, tá geata meánaoiseach a bhíodh ina bhealach isteach go dtí an suíomh eaglasta.
luscaí meánaoiseacha atógtha reconstructed medieval crypts
" Níl ach luscaí meánaoiseacha atógtha ar an taobh sin anois.
an tseanchathair mheánaoiseach the old medieval city
" Gleann domhain glas atá sna gairdíní sin, idir an tseanchathair mheánaoiseach ar chnoc géar ar thaobh amháin agus an “chathair nua” a tógadh san 18ú haois ar an taobh eile.
na seanfhoirgnimh mheánaoiseacha the old medieval buildings
" Téann na mílte turasóir ansin le cuairt a thabhairt ar na seanfhoirgnimh mheánaoiseacha agus ar na tránna fada gainmheacha.
ar nós na meánaoiseach. like the medieval people.
" Cinneadh déanta agam, áfach, an bealach ar fad a chur díom de shiúl na gcos agus mo chuid ‘earraí agus airnéise’ a iompar ar mo dhroim go Deireadh an Domhain ar nós na meánaoiseach.
lúbra meánaoiseach, medieval maze,
" Tá saol úr sa 21 haois geallta don lúbra meánaoiseach, Julian’s Bowers i Lincolnshire Shasana, i ndiaidh iarrachtaí dúthrachtacha caomhantóirí comhshaoil leis an lúbra a shábháil agus a atógáil.
stuara siamsaíochta meánaoiseach a medieval amusement arcade
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
chearnóg mheánaoiseach medival square
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
beag slachtmhar meánaoiseach small, tidy, middle-age
" Baile beag slachtmhar meánaoiseach sna cnoic é Chiraqui.
sa modh meánaoiseach in the style of the middle ages
" Baisleac Bhisaintíneach sa modh meánaoiseach a bhí ann ar a ndearnadh athchóiriú in imeacht na mblianta.