Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meabhrú reflect
" Ní miste meabhrú seal ar an Life, nó ('Anna Livia' <) 'abha in Lifi' mar a tugadh air, abhainn na príomhchathrach.
Mheabhródh sé it would remind you of
" Mheabhródh sé Clog an Aingil duit ar shlí.
a mheabhrú dúinn féin to remind ourselves
" Cad is carraig ann? Cad is cloch ann? Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin.
meabhraítear domh I'm reminded
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
ag meabhrú reflecting
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
ag meabhrú reflecting
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
ag meabhrú thinking
" Thuig sé láithreach an t-aon phíosa nuachta a shásódh Ó Doornail: agallamh eisiach le Sodom Ó hOisín i mBagdad! Agus thuig sé an dóigh le é a fháil: bréagriocht a chur air féin! Ach cén bréagriocht? Chuaigh sé ag meabhrú os cionn na tine - tine gháis - nó bhí an mhóin ar fad ite aige le teann imní.
Meabhróidh poblachtánaigh duit republicans will remind you
" Comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
mheabhraigh mé air seo I reflected on this
" Ní raibh mé ag iarraidh smaoineamh ar dhánta ar leith ach ar a shaol taobh istigh dá chloigeann agus mheabhraigh mé air seo ar feadh na míonna.
le meabhrú ar an bhealach chun cinn to think about the way ahead
" Bhí leathbhliain acu le meabhrú ar an bhealach chun cinn - ná teipeadh orthu arís.
ag meabhrú dó féin thinking to himself
" Choinnigh sé ag breathnú uirthi, ag meabhrú dó féin.
a mheabhraítear dom that I'm reminded of
" D'fhéadfá a rá gur gabha focal atá san fhear seo, rud a mheabhraítear dom an-mhinic le linn an agallaimh.
a mheabhródh ainmhí dúinn which would remind us of an animal
" Duine é a d'fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí sé ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, nó a bheadh i bpianaigh, nó an dá rud.
meabhrú ar reflect on
" Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig.
ag meabhrú reflecting on
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
ag meabhrú reflecting on
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
meabhrú ar think about
" Na réaltachtaí úra ======= Tá am de dhíth le go dtig le gach duine meabhrú ar na réaltachtaí úra.
ag meabhrú ar reflecting on
" Feachtas geimhridh a bhí ann fosta, rud a chuir iriseoirí míshásta ar leith nach raibh dúil acu san aimsir chrua ag meabhrú ar ar tharla do Bonaparte mí-ámharach ar an ród go Moscó dhá chéad bliain ó shin.
meabhrú laethúil daily reminder
" Tá fáinne eochrach an tseomra fós agam, meabhrú laethúil ó shin dom ar na huafáis a chonaiceamar, uafáis nach n-oireann focla dóibh.
ag meabhrú ar reflecting on
" B’fhéidir go spreagtar mothúcháin dhoimhne ionainn agus muid ag amharc ar shaothar tochtmhar péintéireachta &ndash; smaoinigh, mar shampla, ar an tslí a gcuireann saothar Philip Rothko fonn machnaimh ort agus tú ag meabhrú ar na dathanna fíneálta a úsáideann sé.
ag meabhrú reflecting
" B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
meabhraíonn Tadhg dom Tadhg reminds me
" Agus é ag caint ar an gceol, meabhraíonn Tadhg dom gurb as Maigh Eo a tháinig go leor de na hamhráin thraidisiúnta a bhíonn le cloisteáil thart ar Chonamara.
an té a mheabhraíonn ar na pictiúir seo, the person who reflects on these pictures,
" An duine a léiriú ón taobh istigh, b’in a theastaigh uaidh a dhéanamh, agus an té a mheabhraíonn ar na pictiúir seo, cuireann sé aithne ar dhaoine ina gcáilíocht féin, idir a mbuntréithe marthanacha agus a mianta díomuana.
a mheabhraigh Balor dó. Balor reminded him.
" ” “Ach, a Thaoisigh, tá muid ag caint faoi Bhaile Átha Cliath,” a mheabhraigh Balor dó.
Ní dhéanfaidh tú dearmad bodóg Pheaitín Rua a mheabhrú di? You won't forget to remind her of Peaitín Rua's heifer?
" *) Ní dhéanfaidh tú dearmad bodóg Pheaitín Rua a mheabhrú di? Mary: Ní dhéanfaidh.
ag meabhrú ar thinking of
" Tagann tocht ort agus tú i do sheasamh i lár na heaglaise, foirgneamh a bhí mar fhinné ar an lá millteanach sin, ag meabhrú ar an chuma a bhí ar an bhaile sular leagadh é agus an saol a bhí ag daoine sular tháinig an t-ollscrios.
meabhraíonn sé dúinn he reminds us
" Tá seisean spíonta leis agus meabhraíonn sé dúinn nach raibh muid chun a bheith ródháiríre! Ceithre huaire an chloig codlata romhainn.
ag meabhrú reflecting
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
ag meabhrú ar thinking about
" Murach gur chuir sé deireadh le stailc ocrais 1980, an bhfaigheadh deichniúr eile bás i 1981? Ghoill an smaoineamh sin go mór air go lá a bháis agus é ag meabhrú ar na “cultacha Armani” i Stormont agus ag cur ceiste air féin arbh fhiú an braon fola é.
meabhraítear duit you are reminded
" Nuair a chuireann tú ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach, meabhraítear duit go bhfuair an Ginideach bás sa Mhanainnis i bhfad ó shin agus nach gá é a thuilleadh (ní mhaireann sé ach sna logainmneacha).
meabhróidh sé duit it would remind you
" Tugann an caisleán lárionad mórthaibhseach don chathair, agus meabhróidh sé duit an stair fhada, chasta atá ag an gcathair agus ag an tír seo.
ag meabhrú dúinn to remind us
" B’fhéidir go raibh sé sin ag meabhrú dúinn gur ar oilithreacht a bhí muid! Lá 5 &ndash; Dé Sathairn: ó Ciraqui go dtí Villa Mayor de Monjardin &ndash; 21.
meabhrú apondering
" Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
mheabhrú remind
" Cothrom an ama seo, chor a bheith seachtó bliain ó shin, chuir de Valera, a bhí ina Thaoiseach ag an am, peann le pár lena mheabhrú don Státseirbhís a thábhachtaí is a bhí cur chun cinn na Gaeilge.
mheabhrú remind
" Sula ndéanann tú beag-is-fiú de seo, ba cheart a mheabhrú duit nach bhfuil oiread is post amháin i Meiriceá a mbaineann gradam níos airde leis.
ag meabhrú reminding
" Rinneadh an fhógairt a athchraoladh ceithre lá ina dhiaidh sin, ar an 22 Meitheamh, agus cuireadh póstaeir ar crochadh in áiteanna éagsúla sa Fhrainc ag meabhrú don phobal: La France a perdu une bataille! Mais la France n’a pas perdu la Guerre.
mheabhraigh figured
" Caitheadh amhras ar iontaofacht an phictiúir roimhe seo, 34 bliain ó shin nuair a mheabhraigh Philip Kingsley ina leabhar, The First Casualty, gur chuidigh saighdiúirí poblachtacha leis an pictiúr a chruthú nuair a bhí siad i bhfad ar shiúl ón chath.
mheabhraigh considered
" D’fhógair Mahatma Ghandí gur mhéadaigh a anam in ómós don Chruthaitheoir, nuair a mheabhraigh sé ar áilleacht luí na gréine nó na gealaí.
meabhrú thinking
" Is annamh a scríobhaim féin ar leabhar ach nuair a fhaighim leabhar áthláimhe cuireann sé ag meabhrú mé má fheicim rud éigin scríofa air, ainm duine nó seoladh, nó nóta beag b'fhéidir.
Meabhrú na soineantachta a symbol of innocence
" Meabhrú na soineantachta, ach náiriú poiblí san am céanna.
Mheabhródh would remind
" Mheabhródh an tuairisc íogair seo a leanas le hoifigeach in arm Shasana, an Captaen Robert Daniell, faoina thaithí sa Ghearmáin, go leor eachtraí de chuid na hÉireann do dhuine: ‘*There were at least 3,000 inmates still just alive.
ag meabhrú thinking
" Bhí an Nollaig thart agus bhí Balor an Bromaire Bocht Breoite ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bheag bhrocach.
Meabhraíonn reminds
" Meabhraíonn na focail seo dúinn ar ndóigh nach bhfuil an iománaíocht éagosúil ar fad le cath, go háirithe i súile an té atá ag feiceáil chluiche iománaíochta don chéad uair! Is é an tionchar is mó a bheas ag an riail nua, murab ionann agus an staid a bhí ann go nuige seo, nach mbeidh aon rogha feasta ag an iománaí sinsir maidir le clogad a chaitheamh.
meabhródh remind
" Breith an Bhoird SMM: I bhfianaise bhreith an Bhoird Phleanála sa chomharsain anseo, an meabhródh sé sin duit rud a tharla in iarthar Chorcaí i bhfad siar MÓS: An Betelgeuse! SMM: Sea, an Betelgeuse, agus an dream Briotánach is Éireannach, foireann na Betelgeuse a cailleadh le taobh na sprioclainne ag Faoide.
mheabhraigh reminds
" Tá an ga sea ar Ghaeltacht Mhaigh Eo mar a mheabhraigh Máirtín Mac Donncha, fear Raidió na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh, dúinn cúpla bliain ó shin.
mheabhraigh reminded
" In eagarfhocal dar teideal “*The Case for Toppling Saddam*” sa Wall Street Journal ar an 20 Meán Fómhair, 2002, mheabhraigh sé nach ndearna na tíortha daonlathacha rud ar bith le Hitler a stopadh in am.
Meabhraíonn reminds
" Meabhraíonn seanfhocal an méid sin dúinn: maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir.
Mheabhraigh reminded
" Mheabhraigh an tAire Airgeadais , Cothroime Ní Inscne, T.
Meabhraítear are reminded
" Meabhraítear do phobal na Fraince go bhfuil ar rialtais i dtíortha éagsúla leasuithe ar an gcóras pinsin a chur i bhfeidhm.
Mheabhraigh reminded
" Gníomhaíocht na Roinne P & T ================= “Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain.
chuaigh ag meabhrú got to pondering
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
mheabhródh duit would remind one
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
Meabhraíonn reminds (me)
" Meabhraíonn an toghchán atá ar ghort an bhaile na focail “cathaoireacha deice” agus Titanic dom.
chun meabhrú to remind
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
Mheabhraigh an maíomh seo dom this claim reminded me
" Mheabhraigh an maíomh seo dom an sainmhíniú a thug an Dochtúir Samuel Johnson ar thírghrá: *“the last refuge of the scoundrel”*! B’fhearr le lucht na meaisíní go leanfaí ar aghaidh leis an gcóras *self-exclusion*, nó féintoirmeasc, atá i bhfeidhm acu le tamall anuas.
meabhraíodh dom I was reminded
" A luaithe is a shroich muid cathair Shingeapór, meabhraíodh dom tuairim Bhreandáin Uí Eithir ar ghlaine na hEilvéise: “Tá teoiric agam, cé nach bhfuil ann ach teoiric, go mbíonn meitheal mhór oibrithe amuigh ar feadh na hoíche ag scuabadh, ag bearradh agus ag níochán na tíre.
a mheabhrú don phobal to point out to the public
" Ach d’fhéadfadh an comóradh seo níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh don Lucht Oibre ar an gcúis seo: tabharfaidh sé neart deise do Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach, Richard Boyd Barrett ón gComhghualaíocht Aontaithe ar Chlé agus do Gerry Adams ó Shinn Féin a mheabhrú don phobal gur mór an difríocht idir an leagan amach atá ag an Lucht Oibre i 2012 faoi cheannas Gilmore agus Burton agus an leagan amach a bhí ag an bpáirtí a bhunaigh Connolly agus Larkin.
mheabhraigh reminded
" Bheadh an baol ann fosta gur sciath cosanta a bheadh i bpróiseas rúnda do naimhde na teanga a bheadh ag iarraidh creimeadh faoi choim a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas, mar a mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dúinn: “Níor cheart cosaint na rúndachta nó an dorchadais a thabhairt dóibh siúd a bheith in aghaidh chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
mheabhraigh siad they reminded us
" Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós *The Estate* agus *The Scheme*.
Meabhraíonn an t-údar the author considers
" Meabhraíonn an t-údar Dave Duggan ar an mhéid a tharlaíonn nuair a thiteann saol duine as a chéile ina leabhar nua, *A Sudden Sun*.
Meabhraíonn sí an tionchar she ponders on the effect
" Meabhraíonn sí an tionchar a bhíonn ag na hathruithe seo uirthi nuair a deir sí: *‘They are the means by which I recover my life, the extinguishers I use to quell the fires in me and the bricks from which I use to build a future.
meabhróidh siad they’ll consider the fact
" I measc na gCaitliceach, meabhróidh siad go bhfuil siad ar ais chuig na seanlaethanta réamh-Thrioblóide nuair a fuair tú teach bunaithe ar an chreideamh a bhí agat - Protastúnach.
Meabhraím ar I ponder on
" Meabhraím ar na chéad daoine a leag cos sa taobh seo agus ar chuir a áilleacht faoi dhraíocht iad an oiread sin gur fhan siad ann agus thóg clann ann.
Mheabhraigh mé siar is aniar faoi I played with it in my mind
" Mheabhraigh mé siar is aniar faoi ar feadh míosa agus bheartaigh mé go ndéanfainn cúrsa trí mhí.
meabhrú ar to ponder
" ”* Thug Robinson cuireadh dúinn meabhrú ar an cheist, ar thug muid iarraidh dáiríre an oighir mheafarach a bhriseadh? Dúirt sí go raibh uirlisí éagsúla in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain mar chuid den cheart idirthréimhseach.
meabhraíodh dom an scrios I was reminded of the destruction
" Ag seoladh go hÍ Cholm Cille níos túisce an samhradh seo, meabhraíodh dom an scrios a deineadh in Éirinn ag béarlú na logainmneacha dúchais.
Mar a mheabhraíonn as (we’re) reminded by
" Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: Tá cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.
meabhraím gur I think that
" “Ní bhíonn an galar dubhach orm ach meabhraím gur mar seo a bheadh sé.
nach meabhródh gné den Fhrainc dom which doesn’t remind me of an aspect of France
" Níl aon ní i mbaile Liège nach meabhródh gné den Fhrainc dom, ach ní cuid den Fhrainc atá ann.
Ag Meabhrú ar an Saol thinking about life
"Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
le bheith ag meabhrú os cionn na tine to thinking at the fire
" D’ith siad agus d’ól siad a sáith agus ba ghairid gur shocraigh an dís síos le bheith ag meabhrú os cionn na tine.
Mheabhródh sé do dhuine it’d remind one of
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu thinking of their lifestyle
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
mheabhródh a shloinne do chách his surname would remind everyone of
" Mark Dreyfus is ainm dó agus mheabhródh a shloinne do chách ceann de na héagóracha is measa riamh, l’affaire Dreyfus mar a thugtar uirthi sa Fhrainc.
nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha when one considers the terrible shooting incidents
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
de fhíseán a mheabhraíonn of video which considers
" Is meascán de ghrianghrafadóireacht, péintéireacht agus de fhíseán a mheabhraíonn Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain.
mheabhraigh mé cad chuige I considered why
" Agus mheabhraigh mé cad chuige nach stopfadh ball de sheirbhís phóilíneachta nuair a bhí ball tofa a pharlaiminte os a chomhair.
Meabhraíonn na huimhreacha ísle the low (sales, listening and viewing) numbers bring to (my) mind
" Meabhraíonn na huimhreacha ísle díolacháin, éisteachta agus féachana dom na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Éamon de Valera breis cláracha Gaeilge a chur ar Raidió Éireann le freastal ar phobal na Gaeltachta.
ag meabhrú dó féin pondering
" Agus é ag siúl siar bhí sé ag meabhrú dó féin agus é ar na cúlbhóithre tuaithe.
mheabhrú dóibh féin to consider to themselves
" Níor mhiste do cheannairí an ASTI a mheabhrú dóibh féin an chomhairle a chuir Mao Tse Tung ar a chuid Ginearál airm uair amháin: ná tarraing troid ort féin nach féidir a bhuachaint.
Mheabhraigh a mbás their deaths reminded one of
" Mheabhraigh a mbás an tine uafásach sin inar cailleadh deichniúr spailpíní as Acaill i gCathair Cheann Tulaich na hAlban i 1937.
níor mhiste a mheabhrú don it’d be no harm to remind the
" Ach níor mhiste a mheabhrú don Chonradh nach ar mhaithe le dlithe na hEorpa a bheith ar fáil i nGaeilge a bhí mise, agus cuid mhaith eile, ag máirseáil i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra agus arís i gConamara ar an 23 Feabhra.
Meabhróidh sé dúinn he’ll remind us
" Meabhróidh sé dúinn arís agus arís eile go dtagann mic léinn go Gleann Cholm Cille as achan chearn den tír agus den domhan.
a mheabhraíonn duit an neart which makes you consider the strenght
" Taispeántas suntasach é seo ó láimh an dealbhóra Eilbhéisigh Giacometti, a mheabhraíonn duit an neart atá i gcolainn an duine de réir mar a bhí sé samhlaithe ag mórealaíontóirí le linn na hAthbheochana, sa Ré Bharócach agus sa Ré Nuachlasaiceach - agus ag figiúirí sprionlaithe truamhéalacha Alberto Giacometti - atá le feiceail i ndánlann álainn an Villa Borghese.
mheabhródh would remind (one)
" Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”.
meabhrú considering
" Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.
ag meabhrú reminding
" Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.
meabhraíonn reminds
" Mura mbíonn an t-am agat le blag a scríobh, meabhraíonn Roseanne Smith duit go mb’fhéidir go dtiocfadh leat a bheith ag taifeadadh i leath an ama le haghaidh podchraoladh.
ag meabhrú considering
" Bhí Ciara Nic Gabhann ag meabhrú ar obair thriúir díobh sin.
Mheabhródh sé it would remind one
" Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.
mheabhraigh reminded
" Chas Kíla ag ceolchoirm i Maigh Nuad le deireanas do Ghaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, ceolchoirm a mheabhraigh Óstán an Burlington sa bhliain 1975 do Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail An tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é féin isteach chucu le muintir na gaelscolaíocht a mhisniú.
mheabhraigh do suggested to
" Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
Mheabhraigh reminded
" Mheabhraigh turas go Seattle do Cholm Ó Snodaigh a shaibhre is a bhíonn fuaim fhíor callairí cearta, hifi agus ceol fuamlainne le hais blaisíní den cheol mar a roinneann an MP3 linn.
meabhraíonn ponders, reflects
" Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.
cathair a mheabhraigh dó a city which reminded him of
" Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
Mheabhraigh cláir stair a history program reminded
" Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.
a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine which allowed him to consider the peoples’ proper essence
" D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
Mheabhraigh reminded
" Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain.
ag meabhrú ar was thinking about
" Bhí Gabriel Rosenstock ag meabhrú ar thábhacht ghuth an duine ar mheanma an duine.