Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meallacach alluring
" Tagann cailín rince amach, spéirbhean, agus deineann damhsa meallacach os a chomhair.
meallacach captivating
" Measctha le chéile, tagann na glórtha le chéile mar cheol meallacach.
meallacach fascinating
" Ní shílfeá go bhféadfadh éadan simplí siopa ag coirnéal Shráid Lafayette agus Shráid White i Manhattan léargas chomh grinn a thabhairt dúinn ar scéal meallacach, tragóideach na nÉireannach a tháinig go Nua-Eabhrac.
go meallacach beguilingly
" Faoi gheasa ======= Ach níor bhain mé deireadh dúile den smaointeoireacht go fóill agus nuair a tchím macasamhail leabhar Miller ag sméideadh anall go meallacach ón tseilf orm ní bhíonn cur suas agam di.
focail mheallacacha beguiling words
" focail mheallacacha ======= Tá Peter Robinson agus a chomhghleacaithe ag baint úsáide as focail mheallacacha - freagracht, daonlathas, éifeachtacht ach, taobh thiar de seo, measann naisiúnaithe gur bac eile ar an bhealach chuig roinnt na cumhachta atá i gceist.
i bhfad níos meallacaí much more attractive
" Tá ceantar Chois Fharraige i bhfad níos meallacaí don chineál seo duine ná mar atá a gceantair dúchais.
ar shlí mheallacach. in an attractive way.
" Tá sé curtha romhainn againn an fhilíocht, an prós, amhránaíocht ar an sean-nós agus imeachtaí ceoil a chur i láthair an phobail ar shlí mheallacach.
meallacach enticing, attractive
" Tá an cnoc íseal (219m) meallacach seo idir Gleann Cholm Cille agus Gleann Malainne agus tá radharc iontach uaidh, le Sliabh a Liag, Ros Eoghain, Reachlainn Uí Bhirn, Cionn Ghlinne agus, ar an lá ghlan, beidh amharc ar chnoic Chontae Mhaigh Eo agat.
meallacach enticing
" B’fhéidir gur sin an fáth a raibh iargúltacht Dhún na nGall chomh meallacach sin di agus ar thug an fásach uaigneach sin i lár an chontae faoiseamh dá croí.
is meallacaí most beguiling
" Maíonn na húdair gurb é an cultúr traidisiúnta an ghné is meallacaí dá bhfuil againn -“*it still holds the key to Ireland’s draw as a tourist destination*.
súile meallacacha charming eyes
" Ba bhean álainn í le súile meallacacha, cinnte, agus an chuma uirthi gur duine neamhchas soineanta í nuair a labhair sí sa chúirt.