Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meamram slándála security memorandum
" I meamram slándála a ullmhaíodh do Rialtas na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 1971, deirtear go bhfuil an teorainn iomlán oscailte agus, dá réir, nach bhfuil ar a gcumas srian a chur le feachtas an IRA.
mheamraim rialtais government memoranda
" Faoin bhforáil seo, beidh cead ag an bpobal teacht ar mheamraim rialtais agus ar cháipéisí eile a cuireadh faoi bhráid cruinnithe den chomhair-eacht, cúig bliana i ndiaidh na gcruinnithe sin.
meamram memorandum
" Ar an chlár "Prime Time" le gairid taispeánadh meamram ón Gharda Síochána inar dúradh nach raibh aon fhianaise acu siúd a thacódh le líomhain an aire maidir le maoiniú Shinn Féin.
mheamram memorandum
" Ní raibh aon tagairt ach oiread do mheamram an Ghinearáil Seán Mac Eoin ina bhfuil sé scríofa gur thug an tAire Cosanta Jim Gibbons ordú béil don arm gunnaí agus armlón a ullmhú le cur thar teorainn.
meamram memo
" I meamram faoin ghaelscoil chéanna a chuir Peter Baldwin, oifigeach sinsearach de chuid na roinne, chuig Hanafin agus ard-rúnaí na roinne ar an 14 Meitheamh 2006 deirtear: *“We have a revised Primary School Curriculum introduced in 1998.
meamram a memorandum
" Ainneoin na cainte uilig, níl oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
meamram memorandum
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
meamram inmheánach internal memo
" Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “*I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.
mheamram memorandum
" ”* Ach má tugadh an t-eiteachas don mholadh sin, ba léir ó mheamram a d’ullmhaigh an Lár-Choiste Forbartha don rialtas go raibh fadhbanna fuinnimh ina gcrá chroí ag na hoileánaigh a bhí ina gcónaí amach ó chósta an iarthair.
meamram faoi rún a secret memorandum
" Chuir Rúnaí Príobháideach an Taoisigh meamram faoi rún chuig a chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag lorg treorach faoi cad é ba cheart a dhéanamh faoin litir.
meamram a memorandum
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
eisíodh meamram a memorandum was issued
" Sa bhliain 1931, eisíodh meamram, Spelling of Irish in Official Documents, lenar cuireadh stíl na Rannóige in iúl don státseirbhís agus inar moladh leas a bhaint aisti.
De réir meamram according to memoranda
"De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
mheamram dar dáta a memorandum dated
" Seo mar a scríobh sé sa mheamram dar dáta 6 Bealtaine 1974 a chuir sé ag an Aire don tSeirbhís Poiblí, Richie Ryan, faoin moladh: “*It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so*.
mheamram rialtais government memorandum
" Is léir ó mheamram rialtais ón 25 Feabhra, go raibh an tAire Ó Tuathail, ina chadhain aonair mar nach raibh duine ar bith eile sa rialtas ag tacú leis an phlean.