Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meancóg mhór big mistake
" Tá sé dochreidte, ach tá meancóg mhór ar an fhístéip a dtiocfadh léi daoine a chur i mbaol ar na sléibhte agus bhí an BMC ar nós cuma liom nuair a chuir mé sin in iúl dóibh.
meancóg mistake
" Rinne mé meancóg amháin eile ar an chúrsa.
meancóg mhór a big mistake
" Ach in áit do McLaughlin a rá go ndearna siad meancóg mhór agus leithscéal a ghabháil le cách, dúirt sé ar an raidió ar an BBC go raibh leithéidí Bruce Scott ag insint bréag.
meancóg mistake
" meancóga ======= Rinne Rialtas Londain meancóg, ár ndóigh, nuair a chuir siad beagnach 2,000 réabhlóidí le chéile i gcampa amháin i 1916, mar thapaigh an Coileánach an deis leis an IRB a atheagrú ann.
mheancóg mistake
" Tá mo sháith ráite agam! Dála an scéil, ar thug aon duine agaibh faoi deara an mheancóg ar *Foinse* na seachtaine seo caite - go raibh leathanach ann nach raibh ach trí alt le Sorcha Ní Gheilleagar air? Ó, dála an scéil eile, comhghairdeachas le *Foinse* agus leis an trí scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar *Ar Son na Drúise*!" Níl mórán dá mbíonn faoi chaibidil ar nuacht RTÉ nach dtuigeann Balor an Scolardach Scolártha.
meancóga mistakes
" Leoga, cuimsíonn sé na meancóga uilig a rinne na paramílitigh.
meancóg mhór a big mistake
" Chuaigh criticeoir amháin chuig tithe bailitheoirí a cheannaigh mo phictiúir agus d’inis dóibh go ndearna siad meancóg mhór!” Na Trioblóidí ======= Lena stair phearsanta féin, is iontach nach bhfuil níos mo pictiúr péinteáilte aige a bhaineann leis an Trioblóidí ó thuaidh.
meancóg mistakes
" " Tá briathar úr sa Bhéarla, *fisking*, a chum naimhde Fisk; an rud atá i gceist le *fisking* ná dul fríd alt, líne ar líne, ag ceartú na meancóg ó thaobh fíricí de, na hanailíse agus cibé eile atá ann.
meancóg mistake
" ) Ag smaoineamh go raibh meancóg déanta agam, d’fhill mé an bealach a tháinig mé agus chaill mé leathuair ag cuartú slí eile.
meancóg mistake
" Ag an phointe sin a d’aithin na daoine sinsearacha sa choláiste go raibh meancóg déanta acu, agus d’fhéach siad leis sin a leigheas.
meancóg. mistake.
" Stopann tú ag cuntas sula ndéanann tú meancóg.
Ba é an mheancóg ba dhéanaí The most recent mistake was
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
na meancóga greannmhara the funny mistakes
" Tugtar léiriú thar cionn anseo ar shaol an tseomra ranga agus bhainfeadh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí an-phléisiúr as na meancóga greannmhara a thagann chun cinn, de réir mar a bhíonn na carachtair éagsúla i ngleic le castachtaí na teanga: “Gabh mo leithscéal,” arsa Siobhán.
meancóg. mistake.
" Bhí an cineál céanna acmhainne grinn aige is atá agamsa agus is minic a bhí muid ag gáire le chéile, go mór mór nuair a rinne muid meancóg.
mheancóg ba mho greatest mistake
" Sin an mheancóg ba mho dá ndearna sí.
meancóg mistake
" Thuig an BNP go raibh meancóg mhór déanta acu agus chealaigh siad an mórshiúl.
meancóg slip up
" com/watch?v=nuZEsHja7Js&feature=related) Anois, cad é is féidir le Balor a rá faoina chara, an Tánaiste Máire Ní Chlochráin, agus a meancóg (mo thóin!) faoi na Glasraí sa Chomhaontas Glas.
meancóg mistake
" Thuig sé go raibh meancóg déanta aige: "*The compass does not lie*," a d'admhaigh sé, agus chuaigh sé an treo ceart.
meancóg gramadaí grammar mistake
" Bíonn Béarla maith ag a lán Polannaigh, ach déanann siad meancóg gramadaí anois is arís, dar leis.
meancóg ollmhór a massive mistake
" " 40 bliain anonn, measann McAliskey gur meancóg ollmhór a bhí sa dearcadh sin.
a gcuid meancóg their mistakes
" Aon uair a cháin muid a gcuid meancóg agus a gcuid dúnghaoisí míchiallmhara, deineadh scigmhagadh orainn.
mheancóg is mó greatest mistake
" Bhuaigh Giles bonn Chorn FA le Man Utd sa bhliain 1963 ach, níos deireanaí sa bhliain sin, scaoil an bainisteoir cáiliúil, Matt Busby, leis chun bealaigh go Leeds United (“ an mheancóg is mó a rinne mé riamh” a d’admhaigh Busby blianta ina dhiaidh sin).
meancóg mistake
" Ar 17 Feabhra seo áfach, tháinig deireadh leis na feachtais go léir, ní mar gur theip orthu díolachán na bhforaoisí a stad, ach toisc gur ar an lá sin d'fhógair Státrúnaí Timpeallachta na Breataine, Caroline Spelman, go raibh meancóg mhór déanta ag an rialtas agus go raibh formhór na mbeartas á gcur ar leataobh acu.
meancóga móra big mistakes
" Míshásamh ===== Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
bheagán mheancóg small mistake(s)
" Gníomh suarach a bhí ann ach bhí sé ar an bheagán mheancóg atá déanta ag an Ardmhéara Sinn Féineach 25-bliana d'aois - an tArdmhéara is óige riamh i stair na cathrach - ach má tá ciall ar bith leis an fhocal "athmhuintearas" is ins na gníomhartha beaga seo a chruthófar iad.
meancóg a mistake
" Sílimse gur meancóg a bheadh ansin mar go bhfeidhmíonn teach uachtarach go fónta i dtíortha eile ina ndéanann daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
má dhéanann tú meancóg if you make a mistake
" Go minic bíonn siad thuas ansin faoi dheireadh an lae agus mar sin is féidir leat do chuid athchuimhne a dhéanamh sula dtéann tú a luí ar an lá céanna! Agus má dhéanann tú meancóg, tá fhios ag do chairde faoin scéal go díreach.
Buanú na Meancóige a mistake is for eternity
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
má dhéanann éinne meancóg if anyone makes a mistake
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
ní meancóg é seo this isn’t a mistake
" Owenvarragh ======== Ar na rudaí is mó atá déanta ag Úna, tá saothar dar teideal Owenvarragh, píosa thar a bheith casta bunaithe ar theimpléid de chuid John Cage, ____,____ ____ circus on ____ (ní meancóg é seo!) Chruthaigh Cage é féin Roaratorio, An Irish Circus on Finnegan’s Wake agus chruthaigh Úna agus an fidléir Chicago-ach Martin Dowling atá ina léachtóir , Owenvarragh, A Belfast Circus on the Star Factory.