Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil idir 50,000 - 70,000 striapach ag obair san Iodáil agus gur eachtrannaigh níos mó na leath acu.
meastar it is estimated
" Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d'eagraigh (www.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.
Meastar gur tógadh iad it is thought that they were built
" Meastar gur tógadh iad idir an 10ú agus an 12ú haois.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil breis is 90,000 duine fostaithe go díreach sa 570 comhlacht Meiriceánach atá lonnaithe anseo.
meastar it is thought
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
Meastar it is thought
" Meastar go bhfuil 200 raidhfil AK-47, meaisínghunnaí Uzi, agus suas le 200 meaisínghunna eile, cuid acu déanta sa bhaile; 200 gunna láimhe agus méid airithe Powergel (ábhar pléascáin) ag an UDA.
Meastar it is estimated
" **Gearáin** Meastar go dtiocfaidh idir 4,000-5,000 gearán faoi bhráid Choimisiún Ombudsman an Gharda gach bliain agus beidh iarchomhaltaí de chuid fhórsaí na Ríochta Aontaithe, na hAfraice Theas, Mhálta, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne á bhfiosrú.
meastar it is thought
" Bhí lorg an iolair mhara ar 35 de na huain mharbha, ach meastar go raibh leath acu sin marbh sula ndeachaigh na hiolair in aice leo.
meastar it is believed
" meastar sa todhchaí go mbeidh an teilifíseán ag feidhmiú mar a bheadh bialann ghreim gasta ann, agus é de chumas ag daoine amharc ar a rogha clár am ar bith a fhóireann dóibh.
meastar go forleathan san Astráil it is widely thought in Australia
" De réir suirbhéanna éagsúla, meastar go forleathan san Astráil nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do dhaoine atá ag obair ar chonradh AWA.
meastar it is estimated
" Bhí 150 flóta sa pharáid agus meastar gur tháinig suas le 300,000 duine le chéile le féachaint uirthi.
Meastar go forleathan it is widely thought
" Meastar go forleathan gurbh é ba chúis leis an éagóir uafásach seo ná gur chuir Brundage brú ar na Meiriceánaigh déanamh amhlaidh.
meastar go forleathan it is widely felt
" Tá móiminteam i bhfabhar na poblachta le sonrú i measc mhuintir na hAstráile i láthair na huaire, agus meastar go forleathan nach bhfuil aon cheist faoi ach go mbunófar poblacht abhus luath nó mall.
Meastar it is thought
" Réiteach Oifig Thuaisceart Éireann? Meastar go ndéarfaidh an CNF nár scoireadh Comhairle na nArm riamh, ach nach bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn míleata anois.
Meastar it is reckoned
" Meastar nach raibh san fhear seo ach fear iompair, nó ‘miúil’ drugaí.
Meastar It is reckoned
" Meastar go mbíonn breis is céad míle duine sa tír gan dídean gach oíche, agus tá timpeall ar 14,000 acu “in acute need”.
Meastar it is felt
" Meastar faoi láthair nach mbeidh an meathlú in Éirinn díreach chomh dona is a bhí an meathlú san Fhionlainn, ach beidh an-chosúlacht idir an dá chás.
Meastar it is estimated
" Meastar go bhfuil suas le leathmhilliún duine dífhostaithe sna tíortha beaga san Aigéan Ciúin agus tá fadhbanna móra sóisialta acu dá dheasca.
Meastar it is estimated
" Meastar go gcosnóidh an £12,000 an t-íobartach, £40 milliún, ach tá an Grúpa Comhairliúcháin ag iarraidh £300 milliún eile leis an obair a chur i gcrích.
Meastar it is estimated
" Meastar go gcosnóidh na tinte breis is $2 bhilliún.
meastar it is felt
" Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana.
Meastar it's thought
" Meastar go forleathan, ámh, go raibh imní ar dhaoine áirithe i measc na n-iarrthóirí tearmainn go gcuirfí an bád ar ais chuig an Indinéis agus steall siad an breosla le brú a chur ar chaptaen na loinge iad a thógáil ar bord.
Meastar it is thought
" Meastar go bhfuil idir 600 agus 800 duine sans papiers gan dídean i mórcheantar Calais, an calafort is gaire don Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil pobail eile dídeanaithe i mbailte Cherbourg agus Zeebrugge na Beilge chomh maith.
meastar it's thought
" Tháinig méadú suntasach ar líon na gcoiníní ar an oileán ó shin i leith, agus meastar go bhfuil timpeall ar 130,000 acu ann anois.
meastar it's reckoned
" Is deacair a líon a áireamh go cruinn, ach meastar go bhfuil corradh is 3 milliún de na Carainn i mBurma féin chomh maith leis na céadta míle díobh sa Téalainn, ceann de chúig cinn de thíortha atá le taobh Bhurma.
meastar it's estimated
" Tháinig beagnach 20 faoin gcéad de na mic léinn seo as an India agus meastar go mbeidh an India ar an gcúigiú páirtí trádála is mó ag an Astráil faoi cheann deich mbliana eile.
Meastar it's estimated
" Meastar go labhraítear 1,500 teanga ó cheann ceann na tíre.
Meastar it's estimated
" Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann.
meastar it's thought
" Go deimhin meastar go dtéann ar an mheán 1,000 duine go barr Yr Wyddfa gach aon lá den bhliain.
Meastar go forleathan it's widely believed
" Meastar go forleathan, ámh, gur thug siad le fios go raibh siad báúil lena raibh idir lámha ag an Indinéis.
Meastar it's reckoned
" Tír Fhuilteach Fhoréigneach Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí.
meastar it's tought
" Is as Bhaile Uí Mhurchú, ceann de na ceantracha is boichte i mBéal Feirste ina raibh an drochíde coitianta, meastar, ó dhúchas do mhuintir Adams.
meastar it’s reckoned
" Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
meastar it’s estimated
" Sa bhreis ar sin, meastar go bhfuil tuairim is 8,000 duine fásta ag foghlaim na teanga san am i láthair.
meastar it’s thought
" As an 200 milliún atá timpeall na cruinne, meastar gur oibrithe iad 90 milliún díobh, rud a fhágann go bhfuil suas le 110 milliún nach bhfuil ag obair.
meastar it’s reckoned
" Fás Síoraí Seasta ======== Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo, meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana.
Meastar it’s estimated
" Meastar go bhfuil 13% den ola neamhnochta ar domhan faoin Artach, ach níl an ola ach in áit na leathphingine i gcomórtas leis an ngás nádúrtha atá ann.
Meastar it’s thought
" Meastar go gcaillfear 36,000 post sna hearnálacha poiblí agus príobháideach.
meastar it’s thought
" Ní raibh daoine - 40,000 acu, meastar - in ann iad féin a ní, an leithreas a shruthlú, bolgam tae a dhéanamh réidh.
Meastar it’s thought
" Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.
Meastar go forleathan it’s widely believed
" Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile.
meastar it’s thought
" Tá tuairim is 200,000 inneall san Astráil anois agus meastar go bhfuil corradh is 20 faoin gcéad de na hinnill cearrbhachais ar domhan sa tír seo.
Meastar it's thought
" Meastar go raibh tuairim is 250 teanga éagsúla ag muintir dhúchais na hAstráile faoin am ar cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus sa bhliain 1788.
Meastar go forleathan it’s widely believed
" Meastar go forleathan san Astráil fós nach mbíodh i muintir dhúchais na tíre roimh theacht an chine ghil ach sealgairí/cnuasaitheoirí diúide.
Meastar it’s estimated
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
Meastar it’s thought
" Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú.
Meastar it’s thought
" Meastar go bhfuil fás na dtuarastal seo ar cheann de na cúiseanna leis an mhéadú a tháinig ar an bhearna idir an saibhir agus an daibhir le linn na tréimhse seo.
meastar it’s thought
" Ach i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh is na Stát Aontaithe, meastar gur daoine iad formhór na n-inimirceach seo a ligeadh isteach go dleathach ar an gcéad dul síos ar bhonn víosa, cuirim i gcás, ach nach ndeachaigh abhaile nuair a bhí an víosa sin istigh.
Meastar it’s thought
" Meastar go gcaithfidh na hÉireannaigh 50 milliún oíche leapa i gcéin i 2012, rud a chiallaíonns go bhfágfar 16 milliún oíche leapa folamh abhus.
meastar it’s thought
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn í féin, agus meastar gur de shliocht Éireannach iad suas le tríocha faoin gcéad de mhuintir na tíre.
Meastar gurb it’s thought that
" Meastar gurb ann do bhreis is milliún go leith inimirceach a d’fhéadfadh cur isteach ar an scéim seo agus cé go bhfuil na céadta míle Éireannach i measc na n-iarratasóirí, is ó Mheiriceá Laidineach, go háirithe ó Mheicsiceo, a bhformhór.
meastar go forleathan it’s widely felt
" Cibé rud a spreag an tsléacht meastar go forleathan gur fear darbh ainm Big John Casey a d'eagraigh é.
meastar it’s reckoned
" Faoi seo, meastar gur rinneadh 65 míle milliún dollar damáiste don cheantar.
Meastar it is estimated
" Meastar - agus níl ann ach garmheastachán - go gcaitheann teifigh san Áise tuairim is cúig bliana ar an meán ag feitheamh sula bhfaigheann siad cead dul chuig tír éigin ar imirce.
meastar go forleathan sa tír it’s widely felt nationally
" Níor luadh ainmneacha faoi leith i ráiteas an Bhoird, ach meastar go forleathan sa tír go roghnófaí Te Ika-a-Maui (Iasc as Maui) don Oileán Thuaidh agus Te Wai Pounamu (Uisce na Glaschloiche) don Oileán Theas.
Meastar it’s thought
" Meastar go bhfuil suas le 15,000 inimirceach ón Afraic Fho-Shahárach ag maireachtáil gan cead i Ríocht Mharacó, tír 33 milliún duine ina bhfuil rátaí arda bochtanais, dífhostaíochta is neamhlitearthachta.
meastar iad they’re thought
" Tá coir déanta den homaighnéasacht sa tír agus is mó tuairisc faoi dhaoine á gciapadh, á n-imeaglú, á mbreith ag na póilíní is á gcarcrú mar go meastar iad a bheith homaighnéasach.
meastar it’s estimated
" Ach léiríonn figiúirí ón DWP (An Roinn Oibre agus Pinsean) féin go meastar nach bhfuil calaois i gceist ach le 0.
Meastar in árais chumhachta it’s thought in (…) halls of power
" Meastar in árais chumhachta Mheiriceá agus na hEorpa anois gur féidir Libia a chreathadh, d’fhonn a nguagacht a léiriú do lucht a gcleithiúnais féin ann sa dóigh go mbeidh siad buíoch beannachtach i dtólamh as an chuidiú rialta agus as aon stiúir agus comhairle bhreise a chuirfear ar fáil dóibh feasta.
meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa it’s thought to be the worst accident
" Maraíodh níos mó na míle duine agus meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa i réimse na déantúsaíochta éadaí.
Meastar it’s reckoned
" Meastar gur cuireadh tuairim is 40,000 daoránach Éireannacha chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta.
meastar it’s estimated
" Is ionann Laidin-Mheirceánaigh agus 16% den daonra anois agus meastar go ndúblóidh an sciar sin faoi 2050.
Meastar it’s estimated
" Meastar go bhfuil tuairim is 214 milliún díobh ar dhroim na cruinne sa lá atá inniu ann, is é sin 3% de dhaonra an domhain, méadú mór ar an 150 milliún imirceach idirnáisiúnta a áiríodh sa bhliain 2000.
iompar nó gníomhartha daonna a meastar iad a bheith behaviour or human acts which are felt to be
" Príomhábhar an leabhair seo ná conas a léiríonn an dornán beag scannánóirí sin, an tOstarach Michael Haneke ach go háirithe, téama an oilc ina gcuid scannán, go mór mór iompar nó gníomhartha daonna a meastar iad a bheith an-olc go deo.
Meastar it’s thought
" Meastar go bhfuil fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo.
meastar gurbh it is thought that
" Séadchomhórtha ar leith atá crochta ina chuimhne anois mar meastar gurbh é Ó Beirn an chéad cheoltóir riamh de chuid na hÉireann ar tarraingíodh a ghrianghraf.
Meastar it’s thought
" Meastar gur de chúlra Iodálach a shíolraigh 24 milliún Airgintíneach, 60% den daonra agus tá Gearmanaigh, Spáinnigh, muintir na Siria, Seapánaigh, beo beathach sa tir, chomh maith le bundúchasaigh na hAirgintine agus imircigh ón Bholáiv agus as Paragua.
meastar it’s thought
" Cinnte, cabhróidh an t-údarás nua seo le dlisteanacht na hearnála a chaomhnú ach meastar go leanfar leis an bplé maidir le tuarastail.
meastar it’s thought
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
Meastar it’s estimated
" Meastar go mbeidh muintir na hÉireann ar barr liosta murtaill na hEorpa i 2030 de réir Dr.
Meastar gur seandúchasaigh it’s estimated that natives
" Meastar gur seandúchasaigh de chuid na háite iad tuairim is leathmhilliún duine i nGáza agus brúite anuas orthu sin i nGáza, tá tuairim is 1.
Meastar it’s thought
" Bromaigh na hAstráile ========= Meastar go bhfuil tuairim is 400,000 capall fiáin san Astráil, a bhformhór acu sna ceantair is iargúlta i dtuaisceart na tíre.