Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag meilt ama wasting/passing time
" "Seo," arsa Caitríona, "féadann muid cromadh ar an obair nó beifear ag déanamh gur ag meilt ama atá muid.
é a mheilt to grind it
" " An réiteach atá acu ar an gceist ná glacadh leis an mbia ginchóirithe, ach é a mheilt sula dtugann siad amach é sa gcaoi is nach mbeidh feirmeoirí in ann na síolta a chur.
ag meilt ama killing time
" Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh agus shuigh sé síos os comhair an teilifíseáin agus é ag meilt ama go dtiocfadh Ellen chun na bhaile óna cuid oibre.
roinnt aimsire a mheilt pass some time
" Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.
lena cuid ama a mheilt. to kill time for her.
" Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
go raibh an t-am meilte agam that I had spent the time
" Sula dtugainn faoi deara go raibh an t-am meilte agam, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán a cuireadh ar fáil domh féin agus don bheirt eile a bhí in éineacht liom.
uair an chloig a mheilt to while the time
" Ba bhealach iontach é le cúpla uair an chloig a mheilt tráthnóna fuar, fliuch i lár an gheimhridh i bhfochair cairde.
aimsir a mheilt to pass (the) time
" Agus í ag déanamh cur síos ar na rudaí a dhéanann sí chun an aimsir a mheilt, déarfá nach bhfuil inti ach gnáthchailín óg nár bhuaigh aon chomórtas áilleachta riamh.
meilt airgid a waste of money
" Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!” Spealadh na Neascóide ========= Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge.
am a mheilt to waste time
" An méid a rinne sé ná am a mheilt agus airgead stáit a chur amú ar dhá staidéar costasacha.
cnónnaí meilte spréite ground nuts spread
" Bíonn taos baklava chomh tanaí le páipéar, é ar maos i mil leáite, agus cnónnaí meilte spréite ar a bharr.
ag meilt bhur gcuid ama passing time
" Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?** DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart.
chun an t-am a mheilt to pass the time
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
leis an am a mheilt to spend the time
" Molann Eithne Ní Ghallchobhair bealach amháin leis an am a mheilt: dul isteach i gCairde Rince Céilí na hÉireann!
a mheilt to chew, spend
" Bhí ar Dhiarmuid Johnson blaisín ama agus smailcín baklava a mheilt i mBúdaipeist ar a bhealach anoir as an Rómáin.
lena sheanchas a mheilt to while away the time with old stories
" Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.