Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meirgí banners
" Ar cheann de na meirgí atá crochta ag lucht na hagóide, fógraítear: “Ná Tugaigí Aithis Dá Ainm!” Tá beirt iomám ina seasamh ar thaobh an bhóthair agus iad ag amharc ar na hagóideoirí ag dul thar bráid.
ag casadh ar an iarann meirgithe winding around the rusty iron
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.
meirgí gorma blue banners
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.