Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhundúchasaigh Mheiriceá native Americans
" Miotaseolaíocht ======= Bhain Morrison úsáid as miotaseolaíocht na Gréige agus bhundúchasaigh Mheiriceá ina shaothar agus cumadh go leor miotaseolaíochta faoi féin agus an dúil a bhí aige san alcól.
Go mbeannaí Dia Meiriceá God bless America
" Go mbeannaí Dia Meiriceá! *Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é Barra Ó Donnabháin.
a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá which rocked the American business world
" Ba iadsan, ar ndóigh, aghaidheanna na scannal corparáideach a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá in 2002.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá The US State Department
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
barbarthacht Mheiriceá a chloí to overcome American barbarism
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
lucht míleata Mheiriceá America's military
" Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.
teacht i gcabhair ar Mheiriceá to come to America's aid
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
Mheiriceá Laidineach Latin America
" An toradh a bhí air sin ná gur thosaigh daoine a theacht ar imirce go Meiriceá as réimse i bhfad níos leithne tíortha, go háirithe tíortha Mheiriceá Laidineach agus na hÁise.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
Sheirbhís Rúnda Mheiriceá the American Secret Service
" Luaim an figiúr seacht míle dhéag nó sin ga an chiorcail atá tarraingthe ag muintir Sheirbhís Rúnda Mheiriceá thart ar an chaisleán.
ní thoghtar rialtais i Meiriceá governments aren't elected in America
" Ar dtús, ní thoghtar rialtais i Meiriceá ar an dóigh chéanna in aon chor is a thoghtar iad in Éirinn.
ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas from the Hispanic countries of Central and South America
" Is aneas atá an sruth ag rith anois go láidir, ámh - ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas.
ag déanamh scime do náisiúnaithe Mheiriceá bothering American nationalists
" Is í an fhusacht sin atá ag déanamh scime do náisiúnaithe Mheiriceá.
in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá against America's foreign policies
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
ar liosta spriocanna Mheiriceá on America's list of targets
" Agus ní gá trácht a dhéanamh ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, atá ag forbairt arm chomh tapaidh agus is féidir, iad suite de go bhfuilid sa chéad áit eile ar liosta spriocanna Mheiriceá.
Státrúnaí Mheiriceá America's Secretary of State
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
Rúnaí Cosanta Mheiriceá America's Secretary of Defence
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá from suspects that are captured in America
" Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear.
earnáil ghnó Mheiriceá the American business world
" Níor fhaoiseamh ró-iontach í an nuacht faoin Dow Jones, agus earnáil ghnó Mheiriceá fós ag stámhailleach faoi shraith fhada buillí.
Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá the American Immigration Agency
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
gan tásc na tuairisc ar bhratach Mheiriceá. with the American flag nowhere to be seen.
" Tá iarracht déanta ag na húdaráis fál a thógáil ar dhéanamh an tseanchinn thriantánaigh agus tá séipéal ar an láthair a bhfuil a thúr ó 1637, ach thug mé suntas don bhratach a bhí ar foluain os cionn na pailise - an Union Jack féin, gan tásc na tuairisc ar bhratach Mheiriceá.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
bunreacht Mheiriceá, the American constitution,
" Dhá rud is cúis leis seo, is dócha – ar an gcéad dul síos, bunreacht Mheiriceá, agus sa dara háit, tionscal na ngunnaí i Meiriceá, a chaitheann airgead mór ar stocaireacht i Washington, ar fheachtais na n-iarrthóirí polaitiúla atá ar son gunnaí, agus in aghaidh na n-iarrthóirí gur beag orthu gunnaí.
thar mhachairí Mheiriceá. over the plains of America.
" B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.
ón chósta thoir Mheiriceá from the east coast of America
" Imíonn beagnach gach eitilt ón chósta thoir Mheiriceá go dtí an Eoraip idir 6.
cúlú Mheiriceá the retreat of America
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le To compare the retreat of America from Iraq
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
nuair a chúlóidh Meiriceá, when America retreats
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta who would keep America engaged in continuous war
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. This is the biggest university stadium in America
" Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá.
lucht ólta Mheiriceá American drinkers
" Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír.
Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, I am interested in American country music
" Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, nó tá baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.
go leor de Chríostaithe Mheiriceá a lot of American Christians
" Mormannach is ea Mitt Romney agus tá go leor de Chríostaithe Mheiriceá – atá báúil don Pháirtí Poblachtach i bhfad níos mó ná don Pháirtí Daonlathach – den tuairim gur seict aisteach é an eaglais seo.
de shochaí Mheiriceá of American society
" Tá Gormaigh mar chuid de shochaí Mheiriceá ó aimsir na sclábhaíochta i leith, is é sin, ó thosaigh na hEorpaigh ag taiscéalaíocht sa Domhan Nua.
go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí. that they would flood the borders of America with drugs.
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá the police of America are almost like an army
" Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá the future of America is hanging in the balance
" Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá mar gheall ar an gceist seo.
faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá. pre-election season of the American political parties
" Ní hea; ní ag caint faoin gcogadh atá mé – a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, má thagann sé chun críche riamh – ach faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá.
go ligfidh pobal mór Mheiriceá osna fada faoisimh as that the American public will breath a long sigh of relief
" Geallaim duit go ligfidh pobal mór Mheiriceá osna fada faoisimh as ansin.
chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá. he then decided to head for America.
" Chaith sé seal ag obair ar na láithreáin tógála i Manchain agus i Londain agus chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá.
i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá in the Ulster-American Folk Park
" Tá na cainteanna á n-eagrú le cuidiú ó Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, agus ó Ionad an Staidéir Imirce atá lonnaithe i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain.
Ghaeil Mheiriceá western zealots
" Tá an cháin cáinte fosta ag na heagraíochtaí a chuireann fógraí isteach, agus ag scór de Ghaeil Mheiriceá a léann an iris go rialta.
pobal Mheiriceá the American people
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá nuair a d'fhógair an tUachtarán Obama, gan é bheith ach 24 uair a chloig in oifig, go ndúnfadh sé príosún Guantanamó ar oileán Chuba.
faoi chogadh Mheiriceá about the American war
" Luaitear agóidí faoi chogadh Mheiriceá i Vítneam le do dhearcadh a pholaitiú.
Mheiriceá Láir central
" “Bhí an choimhlint faoi lán seoil ó thuaidh ach ní raibh aon duine ag caint air ó dheas,” ar sí, “ach in oifigí Trócaire bhí saineolaithe ar na hOileáin Fhilipíneacha, ar Mheiriceá Láir, ar an Afraic Theas.
Meiriceá na gcoillte cúil hidden America
" Asarlaíocht Iodálaigh ====== Glacann Sorrentino seilbh ar chaint, mores agus zeitgeist Bhleá Cliath na náideanna agus Meiriceá na gcoillte cúil.
thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh America gave them a strict warning
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
ba é Meiriceá mangaire na troda America was the war monger
" I bhfaiteadh súile, ba é Meiriceá mangaire na troda agus an Rúis an síochánaí.
ladrainn Mheiriceá á leanstan America’s drones following him
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
seolfadh Meiriceá nó an ECAT America or NATO would send
" Níor mhaith liom go seolfadh Meiriceá nó an ECAT a gcuid tancanna isteach san Úcráin – cé a d’fhéadfadh Cogadh mór fuilteach a shamhlú agus muid ag cuimhneamh ar an Chogadh Mhór a thosaigh céad bliain ó shin.
ladrainn Mheiriceá armtha armed American drones
"ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.