Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá an tAire Dlí agus Cirt Micheal McDowell chun reachtaíocht nua a chur tríd an Dáil go luath a dhéanfaidh níos deacra é do dhaoine óga deochanna a cheannach agus a chuirfidh dualgas ar lucht tithe tábhairne gan deochanna meisciúla a dhíol le daoine atá ar meisce cheana féin.
díolachán na ndeochanna meisciúla the sales of alcoholic drinks
" "Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú," arsa Jones.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Ní ólann a bhformhór aon deoch mheisciúil tar éis an chéad lá de mhí Eanáir agus is beag saol sóisialta atá acu taobh amuigh den "chraic" sa seomra feistis agus ar an mbus ag taisteal chuig cluiche agus ar an mbealach abhaile má bhíonn an bua acu.
dheochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá cosc ar dheochanna meisciúla i Lubbock agus, ó bhí 1995 ann, tá cosc chomh maith ar oideachas cuimsitheach gnéasachta.
meisciúil drunken
" Ní rinceann Herring riamh, mura n-áiríon tú sean-waltz meisciúil le linn bainiseacha.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Gan amhras, tá sé in aghaidh an dlí deoch mheisciúil a ól amuigh ar an tsráid, ach ón mhéid rírá a rinne na póilíní fá dtaobh de, shílfeá go raibh gunna i lámh an tsiúlóra, seachas deoch.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Níor cheart go mbeadh cead acu siúd aon deoch mheisciúil a ól agus iad ag tiomáint agus níor cheart cead a thabhairt dóibh bheith ag tiomáint ina n-aonar.
faoi thionchar deochanna meisciúla under the influence of alcoholic drinks
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
cosc ar dheoch mheisciúil alcohol prohibition
" ” An tSindeacáit Shíónach Leanann Gates lorg na caimiléireachta Síónaí siar go dtí na 1920í, san am a raibh cosc ar dheoch mheisciúil sna Stáit Aontaithe.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Agus seans go bhfuil stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu.
dheoch mheisciúil alcohol
" Cuireadh srianta ar dheoch mheisciúil sna comhphobail, rinneadh scrúdú dochtúra ar gach páiste agus ní raibh cead ag na daoine 50 faoin gcéad de na sochair leasa shóisialaigh a chaitheamh ach amháin ar bhia agus ar earraí bunriachtanais eile.
meisciúil drunken
" Aithníonn Garbo, atá curtha i láthair ag Caroline Lagerfelt, go bhfuil cosúlachtaí idir í féin agus Paulie, bean aonarach uaigneach an tí, agus cé nach bhfuil sí róthógtha le deartháir meisciúil Paulie, agus a bhean chéile chantalach Sylvia, tá sí meallta ag iníon s’acu, Collette, atá ag brath staidéar a dhéanamh ar an leigheas i mBaile Átha Cliath.
deoch mheisciúil alcohol(ic)
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
haíonna meisciúla drunken guests
" Le bheith féaráilte do Mhandelson is mó meas a léiríonn sé dá réamhtheachta (a bhí *“brash and gutsy”*) agus maítear go fiú go mbeadh sé de nós aici cóisirí a eagrú i gCaisleán Chroimghlinne ina mbíodh na haíonna meisciúla ag pocléimnigh ar leaba na Banríona! Ní Údar, Ní Fheadar ======== Ba léir go raibh an próiseas imithe faid áirithe fán am a bhain Mandelson na Sé Chontae amach.
bhraon meisciúil alcoholic drink
" Ní bheidh aon bhraon meisciúil ar fáil le linn ár gcomhdháil bhliantúil as seo amach.
an deoch mheisciúil alcohol
" Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.
gan deoch mheisciúil a ól not to drink alcohol
" Dúirt sé liom gan deoch mheisciúil a ól ar feadh trí mhí agus bia le neart siúcra a ithe.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
agus é sáite go mór sa deoch mheisciúil gorged with drink
" Go tobann, tháinig cathaoirleach an tSeanaid isteach, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe John Nance Garner fiú, chun tús a chur le gnó an lae, agus é sáite go mór sa deoch mheisciúil.
scrúdú do dheoch mheisciúil a test for alcohol
" Tagann Fionnachrith Orm ========== Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.
cúpla gloine mhín, mheisciúil some fine intoxicating glasses
" Ar theacht amach ar an tsráid dom agus cúpla gloine mhín, mheisciúil de Leffe na háite ólta agam, bhí bealú faoi mo theanga, agus chuir mé caidéis ar dhuine crónbhuí a bhí ag fanacht leis an mbus le mo thaobh.
mhí-úsáid deochanna meisciúla alcohol abuse
" I roinnt de na tíortha seo, cuirim i gcás Sasana agus na Stáit Aontaithe, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí drugaí agus ar mhí-úsáid deochanna meisciúla.
gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach there are less people who are able to
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga unlike the young drunken louts
" Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana.
deoch mheisciúil alcohol
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.
an dochar a níos an deoch mheisciúil the damage that alcohol does
" Meabhraíonn tú don duine gan dídean dhá ní an-tábhachtach: an mhaith a dhéanann an bia dúinn agus an dochar a níos an deoch mheisciúil.
deoch mheisciúil alcohol
" Gan dóchas ar bith, téann pobail na gceantar seo, Afra-Mheiriceanaigh a mórchuid, i muinín drugaí, deoch mheisciúil, agus foréigean sráide.