Pota Focal Intergaelic
eon | maon | mean | meán | melon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meon mentality
" Tá spiorad na nAontachach in isle brí, meon an léigir níos láidre ná mar a bhí riamh.
meon an léigir siege mentality
" Tá spiorad na nAontachach in isle brí, meon an léigir níos láidre ná mar a bhí riamh.
athrú meoin change of mentality
"athrú meoin ag teastáil i gcás mhuintir na Gaeltachta féin, áfach.
meon mentality
" Deighilt ======= Léirigh an eachtra seo an deighilt mhór idir meon na glúine a d'fhás aníos sna seascaidí agus sna seachtóidí agus an ghlúin níos óige.
meon mentality
" Tá glacadh ag Lucht Oibre leis an meon seo atá ag na páirtithe eile: nach bhfuil aon chóras polaitíochta ná eacnamaíochta eile le fáil seachas an caipitleachas.
meon mentality
"meon ana-dhifriúil ann anois agus braithim i bhfad níos sona in Éirinn ná mar a dhein sna hochtóidí.
meon mentality
" meon daoine ======= Caithfidh mé a rá gur chuir meon daoine sá dá chás seo iontas orm.
mheon mentality
" Ach más léiriú é ráiteas cheannaire an GRA - gur iarchoirpigh agus *subversives *formhór na ndaoine a dhéanann gearán faoi iompar na nGardaí - ar mheon an fhórsa i gcoitinne, is féidir a bheith measartha cinnte go bhfuil troid láidir roimh pé rialtas a thugann faoi seo a chur i bhfeidhm.
meon mentality
" Is é an meon, is cosúil, ná gur gá ní hamháin a bheith aclaí, láidir, lúfar ach is gá a bheith níos aclaí, níos lúfaire agus níos láidre ná an dream eile.
meon iarchoilíneach post-colonial mentality
" Deir saineolaithe ar an meon iarchoilíneach, leithéidí Frantz Fanon, gur oidhreacht iarchoilíneach é mí-úsáid alcóil.
athrú meoin change of mind
" Creidim féin go bhfuil baint mhór ag Páirc an Chrócaigh leis an athrú meoin seo i leith an Chumainn Lúthchleas Gael sna ceantair mheánaicmeacha, mheasúla agus sna ceantair aicme oibre araon.
meon mentality
" ) Anois, agus beagnach ocht mbliana caite in Éirinn agam, bíonn deacrachtaí agam fós ó am go chéile an meon seo a thuiscint, mar gurb é malairt ghlan mheon na nÍsiltíreach i leith teangacha é.
athrú meoin change of mentality
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
mheon na bpóilíní the mentality of the police
" Ní raibh an fear armtha, rud a thugann armlón polaitiúil dóibh sin a deir nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar mheon na bpóilíní ó rinneadh an PSNI den RUC.
meon na sochaí the mentality of society
" Tá cúiseanna eile ann atá fréamhaithe go domhain i struchtúr agus meon na sochaí.
le meon na ndaoine a thuiscint to understand the way the people are thinking
" Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.
athrú meoin change of mind/mentality
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
mheon an phobail the public's thinking
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
meon mentality
" Ní féidir an córas polaitiúil agus na luachanna atá againn san iarthar a bhrú ar dhaoine sa Mheánoirthear a bhfuil cultúr agus meon eile acu.
athrú suntasach meoin noticeable change in thinking
" Ní mar sin, áfach, a d'amharc tromlach na ndaoine in Éirinn ar an cheist agus is athrú suntasach meoin é seo ón dóigh a raibh cúrsaí.
meon áirithe a certain mentality
" Is dóigh go léiríonn sé meon áirithe i dtaobh cúrsaí spórt a deir gurb é an bua an rud is tábhachtaí agus mura mbíonn tú buacach is "*loser*" thú! Chloisfeá gasúir go fiú ag glaoch *loser *ar ghasúir eile uaireanta.
meon mentality
" Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
mheoin mentality
" De thoradh an mheoin seo, tá páistí Baváracha ann nach bhfuil sásta teanga a dtuismitheoirí a labhairt.
meoin mentality
" Cén sórt meoin atá acu? Tá na lúthchleasaithe ag brath orthu in a lán slite ach an bhfuil siad ag déanamh a leasa? Céard tá i ndán do na lúthchleasaithe amach anseo nuair a éireoidh siad as an spórt? Tuilleadh cur i gcéill agus uisce faoi thalamh b'fhéidir? Agus drochfhadhbanna sláinte níos déanaí is dóigh.
meon mentality
" Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol.
meon mind, thinking
" Tá spiorad agus féiniúlacht ar leith ag baint leis an pháirc ó ceannaíodh i 1913 í, agus tá baol ann go gcaillfear cuid den fhéiniúlacht sin má cheanglaítear í i meon an phobail le cluichí neamhdhúchasacha eile.
meon mentality
" ' Ghlaoigh mise isteach chuig Fianna Fáil agus dúirt mé, 'An é sin an meon atá ag Aire Airgeadais na tíre seo?' Baineadh an rud den chéad nuacht eile - is léir go ndúirt sé é.
an meon "nualiobrálach" the 'neo-liberal' mentality
" Cháin formhór na ngrupaí an meon "nualiobrálach" a bhíonn i réim, dar leo, agus polasaithe eacnamúla an Aontais á gcur le chéile - sa mbaile agus i gcéin.
athrú meoin change of mind
" Tá feachtas poiblíochta tosaithe ag Timor Thoir le gairid atá ag iarraidh athrú meoin a chur ar Rialtas na hAstráile agus iad a náiriú os comhair an tsaoil.
meon mentality
" Dar lenár laoch nach dtuigeann sé meon lucht an rialtais.
meon caoin, fáilitiúil a kind, welcoming disposition
" Ag cuimhneamh ar an stair atá ag an tír seo ó thaobh na himirce de, bheifí ag súil go ndéanfaí dlithe inti a léireodh meon caoin, fáilitiúil i leith na n-eachtrannach a chuireann fúthu anseo gach bliain.
meon mentality
" Sílim go bhfuil sé iontach go mbeadh an meon sin ag duine th'éis 28 mbliana i bpríosún agus, ar bhealach, dá mbeadh an meon céanna againn sa tír seo bheadh muid i bhfad níos fearr as.
meon dearfach positive thinking
" " Agus í ag tagairt don tionscadal seo, dúirt Fidelma Ní Ghallchobhair ó Fhoras na Gaeilge: "Cuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge agus le meon dearfach i leith na Gaeilge ár dteanga a bheith le feiceáil i gcomhthéacs praiticiúil laethúil mar seo.
meon mind
" Dar leis an néarbhitheolaí, an tOllamh Semir Zeki, go n-osclaíonn an débhríocht sin meon agus anam an duine a fhéachann air.
meon mentality
" Anois, an meon atá ann ná "stop an fear, ní an sliotar".
mheon an fhostaí the mind of the employee
" Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil baol ann go n-éireoidh an duine sin "institutionalised", mar a deir an Béarla? "Tá an baol ann i gcónaí," a deir sí, "ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine.
mheon mind
" "Ní raibh mo sheanfhoirmle ag obair a thuilleadh," a deir sé, "Bhí mé ag obair agus ag obair gan bheith ag éisteacht liom féin - le mo chorp nó le mo mheon.
meon mentality
" Ar aon nós, caithfear teacht ar shocrú éigin mar nach cabhair é don Eoraip dhá thír a bheith in aghaidh a chéile mar seo, agus caithfidh na daoine i nGiobráltar a meon a athrú má tá todhchaí níos fearr ag teastáil uathu.
meon mentality
" Dealraíonn sé, fiú, go bhfuil an meon seo le fáil go pointe i measc bhreithiúna na tíre seo.
mheon an sceimhlitheora the mind of the terrorist
" Tugadh léargas suimiúil ar mheon an sceimhlitheora le gairid i gCanberra.
meon seo an léigir this siege mentality
" Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.
meon mentality
" “Mar shampla, i gcás Shinn Féin, an rud atá ann le cuid de na daoine atá ag plé leis ná go bhfuil meon thar a bheith docht acu.
mheon mentality
" Ach easaontaíonn lucht cáinte na nguthán póca, daoine mar an síciteiripeoir Rozie Friedman, leis an mheon seo, agus deir siad go bhfuil sé mar chuid de “Chultúr an Fhaitís” atá tagtha chun cinn ar fud na Stát Aontaithe ó tharla ionsaithe 11 Meán Fómhair.
meon dearfa positive attitude
" Bhí meon dearfa ag daoine i leith na Purgóide mar, cé gur cluiche difriúil í an iomáint nach bhfuil na deacrachtaí céanna ag baint léi ó thaobh líon na bhfeallanna le linn cluiche, aithníonn daoine go dtarlaíonn corrchalaois gan ghá ar nós tarraingt geansaí, brú sa droim, tarraingt ró-ard nó íseal le camán agus mar sin de.
meon mentality
" D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill trí ghairdíní na gcomharsan! Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola.
meon poblachtánach republican mentality
" Más fíor an méid sin, is léiriú eile é ar a láidre is a bhí an meon poblachtánach i bhFianna Fáil ag an am.
meon mentality
"meon áirithe ann – síleann siad go bhfuil an t-airgead tuillte acu.
meon na ndílseoirí ó thuaidh the mentality of the loyalists in the north
" Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh.
An meon coilíneach amháin the same colonial mentality
" An meon coilíneach amháin a bhí taobh thiar den dá rud.
athrú meoin change of mentality
" Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo? “Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
an dá mheon dhifriúla the two different mentalities
" Taispeánann an dá chlub seo an dá mheon dhifriúla atá ann i leith infheistíochta i Sraith Eircom faoi láthair.
athrú meoin change of attitude
" I lár an 18ú haois, tháinig athrú meoin ar cheannairí na hEaglaise Preispitéirí.
meoin mentality
" “Ar Scoil Bhríde, bhí b’fhéidir cuid de sin ann agus bhí an saghas meoin ann go raibh an Ghaeilge níb fhearr ar gach aon bhealach ná an Béarla, go raibh tú go maith dá mba rud é gur labhair tú Gaeilge agus go raibh rud éigin mícheart leis an mBéarla.
mheon mind, mentality
" Is doiligh a shamhlú sa lá atá inniu ann an tionchar a bhí ag na “haistriúcháin” seo ar mheon aos ealaíon na hEorpa san 18ú agus an 19ú haois.
mheon na n-aontachtach the minds of the unionists
" Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.
meon na nAstrálach the mentality of the Australians
" Ceann de na leithscéalta ba sheafóidí a léigh mé ná ráiteas a thug cathaoirleach Choiste Thír Eoghain inar dhúirt sé, is cosúil, go raibh meon na nAstrálach tar éis dul i gcion ar na peileadóirí! Chuir sin ag gáirí mé.
meon mentality
" Ní gá ach ceist shimplí a chur leis an eachtra a chur sa chomhthéacs ceart: an dtarlódh an rud céanna dá mbeadh foireann sinsear pheile Thír Eoghain i gceist? Ní gá dúinn an cheist sin a fhreagairt, ach beidh ar an stiúrthóir nua iomána aghaidh a thabhairt ar an meon a ligeann d’eachtraí den saghas sin tarlú.
an meon nua the new mentality
" Níor thaitin an meon nua leis.
meon éagsúil different mentality
" Chonacthas dom san am go raibh meon éagsúil ag na páistí seo agus rinne mé taighde ar an dátheangachas.
meon casta Íosánach Dev Dev's complicated Jesuit mind
" Cáipéis chlasaiceach is ea í, a bhfuil meon casta Íosánach Dev le léamh ar gach siolla, consan, focal, abairt, fochlásal agus alt.
meon speisialta special mentality
" Sílim féin go raibh meon speisialta ag an bhfoireann sin ina leith féin; an cur chuige a bhí acu ná dul ar an ionsaí mar bhealach cosanta agus níos mó cúl a fháil ná an freasúra.
meon an ghnáth-Éireannaigh the mentality of the ordinary Irish person
" Ní thuigim daoine a deir nach dtuigeann siad meon an ghnáth-Éireannaigh i leith fhoireann Shasana is cuma sacar, rugbaí, cruicéad agus araile a bheith i gceist.
meon mentality
" Cháin formhór na ndúchasach Abbott freisin ag rá gurbh é sin an meon a ba chúis leis na “glúnta goidte” (nuair a tógadh páistí dúchasacha óna muintir lena dtógáil le teaghlaigh gheala) agus polasaithe eile sa gcéad seo caite a rinne an-dochar.
meon dearfach positive mentality
" Mí-ádh ar Phort Láirge arís? An dtarlóidh sé sin i mbliana? B’fhéidir é, ach tá foireann na nDéise ag léiriú den chéad uair, i gcás na foirne áirithe seo, go mb’fhéidir go bhfuil gnéithe den iomáint sciliúil, cur chuige láidir agus meon dearfach acu sa deireadh atá ag teastáil chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chomórtas craoibhe.
meon an-diúltach a very negative mentality
" Bhí meon an-diúltach i leith na Gaeilge ag an am sin, mhothaigh muidne, i gCathair na Gaillimhe, ag daoine óga.
meon dearfach positive mentality
" Nuair a fheictear an meon dearfach i leith na teanga atá ag na daoine óga atá ag plé le Cumann na bhFiann, tá sé soiléir go bhfuil an aidhm seo bainte amach.
na haghaidheanna agus an meon. the faces and the mentality.
" Bhí an-oíche agam leis an DVD – ag breathnú ar conas a d’athraigh an ceol, na haghaidheanna agus an meon.
meon an tromlachais, the majoritarianism mentality,
" Leoga, níor imigh meon an tromlachais, tá a fhios agat.
léargas breá ar mheon an Phiarsaigh a find insight into Mac Piarais' mind
" Ach tá ábhar ansin ar cheart do gach duine ar spéis leis critic neamheaglach a léamh arís agus arís agus is trua nár scríobh tuilleadh ar an réimse seo nó tugann siad léargas breá ar mheon an Phiarsaigh agus ar a dhearcadh i leith na staire.
ar mheon na n-údarás on the mentality of the authorities
" ” Tháinig athrú ar mheon na n-údarás de réir a chéile, áfach.
meon, mentality,
" Go minic, níor thuig siad meon, comhthéacs ná stair an ábhair a bhí faoi chaibidil ach ba mhic léinn éirimiúla iad agus Gaeilge bhreá acu.
meon áirithe a certain mentality
" Ach tá meon áirithe ag teastáil lena aghaidh.
an meon neamhspleách, the independent mentality,
" Feicimid fosta an meon neamhspleách, dáigh, dochloíte a bhí mar bhunús lena chuid ábhar eile próis – a chuid litreacha agus aistí.
athrú meoin change of thinking
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
an meon céanna the same mentality
" Bhí siad ag déanamh an oiread sin gáire go ndearna siad dearmad gur i nGaeilge a bhí sé!”Cé go ndealraíonn sé go n-éiríonn le Fíbín an lucht féachana a shásamh, cuireann sé as do Dharach nach mbíonn an meon céanna ag cuid de na múinteoirí a gcasann sé leo.
ar an mheon bídeach éadmhar sin of that small jealous mentality
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
i mo mheon, in my mind
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
do mheon an léigir to the siege mentality
" Is iomaí tagairt do mheon an léigir i measc na n-aontachtaithe agus, le teacht na síochána, in áit an chaint seo a bheith ag dul i léig, tá sí le cloisteáil ar bhonn níos forleithne.
ar mheon an chuairteora. on the mind of the tourist
" Tá sé spéisiúil an chaoi a luíonn an chathair nua-aoiseach chomh éasca is chomh nádúrtha sin le seanghnéithe na cathrach, agus b’fhéidir gurb í an chothromaíocht sin a fhágann a rian ar mheon an chuairteora.
meon den sórt that sort of mentality
" Ba thrua dá gcuirfeadh meon den sórt sin daoine ó dhoras an leabhair seo nó, bíodh is go mbaineann na scéalta leis an am atá caite, ní sean atá siad ar chor ar bith.
thar meon more than average
" Is iomaí cor a chuirfimid dinn mar dhream go ceann cúpla glúin eile ach cén t-iomaire is féidir linn treabhadh is nach bhfuil faoi láthair? An bhaincéireacht Ghaeilge a déarfainn, tharla gur laige an bhaincéireacht thar meon faoi láthair, ach ní bhunaítear banc le seirbhís a roinnt ar a chuid custaiméirí in am ar bith.
meon diongbháilte a set mind, determination
" Ní hamháin sin ach teastaíonn meon ar leith ón duine a dteastaíonn uaidh buaic na glóire a bhaint amach – meon diongbháilte, láidir a chuireann ar chumas an duine roghanna deacra a dhéanamh, roghanna a chinnteoidh nach dtitfidh sé i leataobh nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sna dúshláin mhóra a bhaineann le gach aon spórt.
cineál meoin mind set
" Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”! Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850.
an meon Chicagóch the Chicago mindset
" Molann an dream seo fadhb shistéamach a réiteach gan dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach: an meon Chicagóch.
ómós thar meon inordinate homage
" Aonaracht agus coimhthíos a thiocfas as sa saol atá anois ann, saol a thugann ómós thar meon don íomhá phearsanta agus a thugann tosaíocht áite don ábharachas.
an meon faoi léigear the siege mentality
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
braithim meidhréis thar meon I feel a strange euphoria
" Deacair anois a dhéanamh amach an é seo mo chéad mharatón nó mo mharatón deireannach, ach braithim meidhréis thar meon nár bhraith mé le blianta fada.
meoin thinking, mentality
" Tá Robert McMillen den tuairim, áfach, go gcaithfidh athrú a theacht ó thaobh meoin de, ní hamháin ar na PSNI, ach ar Shinn Féin chomh maith.
meon mentality
" Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
mheon na nOráisteach the mentality of the Orangemen
" D’éirigh le Balor léargas an-mhaith a fháil ar mheon na nOráisteach le gairid.
Tá meon an phobail scoilte public opinion is divided
" Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht.