Pota Focal Intergaelic
fess | less | Mass | meas | mesh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina phraiseach in a mess
" Ní haon íonadh é go bhfuil an córas leighis ina phraiseach, agus go bhfuil daltaí scoile fós á múineadh i bhfoirgnimh mhíshásúla, agus go raibh ar mhúinteoirí dul ar stailc le hardú tuarastail réasúnta a fháil.
praiseach mess
" Rinne dream mór den Lucht Taistil praiseach de pháirc imeartha an Chumainn Lúthchleas Gael i nGort na Silíní (Cherryfield) i mBaile Átha Cliath le déanaí.
ina rachlas in a mess
" Tá an teach ina rachlas acu.
phrácáis mess
" Feachtas nua ======= Díreach i ndiaidh an phrácáis sin, chuaigh mé go dtí an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál.
praiseach mess
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart acting the ejit (messing about) and fawning over or pleasing people
" Beidh siad uilig ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart.
Tá sé ina bhróis déanta he's a total mess
" "A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg? Tá sé ina bhróis déanta," arsa Siobhán.
bhí an scéal ina chiseach things were a mess
" Eagraíodh cúpla cluiche peile i Melbourne in 1858 ach de bharr easpa rialacha, bhí an scéal ina chiseach.
sa bpraiseach in the mess
" " Ar an drochuair, níl aon radharc ar na "céimeanna fórsúla" sin, agus is baolach go bhfágfar polasaí iascaireachta an Aontais sa bpraiseach ina bhfuil sé i láthair na huaire.
phraiseach mess
" Ach an rud is mó a ghoilleann air ná an phraiseach a rinne sé i gcúrsaí ama.
ag pleidhcíocht messing
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
praiseach mess
"praiseach déanta ag George Bush agus ag Tony Blair maidir leis an Iaráic; an fhadhb is mó ná go mbeidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí, ní hamháin dúinne ach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
a dhéanfadh brachán den lá that would make a mess of the day
" "Teith! Teith!" arsa Eibhlín nó ní raibh a dhath a dhéanfadh brachán den lá ach boladh mún cait.
cuibhreann mess
" Dar leis go bhfuil na seomraí éigeandála sna hospidéil ina gcuibhreann ag na druncairí, go mbíonn na crampaeirí ag titim thart agus ag cur isteach ar na fíor-othair bhochta.
praiseach mess
" Tá an chuid is measa den scéal againn as an bpraiseach a rinneadh nuair a díoladh Eircom.
praiseach an-mhór a great mess
" Níl aon amhras ach go bhfuil praiseach an-mhór déanta san Iaráic.
ag scinceáil le huisce messing with water
" "Níl a dhath le déanamh acu na laetha seo a bheith ag scinceáil le huisce agus ag imirt le marla.
chiseach coipthe whipped-up mess
" Bhí gála ann, rud a d'fhág go raibh uisce an locha ina chiseach coipthe agus dath caicí air.
praiseach mess
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
praiseach mess
" Ba é a thuar Bertie Ahern ná gur praiseach a bheadh i dtorthaí an toghcháin ó thuaidh agus tháinig an tuar fán tairngreacht.
praiseach mess
" Caithfidh siad a bheith ionraic chomh maith agus gan rud a cheilt má dhéanann siad praiseach de.
ina bpraiseach in a mess
" Praiseach ======= Anois, áfach, tá Wilkins ag plé leis na Knicks, dream atá ina bpraiseach ceart ó thaobh airgid de na laethanta seo.
Praiseach eile another mess
" Praiseach eile agus muintir na hÉireann ag amharc ar an scliúchas ó na taobhlínte, mar is gnách.
Bróis déanta fat mess (referring back to her stomach)
" "Bróis déanta," arsa Ingrid agus chroith sí a ceann.
brochán mess
" Tá an ghráin agam ar chomórtaisí agus bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé brochán den amhrán, rud a rinne mé uair nó dhó! Goilleann sé orm freisin go bhfuil ar amhránaithe a dhul ar ardán foirmeálta chun éisteacht a fháil.
phrácás mess
" Easpa gnímh is cúis leis an phrácás atá déanta de na ceisteanna cigilteacha uilig faoi thodhchaí na haerlíne.
praiseach mess
" praiseach ======= B’fhearr le cuid de na daoine, ar ndóigh, mura mbeadh praiseach éigin i gceist gach Lá Fhéile Pádraig.
praiseach mess
" Toradh amháin ar an bpraiseach go léir (agus bí cinnte gur praiseach é seo) ná an deighilt atá oscailte go soiléir anois idir lucht iomána agus lucht peile i gCLG.
an phraiseach ar fud na mias things are a total mess
" Ach maidir le rialacha nua, seanrialacha agus cártaí buí (arís!) tá, mar a dúirt an fear fadó, an phraiseach ar fud na mias agus tá sin cinnte! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
phraiseach mess
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
Tá an praiseach ar fud na mias things are in a mess
brachán ceart a right mess
"brachán ceart déanta acu den scéal ón tús.
praiseach mess
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
tá an phraiseach ar fud na mias everything is a mess
" Faoi láthair tá an phraiseach ar fud na mias agus na dlíodóirí ar mhuin na muice.
ina chiseach in a mess
" Níor mhiste a rá ag an tráth seo go bhfuil córas sláinte na tíre ina chiseach agus nach bhfuil aon réiteach simplí ar an iliomad fadhbanna a bhaineann leis.
prácás mess
" Ach ar “Questions and Answers” ar RTÉ an oíche a tháinig an chonspóid chun tosaigh rinne urlabhraithe Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre prácás den scéal agus iad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
trína chéile in a mess
" Teach álainn trína chéile.
praiseach mess
" ceardcorner chinn orthuthey failed scáthfear muinínconfidence leitheadachconceited praiseachmess samhlaíochtimagination cuartaíochtvisiting marach chomh súpláilte is bhí síif it wasn't for her fitness diabhal fata a changlódh sí choidhchindevil the potato she would ever chew Thug sí na cosa léi ar éigean.
trína chéile in a mess
" Teach álainn trína chéile.
praiseach mess
" Sa Fhrainc, feicfidh tú daoine i mbialanna agus i gcaifí agus gan iad ag ól mórán – amanna, éiríonn siad buartha nuair a ordaíonn tú an dara gloine fíona! In Éirinn, den chuid is mó, bíonn daoine le feiceáil i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche ag ól is ag ól – anseo, éiríonn daoine buartha nuair nach n-ordaíonn tú an dara deoch! Smaoinigh mé faoin bpraiseach a bheadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá den bhliain nua, agus ba dheacair a leithéid a shamhlú ar shráideanna Pháras.
phraiseach mess
" Agus tá súil agam go mbeidh an phraiseach a d'eascair as an chonradh sin réitithe roimh i bhfad fosta.
bróis cheart a right mess
" “Thóg sí cíor agus rinne sí bróis cheart den mhéid a bhí déanta agam agus le tréan diúnais dúirt sí, ‘Ní maith liom Jennifer Aniston’.
sprios dry bushy mess of hair
" “Tá sé ina sprios ceart agus thug mé faoi deara go bhfuil scead liath ag toiseacht ar chúl mo chinn, díreach mar atá ar m’athair.
praiseach mess
" Sa Fhrainc, feicfidh tú daoine i mbialanna agus i gcaifí agus gan iad ag ól mórán – amanna, éiríonn siad buartha nuair a ordaíonn tú an dara gloine fíona! In Éirinn, den chuid is mó, bíonn daoine le feiceáil i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche ag ól is ag ól – anseo, éiríonn daoine buartha nuair nach n-ordaíonn tú an dara deoch! Smaoinigh mé faoin bpraiseach a bheadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá den bhliain nua, agus ba dheacair a leithéid a shamhlú ar shráideanna Pháras.
praiseach mess
" An dtuigeann tú, eipic atá sa scéal sin agus bhí cineál faitís orm ar bhealach tabhairt faoin Táin mar go bhféadfaí praiseach a dhéanamh de go han-éasca freisin.
ina bpraiseach in a mess
" Tá bóthar nua á thógáil suas tríd an tír ar fad, agus is cinnte gur áis iontach a bheidh ann nuair a bheidh sé críochnaithe, ach idir an dá linn tá na bóithre ina bpraiseach.
praiseach mess
" Taibhsí? “Muise,” arsa duine acu liom go magúil, “táir ag déanamh praiseach den tine.
ag pleidhcíocht messing
" Cad é an ní is fearr leis faoi Éire? Guinness! I gcónaí ag pleidhcíocht! 8.
brachán bocht terrible mess
" D Martin Cullen, An tAire Iompair: Rinne sé brachán bocht den aireacht dheireanach a bhí aige ach seans gur choinnigh an Taoiseach sa Chomhaireacht é lena léiriú nach ngéillfeadh sé don ghéarleanúint phearsanta a rinne cuid de na meáin chumarsáide air faoi Monica Leech.
praiseach mess
" AÓF: An ndéanann tú mórán botún, nó an ndéanann tú praiseach de riamh? NB: Ní dhearna mé praiseach cheart de le fada anois.
ag pleidhcíocht, ag poc-léimnigh, messing around, jumping around,
" Níos déanaí dúradh liom go raibh an slua lasmuigh ag breathnú ar éinín beag ar bharr na heaglaise, ag pleidhcíocht, ag poc-léimnigh, ag lorg airde mar a bheadh Ger.
praiseach a mess
" Agus mar bharr ar an mí-ádh, rinne réiteoir praiseach de chluiche ceannais eile.
praiseach mess
" Chuaigh 23,000 acu amach go dtí an Aithin agus bhí praiseach agus rírá ag an staid dá bharr.
ina gcíor thuathail in a mess
" Sea, tá cúrsaí infrastruchtúir agus tráchta ina gcíor thuathail i Nua-Eabhrac, agus ní léir go bhfuil an fuinneamh polaitiúil ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna.
pleidhcíocht de chineál ar bith any kind of messing
" Téann pleidhcíocht de chineál ar bith an-chrua ar a foighne: Thosaigh daoine eile sa rang ag gáire.
fonn pleidhcíochta a desire to mess
" “An bhfuil fonn pleidhcíochta ort?”, a d’fhiafraigh mé de.
ina phraiseach a mess
" Ach cén chuma atá ar na staidrimh seo i gcomparáid le staidrimh ar mheánluas na mbusanna i gcathracha eile? In 2005, agus busanna Bhaile Átha Cliath ag taisteal ag luas níos moille ná 13 chiliméadar san uair, ba é meánluas na mbusanna i Londain ná 18 gciliméadar san uair, 19 i mBeirlín agus Maidrid, agus 20 sa Róimh, cé go mbíonn an trácht ina phraiseach ansin freisin.
go ndéanfar praiseach don gheilleagar that a mess will be made of the economy
" Is dóigh liom go mbainfidh sé triail as an oirbheartaíocht chéanna an babhta seo, ag maíomh go ndéanfar praiseach don gheilleagar má éiríonn leis an ALP san olltoghchán.
praiseach mess
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
ina bhrachán. in a mess.
" Tiocfaidh an lá a mbeidh bóthar ar gach logán, Teach mór ar gach cnocán, Droichead thar gach feadán, Cóiste faoi gach breallán, Béarla i ngach bothán, Is an saol ina bhrachán.
go ndéanfaí praiseach den gheilleagar that a mess would be made of the economy
" Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.
an phraiseach the mess
" Léiríonn an phraiseach a rinne úinéirí Facebook den tseirbhís nua seo d'fhógróirí go bhfuil sé fós deacair teacht ar shlite chun airgead a shaothrú as seirbhísí áirithe atá ar fáil ar líne.
an phraiseach the mess
" Léiríonn an phraiseach a rinne úinéirí Facebook den tseirbhís nua seo d'fhógróirí go bhfuil sé fós deacair teacht ar shlite chun airgead a shaothrú as seirbhísí áirithe atá ar fáil ar líne.
prácás mess
" Ní léir go raibh aon toradh ar ghníomh ar bith a rinne seisean ina leith agus fágadh an prácás uilig faoin Aire úr John Gormley.
faoin bhrachán bocht seo about this poor mess
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
ag pleidhcíocht messing around with
" Smaoiním ar a héirim cheoil agus samhlaím í sa stiúideo le ceoltóirí a banna, ag pleidhcíocht le smaointe ceoil, ag ceardaíocht, ag múnlú, ag fiosrú agus “African Mailman”*, *nó “He Needs Me”nó “You’ll Never Walk Alone*” *á seinm acu.
ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad messing with all the other colours
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
le héalú as an bpraiseach to escape from the mess
" Ní hamháin sin, ach ní bhfuair sé deis tada as bealach a dhéanamh, fiú, mar gheall ar nach raibh oiread agus seisiún amháin traenála ná cluiche amháin i ndiaidh a bheith ar siúl faoina chúram! “Dícheapadh” é ar deireadh le héalú as an bpraiseach a bhí déanta ag Coiste an Chontae agus ag na himreoirí.
a phraiseach féin his own mess
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
tabhairt faoin phrácás áirithe seo. to deal with this particular mess.
" Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo.
an phraiseach ar fud na mias everything is in a mess
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an phraiseach ar fud na mias faoi láthair agus ní léir go bhfuil teacht aniar ar bith i gConradh Liospóin.
ina bpraiseach in a mess
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias it seems that everything is in a mess
" Tá údar maith acu a bheith diúltach – is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ó thaobh an gheilleagair de faoi láthair.
i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite after the mess of last week
" Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.
brachán bocht a serious mess
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
tá brachán déanta agam I've messed up
" Tá mé róshean agus tá brachán déanta agam de m’intinn le fiche bliain! Ansin tá an GPA rud seo acu! Sin marc a thig leat a fháil ó neamhní go ceathair, áit a seasann ‘neamhní’ do ‘bómánta’, agus ‘a ceathair’ do ‘Stephen Hawking’.
phleidhcíocht devilment/ messing
" Thugtaí ‘slapstick’ ar an phleidhcíocht ghreannmhar seo agus tá na geáitsí céanna le feiceáil go fóill i ngeamaireachtaí an lae inniu.
bpraiseach mess
" ’ D’éascaigh aisghairm Glass-Steagall áfach, an réabhlóid urraithe is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair.
oiread praisigh such a hames of it, such a mess
" Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach.
praiseach dá dheis a mess of his chance
" Tá Jindal, mac inimircigh as an Ind, ceaptha le bheith ina iarrthóir d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtaigh in 2012, ach más ea, rinne sé praiseach dá dheis.
phuiteach mess, mire
" Ach ar aghaidh leis na ceisteanna! Balor: Dá mbeifeá i do Thaoiseach ar an tír seo, cad é a dhéanfá chun muid a tharraingt amach as an phuiteach ina bhfuil muid? Beairic: Bhuel, is léir domsa, agus mé ag féachaint isteach ón taobh amuigh, go bhfuil an tUasal Cowen ag dul an bealach ceart; agus go bhfuil an Tánaiste ag cuidiú go mór leis ar an aistear aisteach gáifeach seo.
chiolar ciot a mess
" Bhí an córas polaitiúil ina chiolar ciot agus b’éigean eagraíocht idirnáisiúnta neamhspleách ón taobh amuigh, an OSCE, a thabhairt isteach leis na toghcháin a reachtáil.
phrácás mess
" Caithfear a bheith dearfach go dtiocfaimid slán as an phrácás seo, d’ainneoin na ndeachrachtaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire.
praiseach den athleagan a mess of the retake
" Tabhair seans do Oskar agus Eli dul i bhfeidhm ort sara ndeineann Hollywood praiseach den athleagan.
bhfaopach mess
" ‘An tsamhail Chicago’ is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar faoi láthair, dar leis.
pleidhcíocht messing
" Ach an samhradh úd d'éist mé féin agus Paul leis an albam The Unforgettable Fire arís agus arís eile agus muid ag pleidhcíocht an samhradh linn idir cluichí leadóige, corrionradh ar chailíní an cheantair agus siúl mall an tsaoil dháiríre a bhí ag máirseáil inár dtreo.
diabhlaíocht messing, devilment
" Ach, ar sé, agus diabhlaíocht ina ghuth, níl aon ghriangraf ann de leictreon ach is orthu atá an domhan tionscail bunaithe go huile agus go hiomlán! (http://www.
pleidhcíocht messing, handling
" Tá Hutchison tar éis a bheith ag pleidhcíocht le smaointe Tesla le blianta agus as a phleidhcíocht le gathanna leictreo-mhaignéadacha don chuid is mó, tá nithe áirithe tugtha faoi deara aige.
bpraiseach mess
" Deir sé go bhfuil dhá réiteach ar an bpraiseach seo ina bhfuil an pheil Ghaelach.
ag déanamh an diabhail messing
" com/watch?v=e1n-_U4aOR0&feature=related) Fágaimis focal scoir na Samhna ag an bheirt a bhíos ag déanamh an diabhail ar a chéile, Jesse is a bhean: (http://www.
phraiseach mess
" Ar bhealach, ba phraiseach ceart í an chomhdháil ar fad.
bPleidhcíocht messing
" Plécháipéis ar an bPleidhcíocht.
prácais mess
" Nollaig 2009: Cuirtear i leith an Taoisigh go bhfuil sé ag déanamh prácais de ghéarchéim na dtuillte agus na drochaimsire.
ina cac in a real mess
" ” “Bhuel,” arsa Balor, “Seo mar a thuigim: ’fhad is a bhíonn Caipitleachas ag scriúáil an Lucht Oibre bíonn an Rialtas ina chodladh ar nós cuma liom, ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.
ina phrácas cheart in a proper mess
" Cruthúntas ab ea é sin ar an mhéid a bhí ar eolas againn uilig le fada: go bhfuil teagasc na Gaeilge i scoileanna na tíre ina phrácas cheart.
praiseach mess
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
brachán bocht serious mess
" "Is ag iarraidh an brachán bocht a rinne sibhse den gheilleagar a chur ina cheart atáimid.
ina chiolar chiot in a mess
" Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot.