Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhealltach beguiling
" Is éard a bhí á léiriú san fhógra seo ar thaobh amháin ná bean mhealltach fheolmhar, a droim tiontaithe linn, agus í á folcadh féin.
neamh-mhealltach untempting
" Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.
an-mhealltach very enticing
" Cúpla bliain ó shin, chonaic mé bileog de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibne agus cúrsa an-mhealltach fógartha inti.
an-mhealltach very enticing
" Tá clár an-mhealltach againn arís i mbliana, a chuimsíonn turais lae go dtí Cósta Aontroma agus Aird Uladh agus deireadh seachtaine i gContae an Chabháin.
gurb é is cúis le híomhá mhealltach a bheith aige that the reason for it having a sexy image
" Cad chuige a bhfuil sé chomh mealltach sin, agus cad iad na heilimintí a dhéanann “*sexy*” é, nuair nach bhfuiltear den tuairim go bhfuil an damhsa eile aonair – an damhsa céime – leath chomh *sexy*? Bhuel, measaimse gurb é is cúis le híomhá mhealltach a bheith aige ná an tsaoirse, an tsoibealtacht agus an gháirsiúlacht a bhaineann leis.
mhealltach attractive
" Nixon ar an éacht a bhí bainte amach acu - éacht nach raibh ach ina ábhar aislinge go dtí sin agus a mhaireann ina choincheap mhealltach go fóill a spreagann agus a thugann ábhar inspreagtha d’ealaíontóirí.
mhealltach beguiling
" Bíodh go raibh orthu fanacht go dtí an lá deiridh maidir lena n-áit a chinntiú i gCorn an Domhain, is léir go ndeachaigh pearsantacht mhealltach luaineach Maradona i bhfeidhm ar a chuid imreoirí ón mbealach a ndearna siad ceiliúradh leis tar éis do Mario Bolatti an cúl cinniúnach cáiliúcháin a aimsiú in aghaidh Uragua.