Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a mheas to gauge
" **(d)** Táimíd ag plé le ranna stáit éagsúla ach is obair í seo a thógann an-chuid ama agus is deacair dul chun cinn a mheas.
á mheas being assessed
" Fuair siad dearbhuithe ó Sir Ronnie go raibh sos cogaidh an UDA á mheas "ar bhonn laethúil", agus d'imigh an toscaireacht léi sona sásta.
a mheas assessed, evaluated
" Cuireadh na leasuithe faoi bhráid an *Stati Gerarali*, cruinniú a bhí ar siúl ar an 19 agus 20 Nollaig in Foligno (in aice le Perugia) chun iad a mheas.
a mheas to estimate
" Liostaí seoltaí ======= Tá sé deacair a mheas cé mhéad airgid a shaothraíonn na comhlachtaí a fhógraíonn le *spam *cé gur dócha gurb iad na comhlachtaí a dhíolann na liostaí seoltaí is mó a dhéanann airgead.
a mheas to weigh up
" Níl *Beo!* sásta a rá le haon duine cén tslí ar cheart dó vótáil i Reifreann Nice ach measann muid go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí na hargóintí ar an dá thaobh a mheas go cúramach agus gan a bheith ar nós cuma liom faoi chinneadh a mbeidh impleachtaí móra aige, ní hamháin dúinne in Éirinn ach do na milliúin eile ar fud na hEorpa.
mheas respect
" Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.
mheas tráchtairí áirithe certain commentators thought
" Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan.
Cad é do mheas, anois? What do you think, now?
" "Cad é do mheas, anois?" arsa Máire agus í ag amharc ar na bocsaí.
mheas as cuimse the great respect
" Labhair sé faoin mheas as cuimse atá aige ar an nádúr.
an mheas a léirítear ar an mháthair i dtólamh the respect that is always shown to mothers
" Meas ar an mháthair ======= Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa go gcaitear saothar mór le Lá na Máithreacha i Meicsiceo nuair a smaoiníonn tú ar an mheas a léirítear ar an mháthair i dtólamh, go háirithe i measc na bhfear.
chun iad a mheas to assess them
" An tslí a roghnaítear na saothair a thaispeántar ná go gcruinníonn ochtar nó mar sin de na hacadamhaithe le chéile chun iad a mheas.
mheas an rialtas the government reckoned
" Bréag a bhí ansin freisin ach mheas an rialtas go gcuideodh sé leo sa toghchán agus, faoin am a thaispeánfaí gur bréag a bhí ann, go mbeadh an toghchán thart.
Dea-mheas respect
" Dea-mheas na bpolaiteoirí áitiúla agus lucht gnó.
mheas mé I believed
" Cheap mé nach raibh sé ceart a bheith ag caint i mBéarla ar chor ar bith agus mheas mé gur cheart dom an Ghaeilge a fhoghlaim.
a mheas to evaluate
" Taighde cuimsitheach a bheith déanta ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le héifeachtacht an chórais a mheas.
nach féidir a mheas than cannot be estimated
" Chomh maith leis an chostas daonna, bhí costaisí eile ann nach féidir a mheas go furasta.
an-mheas a lot of respect
"an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.
a mheas to assess
" Gleann Cholm Cille agus Cill Charthaigh ======= Ar ndóigh, níor cheart achan rud a mheas le staitisticí.
a mheas to assess
" Ní mór dul faoi agallamh le do chumas Gaeilge a mheas leis an deontas seo a fháil ach amháin sa chás gur éirigh le duine de do chuid páistí deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a fháil.
an-mheas a great deal of respect
" Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU i 1968 agus bhí an-mheas air agus é sa phost sin.
a mheas to assess
" Seo an t-am a dheinim iarracht gach aon chuid de mo shaol a mheas agus a leagan amach ar bhileog agus go ngeallaim dom féin go mbeidh rudaí difriúil an bhliain seo.
go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin. that he has great respect for the people of Inis Meáin.
" Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
mheas muintir na háite the locals thought
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
an-mheas a lot of respect
" D’fhéadfá labhairt leis ar ábhar ar bith agus tá an-mheas ag daoine air.
is doiligh a mheas it is difficult to judge
" De bharr na gceisteanna dlíthiúla seo, is doiligh a mheas cén stádas atá ag an chiorclán a d’eisigh an tAire Oideachais i mí Iúil 2007, inar fógraíodh athruithe ar an luath-thumoideachas.
Mheas sé go líonfadh Mick bearna he thought that Mick would fill a gap
" Mheas sé go líonfadh Mick bearna ar fhoireann peile Átha Cliath.
leis an t-iarratas a mheas to assess to application
" **Moill ** Tá an mhoill a bhíonn i gceist leis an t-iarratas a mheas ar cheann de na lochtanna is mó atá ar an bpróiseas.
gur mheas a bhformhór that most of them thought
" Léiríonn an pobalbhreith thuasluaite gur mheas a bhformhór nach raibh “*a fair go*” á thabhairt do na hoibrithe faoi WorkChoices.
agus a gcultúr a mheas. and to assess their culture.
" " An ionann oideachas agus geal anois, agus bochtanas agus gorm? Agus an amhlaidh gur cheart an bochtanas sin a cheiliúradh? Idir dhlíthe comhionannais agus dheontais chúnta, tá an dúrud déanta ag an rialtas chun lámh chúnta a thabhairt do na Gormaigh, ach ní mór don chine féin seasamh a ghlacadh anois agus a gcultúr a mheas.
le cumas teanga iarratasóirí a mheas, to assess language skills of applicants
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
ó thaobh tuairimí an phobail a mheas in terms of gauging public opinion
" Is cosúil nach bhfuil na scileanna céanna ag Kenny ó thaobh tuairimí an phobail a mheas – dá mbeadh, ní dhéanfadh sé an scian a shá in Ahern le linn don chuid eile den domhan a bheith á mholadh go hard.
níor mheas mé I didn't think
" Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin *ní raibh* mé maith go leor.
mhéadaigh mo mheas air, my respect for him increased,
" Chuir mé aithne air de réir a chéile agus mhéadaigh mo mheas air, go háirithe nuair a d’inis sé scéal a bheatha dom.
gan mheas, without respect,
" Samhlaigh chomh huaigneach agus éadóchasach is a bhraith an páiste sular mharaigh sí í féin – caithfidh gur bhraith sí go raibh sí gan luach, gan chara, gan mheas, gan ghrá ina saol.
go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe that the people of Australia have a lot of respect for the current queen of the UK
" Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac.
Mheas mé I reckoned
" Mheas mé, agus bhí an ceart agam, go raibh sé ag obair mar chlaonbholscaire do Chathal Ó hEochaidh.
mheas mé I felt
" Bheartaigh mé achomharc a dhéanamh in éadan cinneadh na Roinne cionn is gur mheas mé go raibh teorannú míréasúnta déanta acu ar m’iarratas agus gan ach cáipéisí a bhain le dhá eagras tugtha dom.
mheas to estimate
" Tá an tóin ag titim as geilleagar na hÉireann chomh tapaidh is nach féidir leis na heacnamaithe na figiúirí a mheas chomh gasta is atá an scéal ag athrú.
a mheas to estimate
" Chuir an tAire Ó Cuív an t-iarratas faoi bhráid Príomhoifigeach Rannóg Polasaí na Gaeilge leis an iarratas a mheas "agus moladh a chur faoi mo bhráid.
Mheas estimated
" Mheas Mikhail Gorbachev gur ghoid na holagarcaigh $1 trilliún ón stát Rúiseach sa 'príobháideachas' seo - nó 'mafia-áideachas' mar a thugann na Rúisigh air.
mheas estimate, judge
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
mheas to judge
" De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.
mheas siad they estimated
" Bhí i bhfad an iomarca Meiriceánach ag maireachtaíl ar chreidmheas, go háirithe an t-airgead a mheas siad a bhí acu ina dtithe.
Mheas sí she thought
" Mheas sí go misneodh sé na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas dá gcuid féin, ach chreid sí gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.
mheas estimation
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
mheas reckoned
" Ós rud é gur anseo a bhí cónaí orainn, mheas siad nár mhiste an teanga a fhoghlaim.
is beag a mheas he has little regard
" Fuisce níor ól sé ach corruair, a dúirt sé; capall níor shuigh sé ar dhroim bheathach capaill ariamh, agus is beag a mheas ar eallach.
mheas to estimate
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
Mheas reckoned
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
mheas estimate
" Dúirt Dónall go mbeidh siad ag iarraidh ar na húdaráis i Sasana suirbhé níos cuimsithí a dhéanamh chun an t-éileamh atá ar an Ghaeilge go náisiúnta a mheas.
mheas estimation
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
mheas thought
" fr) agus a cuireadh sa phost ar an gceathrú lá déag de Mheán Fómhair, deir sé go raibh sé ar tí lámh a chur ina bhás féin toisc gur mheas sé nár thug an córas dlí cothrom na Féinne dó.
mheas thought, felt
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
mheas estimate
" Agus ag féachaint ar scéal na Fionlainne ina iomláine, b’fhéidir go mbeimid in ann an méid atá romhainn ó thaobh athruithe agus coimhlintí sóisialta a mheas.
an-mheas great respect
" Cé go bhfuil an-mheas agam ar thiomantas agus ar thionscantach an ghrúpa Tonntóirí, ba léir nach raibh mórán clú acu conas an fheidhm is fearr a bhaint as.
mheas estimate
" Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.
á réamh-mheas being discussed
" Ceithre lá i ndiaidh ionsaithe 9/11, nuair a bhí ionsaí ar an Afganastáin á réamh-mheas ag rialtas Bush, mhol Paul Wolfowitz ionsaí ar an Iaráic mar go raibh sé “do-able.
mheas reckoned
" Agus é ag caint ar an bhfilíocht a bhí le teacht in The Future Poetry (1953), mheas Sri Aurobindo gur fearr an tuiscint a bhí ann fadó do rithimí na filíochta toisc go raibh an chantaireacht mar chuid lárnach den fhilíocht sa tseanreacht.
Mheas sé he reckoned
" ”* Mheas sé go raibh na trioblóidí *“ridiculously old-fashioned and out of touch with the times in which the island of Ireland lived.
Mheas reckoned
" Mheas siad dís go mbeadh cúrsaí níos éasca ag Páirtí an Lucht Oibre comhoibriú leis an Seanad agus cothromaíocht na cumhachta ag an bPáirtí Glas.
mheas sí she reckoned
" É sin ráite, ámh, baineadh siar as daoine go leor nuair a thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, le fios ar na mallaibh gur mheas sí go mbeadh fórsaí Astrálacha fós gníomhach san Afganastáin go ceann deich mbliana eile ar a laghad.
mheas daoine go leor many people thought
" Thug Abbott a thacaíocht don ról atá ag na fórsaí Astrálacha san Afganastáin, ach mheas daoine go leor go ndeachaigh a chuid reitrice thar fóir nuair a mhaígh sé ina aitheasc go raibh an cogadh “the central front in the most important civilisational struggle of our time”, an feachtas in éadan “antoisceachais Ioslamaigh”.
Mheas reckoned
"Mheas an Taoiseach gurb é an réiteach is fearr ar an scéal seo ná go gcuirfí gach litir le seoladh i nGaeilge díreach go Baile Átha Cliath, gan aon réamhshórtáil déanta orthu sa Bhreatain.
éinne a mheas anyone who thought
" Mhaígh fear i measc na ngealt gur amadán éinne a mheas nach raibh an bháisteach go maith don duine.
mheas mé I thought
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
mheas mé I thought
á mheas being estimated
" Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
Mheas reckoned
" Is é an t-innéacs corpmhaise an tslat tomhais idirnáisiúnta le meáchan an duine a Mheas.
Mheas reckoned
" Mheas an Indo go raibh 4,000 saoránach de chuid na hÉireann ina mbaill de fhórsaí airm na Breataine agus go bhfuil an méid ag dul suas 10% gach bliana.
mheas thought
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
Mheas estimated
" Mheas an Coimisiún freisin go raibh na rialtais éagsúla ag caitheamh $4.
Is é a mheas he feels that
" Is é a mheas nach dtuigeann an gnáthléitheoir nuachtáin na hathruithe atá tarlaithe cheana féin ná nach dtuigeann tionchar na ré nua digití seo ar thodhchaí na nuachtán.
feidhmiúlachtaí costais a mheas estimate the cost practicalities
" Tá luach geilleagrach i gceist agus go teoiriciúil d’fhéadfaí na feidhmiúlachtaí costais a mheas.
tosaíochtaí a mheas to estimate (their) priorities
" San am atá le theacht beidh ar gach tír a cuid tosaíochtaí a mheas, a cuid luachanna a mheabhrú, agus cinnidh deacra a thabhairt dá dheasca seo.
gach dúnghaois a mheas to estimate every policy
" Ní foláir gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.
Céard é do mheas what do you think
" Uachtarán ===== **SMM: Céard é do mheas ar na daoine a luadh leis an toghchán Uachtaránachta? An bheirt Mhícheál, Mícheál Ó Muircheartaigh agus Michael D.
mheas to assess
" Ag deireadh thiar thall, tá dualgas bunreachtúil fíorthabhachtach amháin ag Uachtarán na hÉireann: gach Bille ón Oireachtas a mheas le cinnte a dhéanamh dhó go bhfuil sé ag teacht leis an mbunreacht agus, má tá amhras ann faoi, é a chur os comhair na Cúirte Uachtaraí, lena scrúdú.
Mheas mé go raibh I felt that
" Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
iarracht an cháilíocht beatha a mheas an attempt at evaluating the quality of life
" Níl san innéacs ach iarracht an cháilíocht beatha a mheas.
mheas to estimate
" '* Is faoin Dáil atá sé mar sin a mheas cá dtiteann an leas choiteann sa chás áirithe seo.
mheas cléireach na cúirte the court clerk reckoned
" ”* Dúradh sa mheamram chéanna gur mheas cléireach na cúirte a bhí ar dualgas an lá sin gurb é *“the Donegal accent and the speed of delivery of the evidence in Irish”* ba chúis le deacrachtaí an Bhreithimh.
Is é mo mheas I estimate
" Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu.
is é mo mheas I reckon
" Más duine fiosrach tú faoin saol comhaimseartha thart ort agus faoina thionchar sin ort féin, is é mo mheas gurb é The Shallows an leabhar is suimiúla a léifidh tú i mbliana.
a mheas de réir estimated according to
" Cleas an Philibín ======= ’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
a raibh an-mheas a’m air I held in high esteem
" Is fear é a raibh an-mheas a’m air.
a mheas mise a bhí tábhachtach which I felt were crucial
" Bhí cuid mhaith bladair, go háirid ó thaobh ceannairí an pháirtí, faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfaidís isteach sa rialtas, ach nuair a thángadar isteach i rialtas, a mhalairt ar fad atá tarlaithe agus níor sheas siad leis na bunphrionsabail a mheas mise a bhí tábhachtach.
mheas móramh na nGael most of the Irish figured
" Victor Bayda as Ollscoil Moscó ag trácht ar eachtra den chineál seo níos luaithe i mbliana, cheapfainn gur mheas móramh na nGael a chonaic é nach n-oibreodh an leigheas a bhí á mholadh aigesean.
mheas siad they felt
" Léirigh na pobalbhreitheanna thuas go raibh mná na hAstráile amhrasach faoi cheannaire an fhreasúra, Tony Abbott, de bharr gur mheas siad go raibh a chuid ionsaithe ar Gillard gnéasach.
Na Srutháin Inmheánacha a Mheas estimating the internal streams
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh to roughly guess the budget
" Ní raibh ach 36% de na daoine a ceistíodh in ann an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh.
mheas i gceart estimate properly
" Orainn féin atá an locht mar phobal mura bhfuil sé ar ár gcumas ceannairí na tire agus a gcuid dúnghaoisí a mheas i gceart.
is é mo mheas féin I reckon
" Anuas ar sin, is é mo mheas féin gur malairt a chéile a bhíodh na treonna á nglacadh ag dá dhream a roinneann saol na Gaeilge ina dhá leath.
Níl aon mheas ar there’s no esteem for
" Cén chaoi a bhfuil an scéal maidir le foclóir maith Béarla-Gaeilge in Éirinn? Scéal fada ar an easpa! Níl aon mheas ar fhoclóir Gaeilge ach rud atá i bhfad as dáta.
Is é mo mheas I reckon
" Is é mo mheas má shocraíonn tú gan bacadh le teicneolaíocht is ionann seo agus socrú ar neamhaird a dhéanamh de ghnóthaí airgid.
do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga to how the general public hold the language in high esteem
" Tuigimid a thábhachtaí is atá feiceálacht na Gaeilge do ghradam agus do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga.
an-mheas ag daoine ar people (have) great respect for
" Is cinnte go bhfuil an-mheas ag daoine ar Adele as ucht a cuid mothúchán a chur trasna ina cuid amhrán.
mheas cuid acu some of them thought
" Léirigh siad freisin go raibh fadhb ag Abbott le vóta na mban, faoi gur mheas cuid acu go raibh sé ró-ionsaitheach, go háirithe nuair a thug sé íde béil do Gillard sa pharlaimint agus ag léirsithe lasmuigh de Theach na Parlaiminte.
Le obair an rialtais seo a mheas in order to estimate the work of this government
" Le obair an rialtais seo a mheas is fiú go mór an comhthéacs a bhreathnú.
a mheas Breitheamh amháin which one judge felt (was ..
" B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta.
luach tí a bhí ar díol a mheas to reckon the price of house which was for sale
" Mar shampla deireanach, iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit luach tí a bhí ar díol a mheas.