Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mianach mine
" Déantar sléibhte a fholmhú, truaillítear an t-aer agus an t-uisce, agus nuair a bhíonn an gual ar fad bainte amach as suíomh, fágtar an mianach ina bhlaosc shalach - talamh nach féidir a úsáid arís.
go raibh mianach an scoláire mhóir ann that he had what it took to become a great scholar
" Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart.
mianach calibre
" Dar leis an ghlór seo gur aige atá an mianach, gur aige atá na magairlí, gur aige atá an stuif ceart.
D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail he used to work in the coal mines
" D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail mar leictreoir, agus d'oibrínn féin os cionn na talún, ag déanamh réidh na masc.
mianach iarainn iron ore
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
mianaigh talún landmines
" Ansin, b'éigean dóibh bealach a ghlanadh trí na mianaigh talún do na *Royal Winipeg Rifles*.
mianach strain
" Cén dóigh gur féidir le hotharlanna smacht a fháil ar an fhadhb, mar sin, nuair a bhíonn othair ag teacht isteach chucu le mianach marfach den ghalar? Arís eile, níl aon réiteach simplí ar an scéal ach b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag na hotharlanna móra córas scagtha a chur ar bun sula dtugtar leapacha d’othair.
den mhianach ceart of the right quality
" Sílim féin go raibh cuid mhaith den mhí-ádh air sa mhéid is go raibh imreoirí tábhachtacha in easnamh de bharr iad bheith gortaithe nuair a bhí géarghá leo agus ní raibh mórán imreoirí den mhianach ceart ar fáil ar aon nós.
mianach quality, ability
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
mianach quality
" Thug an clár an-léargas dúinn ar shaol agus mianach mhuintir Ailpín.
traenacha lasta ó Mhianach na Teamhrach. cargo trains from Tara Mines.
" Molann siad d’Iarnród Éireann traenacha paisinéirí a chur ar an líne atá ann anois, ón Uaimh go Droichead Átha, nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh traenacha lasta ó Mhianach na Teamhrach.
shíl seisean go mbeadh mianach ionam he thought that I would have a facility/talent
" Bhí aithne agam ar an bhfear a bhí ina bhun agus shíl seisean go mbeadh mianach ionam ó thaobh na fuirseoireachta de.
mianach an iriseora aptitude of the journalist
" Cé gur fhág mé saol na hiriseoireachta beagnach deich mbliana ó shin, níor thráigh mianach an iriseora ionam fós agus tá *Lá*, nó *Lá Nua* á léamh agam go rialta ó shin, chomh maith le nuachtáin go leor eile i nGaeilge agus i mBéarla.
mar gheall ar líon na mianach talún because of the number of landmines
" Bíonn idir fhrídíní agus phléascáin – más fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háite – á crá.
mhianach an chaidrimh the quality, type of relationship
" Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.
mianach the capability
" Tá na himreoirí ag imirt le féinmhuinín agus le scil agus tá imreoirí áirithe ag taispeáint, ag an leibhéal sinsir, an mianach a bhí le feiceáil iontu agus iad níos óige - Liam Ó Rois, Alan Mac Raib (1-50 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Ceallacháin (4-17 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Treasaigh, Seán Mac Gafraidh agus eile.
mianach mineral
" Is é sin, an ola faoi ghrinneall na farraige nó an mianach faoi shlios an tsléibhe, ní acmhainn é go gcruthaítear inneall a dhófas an ola, nó go dteastóidh soitheach a dhéanfar as miotal.
mhianach species, strains
" Faoi láthair tá siad bunaithe ar fud thuaisceart na tíre agus in iomaíocht ghéar le hainmhithe éagsúla de mhianach dúchais.
mianaigh talún landmines
" Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu.
mhianach na gcorp seo physical composition
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
mianach breed
" Réitíonn siad go maith leis an mianach eile fosta – an rón beag.
a bhfuil mianach ealaíontóra ann who has artistic capabilities
" com> ina bhfaighfidh tú bosca uirlisí iontach saor in aisce d’éinne a bhfuil mianach ealaíontóra ann atá ar tí briseadh amach! Ag súil le bhur saothar a fheiceáil go luath!
An Mianach Ceart the appropriate qualities
"An Mianach Ceart ========= Agus é sin ráite, thig linn a rá go bhfuil gach uile dhuine de na hiarrthóirí seo ag déanamh go bhfuil an rud sin acu ar a dtugtar mianach uachtaráin.
an mianach ceart i (he) has it in him, is capable
" Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos: Go nilimurru nhina yarrarrayun Yolnu Bandirriya dharwulnurana wana marrkapmirri wana marrapmirri narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu (Tagaigí agus suígí i líne le chéile ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin) Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
mianach álainn smóldhearg a beautiful seasoned colour quality
" Céard a bhí agam os comhair mo dhá shúil, ach fliúit ar an seandéanamh, cheithre bhanda miotail socraithe go paiteanta uirthi, agus mianach álainn smóldhearg ina cuid adhmaid.
mianaigh mines
" Ba mhinic daoine a raibh amhras fúthu i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre.
mianach leabhair iontu the makings of a book in them
" "Muise", ar sí liom agus í ag breathnú timpeall an tseomra ar an slua i rith sosa, "Cé as a dtáinig siad go léir?" An tOllamh Ó Conchubhair a thug 'eochairléacht' na Comhdhála - ar na gearrscéalaithe óga sin nár fhoilsigh leabhair go fóill, ach a bhfuil mianach leabhair iontu.
go leor de mhianach plenty of characteristics
"go leor de mhianach sean-Ghaeilge lár-Uladh meascthaí suas anseobh againní in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo.
bhfuil sé i mianach an duine it’s human nature
" Is dócha go bhfuil sé i mianach an duine go mbíonn sé ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh.
raibh an mianach ceart ag had the right qualities
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
sna mianaigh in the mines
" Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
Nach mór a bhí siad mar mhianach weren’t they a large breed
" Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal? Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
a bhfuil mianach is fuinneamh iontu who have talents and energy
" Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.
Léirigh sé mianach aiceanta he showed a natural talent
" Léirigh sé mianach aiceanta go hóg agus é i mbun na ceirde céanna agus d’oscail sé a chéad siopa éadaí i gcathair San Sebastián agus gan an scór bliain sroichte aige fiú amháin.
de mhianach measctha of a mixed breed, mongrel
" Níl aon teorainn leis an mbá agus an gean atá againn dár gcairde is dílse, idir alsáiseacha agus huscaithe, púdail nó síotsúnna agus mura bhfuil tú in ann rogha a dhéanamh idir na coileáin sin, is féidir madra de mhianach measctha a aimsiú gan stró.
mianach an diabhail of the seed of the devil
" Ach tá sé inghlactha go dtabharfadh Céad Aire Thuaisceart Éireann tacaíocht do ‘thréadaí’ bunchreidmheach, Pastor James Mc Connell, a mhaígh gur ‘mianach an diabhail’ a bhí san Ioslám.
an mianach ceart the needed talents
" Nílim muiníneach go bhfuil an mianach ceart i bpolaiteoirí na hAstráile le cinneadh misniúil a dhéanamh i dtaca le ceist eitice chasta na heotanáise toilteanaí, mar a bhí ina gcomhghleacaithe san Ísiltír, san Eilvéis agus sa Bheilg.
mhianach inate ability
" Tá sé de mhianach ar údar éigin i bpobal na Stát Aontaithe ó thús, ceannaire a sholáthar in am na héigindála.
mianach (a human) ability
" Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn our wanderlust is a opportunity to gain insight
" Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson.