Pota Focal Intergaelic
mac | mi | mica | mig | mil | min
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mic léinn poitéinsiúla potential students
" Feicfidh siad muid ag obair ar chúrsaí nua, ar mhodhanna nua múinte, amuigh ag labhairt le mic léinn poitéinsiúla, ag breathnú ar an gcaoi is fearr ar féidir leis an ollscoil freastal ar an tsochaí chomhaimseartha.
scoláirí agus mic léinn den scoth top scholars and students
" Cé nach bhfuil an institiúid ann ach le haon bhliain déag, tá sí tar éis scoláirí agus mic léinn den scoth a mhealladh, agus tá cáil uirthi ar an dá thaobh den Aigeán Atlantach mar áit atá thar barr ó thaobh scoláireacht na hÉireann de.
d'iasachtaí mic léinn student loans
" B'fhéidir gur mar gheall ar chúrsaí airgid - bhí na mílte dollar d'iasachtaí mic léinn le híoc ar ais aige - a thug Buckley aghaidh ar Wall Street tar éis dó an chéim a bhaint amach.
mic tíre wolves
" "Sa lá atá ann inniu ann, níl ainmhithe creiche acu, ach dhá chéad nó trí chéad bliain ó shin bhíodh mic tíre anseo.
Shocraigh na mic The sons decided
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
duine de na mic, one of the sons,
" De réir an tseanchais, nuair a scar na tuismitheoirí óna chéile, bhí Ruaumoko, duine de na mic, ina leanbh fós.
go mbeadh na mic báite that the sons would be drowned
" Ní mó ná sásta a bhí Rangi agus Papa leis an scaradh; bhí baol ann go mbeadh na mic báite ag deora Rangi ag titim ón spéir.
go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaí that he will have kids in the future (not direct trans)
" Agus deir sé go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaí – agus gur Gaeilgeoir a bheidh i ngach duine acu.
mic léinn altranais nursing students
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
mic léinn bhochta poor students
" B’fhéidir gur deacra é sin fós do na mic léinn bhochta nach léachtóirí iad ach bhí ardseachtain againn agus fágadh “*ram Gaelg”* (go leor Gaeilge) againn ag a deireadh.
seilbh a ghlacadh ar an micreafón take possession of the mic
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
atá in aois chuí le bheith ina mic léinn. who are the right age to be students
" Tá go leor imní orm faoi sin, ach níor smaoinigh mé ar an chomhthéacs cultúrtha eile a bhí romham: bhí mé le bheith mo mhac léinn arís, agus ní hamháin sin, bhí mé le bheith i measc mac léinn atá in aois chuí le bheith ina mic léinn.
mic léinn students
" Chomh maith leis sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí níos measa fós ag na mic léinn in Éirinn le foilsiú na Cáinaisnéise an mhí seo caite.
mic léinn students
" Na mic léinn a d’fhreastail ar Ollscoil Uladh ag Cúil Raithin, ar náisiúnaigh iad a mbunús, dhearc siad ar Phort Stíobhard mar bhaile, chan Cúil Raithin.
mic léinn students
" Agus na mic léinn a chuireann a oiread sin eagla ar pholaiteoirí, táthar ag súil go gcuirfidh briseadh lár téarma na Samhna deireadh lena gcuid agóide.
mic léinn ón iasacht foreign students
" Is éard atá ann, rannóg san ollscoil ag plé le mic léinn ón iasacht a thabhairt isteach agus scéimeanna malartaithe ar fud an domhain.
mic tíre wolves
" An míniú? Baineadh an dá chluais de chun nach mbeadh na mic tíre in ann greim a fhail air.
mic léinn students
" Ba nós nuair a bhí muid inár mic léinn san ollscoil, go gcuirfí siar go dtí an Ghaeltacht muid agus roghnaigh mise Conamara agus chaith mé coicís ar an gCnocán Glas sa Spidéal.
mic léinn students
" Ceann de na comharthaí ab fhearr sa chomhdháil, ámh, ná na mic léinn go léir a tháinig as gach cearn de Cheanada chun a scéal a insint faoi mhúineadh na Gaeilge.
Mic Léinn students
" "Ar vanifestadeg a oa dreist, ur bern tud 'oa! Leun a fent ha startijenn!" (Bhí an siúlóid go hiontach, agus bhí go leor daoine ann! Siamsa agus fuinneamh go leor!" Mic Léinn Diwan ====== Cé go bhfuil líon na mac léinn sa Roinn Briotáinise íseal go leor, tá neart fuinnimh agus díograis acu.
mic léinn students
" Coláiste mar a Thuairisc? ========= Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais.
mic léinn úra new students
" Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
mic léinn students
" Más mic léinn iad a bhformhór (agus is cosúil gurb ea), is féidir glacadh leis go bhfuil 3,000 duine nua gach ceithre bliana nó mar sin ag foghlaim na teanga.
mic léinn students
" Foirne eile, luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu, nó bánaíodh a lucht imeartha le déanaí agus mic léinn Erasmus na hÉireann bailithe leo.
mheallann na mic léinn is cliste obtains the best students
" Le tríocha bliain anuas is é an t-airgeadas is mó a mheallann na mic léinn is cliste i Meiriceá.
mic léinn students
" Bím ag teagasc, gan amhras, ranganna ÙLPAN, mic léinn in Óban uair sa tseachtain.
mic léinn, iarchéimithe agus ollúna students, post-grads and professors
" Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta.
a mic their sons
" ”* Chaill Margaret Aspinall (cathaoirleach *Hillsborough Family Support Group*) agus Anne Williams a mic sa tubaiste agus bhí siad ar an ardán le Sheila Coleman agus le feisirí áitiúla.
le mic léinn a mhealladh to entice students
" Bhí iarracht den íoróin ag baint leis gur cuireadh toscaireacht chun na hIndia le mic léinn a mhealladh chuig ollscoileanna na hÉireann dhá lá i ndiaidh don rialtas an t-ardú sa táille cláraithe a fhógairt.
staraithe agus mic léinn ag brath ar historians and students depending on
" Beidh staraithe agus mic léinn ag brath ar an leabhar údarásach seo go ceann i bhfad más mian leo na Trioblóidí a thuiscint i gceart.
an t-ainm athar agus mic the father’s and son’s name(s)
" 'Trenacatus' agus 'Maglagni' an t-ainm athar agus mic atá ar an gcloich sin ̵ 'tréanchath', 'málán' (> Maoláin; 'prionsa') agus 'cú' an trí fhocal ansin is dóigh.
ag roinnt tí le mic léinn eile sharing a house with other students
" An té a bhfuil cúram roinnt déagóirí faoi chaolachaí an tí nó níos measa fós, go bhfuil siad ag roinnt tí le mic léinn eile le linn freastal ar an ollscoil, rachaidh sé go maoil a mhainge soláthar mar ba cheart ar a theaghlach ar an meántuarastal tionsclaíoch.
mic léinn students
" Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne.