Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhianadóireacht guail coal mining
" Déanann an mhianadóireacht guail an timpeallacht a loit chomh maith.
mianach mine
" Déantar sléibhte a fholmhú, truaillítear an t-aer agus an t-uisce, agus nuair a bhíonn an gual ar fad bainte amach as suíomh, fágtar an mianach ina bhlaosc shalach - talamh nach féidir a úsáid arís.
ar shlí níos mine in a more detailed way
" D'fhéadfadh easpa comhoibrithe an MOD fós a bheith mar chionsiocair le Rialtas na hÉireann fiosrúchán poiblí níos cumhachtaí a bhunú amach anseo leis an scéal uilig a fhiosrú ar shlí níos mine.
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí to engage in date mining
" Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
ceadúnais mhianadóireachta mining licences
" Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo.
D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail he used to work in the coal mines
" D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail mar leictreoir, agus d'oibrínn féin os cionn na talún, ag déanamh réidh na masc.
mianadóireacht mining
" Is caoineadh é an fonn mall ar Shliabh an Airgid, áit a ndearnadh mianadóireacht ar feadh na mblianta fada.
de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo because of the ecological effect of this mining
" Tá an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
Léití amach aistí de mo chuid féin essays of mine used to be read out
" Léití amach aistí de mo chuid féin agus bhaininn an-phléisiúr as sin.
traenacha lasta ó Mhianach na Teamhrach. cargo trains from Tara Mines.
" Molann siad d’Iarnród Éireann traenacha paisinéirí a chur ar an líne atá ann anois, ón Uaimh go Droichead Átha, nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh traenacha lasta ó Mhianach na Teamhrach.
de cheal léirmhínithe níos mine. because of a lack of more detailed interpretation.
" Ní heol don léitheoir an dea- nó drochtheist ar na pearsana an méid sin, de cheal léirmhínithe níos mine.
ar a mine ghéire on the qui vive
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair mining for copper
" Bhí siad ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair a bhí de dhíth ar arm na Stát Aontaithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda.
corparáidí mianadóireachta mining corporations
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
mianadóireachta mining
" Ar ndóigh, is úinéirí nó bainisteoirí corparáidí ola agus mianadóireachta go leor acu.
níos mine in greater detail
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
Ba nós liom it was a habit of mine
" Ba nós liom Foinse a fháil ón siopa is goire dhom ar an Satharn, agus sásamh a bhaint as ag an mbricfeasta.
baile mianadóireachta a mining town
" Is baile mianadóireachta é Coober Pedy, ina gcónaíonn muintir na háite i dtithe a tochlaíodh faoin talamh.
barr mine grain crops
" ’ (Woodham-Smith, 122) (Tagairt do ‘Trevelyn’s corn’: Bhí an fear céanna, Routh, i gcoinne na n-onnmhairithe barr mine as an tír mar ‘*serious evil’*.
níos mine more refined
" An Glasra Gogarty amháin a chuirfeadh síos níos mine ar na cúrsaí seo le focail níos soiléire ná sin, ach fágfaidh muid faoi é; is iris í seo atá fóirsteanach don teaghlach uile.
ag cogaint na mine chatting things over
" Nuair a bhí an jab thart, thosaíomar beirt ag cogaint na mine.
mianadóireachta mining
" Chuir na comhlachtaí móra mianadóireachta feachtas díogháir in éadan na cánach nua ar siúl, ag maíomh go gcaillfí na mílte post sa tionscal dá bharr, agus caitheadh na milliúin dollar ar fhógraíocht ar an dá thaobh.
ollchomhlacht mianadóireachta massive mining company
" Rediscovering Indigenous Languages an teideal atá ar an tionscnamh, a bheidh dá mhaoiniú ag an ollchomhlacht mianadóireachta Rio Tinto, agus a mhairfidh go ceann trí bliana.
mianadóireachta mining
" Airgeadra Láidir ag Lagan Onnmhairiú ============== Tá borradh suntasach le sonrú faoi thionscal mianadóireachta na hAstráile le blianta beaga anuas, ach go háirithe i dtaca le gual agus le hamhiarann, in ainneoin an ghéarchoir chun donais sa gheilleagar ar fud an domhain fhorbartha.
mianaigh mines
" Ba mhinic daoine a raibh amhras fúthu i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre.
iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta a lone remnant of mining camp security
" Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann.
mianachaí salainn salt mines
" Tá cuid acu ag obair sna mianachaí salainn.
comhleacaí de mo chuid a colleague of mine
" An tseachtain a tháinig ceannaire an fhreasúra i mBurma, Aung San Suu Kyi, go hÉirinn chuir comhleacaí de mo chuid ó nuacht an Bhéarla in RTÉ agallamh ar chócaire de bhunadh na tíre sin atá ag tabhairt faoi i gCeatharlach san am i láthair.
na claontaí éalárnacha sin ionam those peripheral tendencies of mine
" Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam.
is achasán an-bheag an gearrán seo agam this reproach of mine is of small significance
" Cé ar domhan a thógfadh sin air? Ach is achasán an-bheag an gearrán seo agam i bhfianaise snas an iomláin.
teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine to scrutinize the ad’s message
" Ach cén saghas grá go díreach? Phrioc an fógra neafaiseach mé, fágadh brosna marana agam agus ar deireadh, bheartaíos teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine.
Phós beirt chairde liom two friends of mine married
" Phós beirt chairde liom i gCalifornia dhá bhliain ó shin.
Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid I took a comrade of mine with me
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
Chreid cara ilteangach liom a polyglot friend of mine
" Chreid cara ilteangach liom go bhféadfadh sé maireachtáil in Éirinn na linne seo gan Bhéarla.
sna mianaigh in the mines
" Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
champa suarach mianadóireachta sin this contemptible mining camp
" Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin.