Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba mhinice ná a mhalairt more often than not
" Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
go measartha minic fosta quite often as well
" Téim ar thurais chun na Gaeltachta go measartha minic fosta, go speisialta go Gaeltacht Thír Chonaill.
Níos minice ná a mhalairt more often than not
" Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.
bhraithfeá go minic you'd often feel
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
síothlaíonn sé na páistí go minic it often calms the children
" "Sa bhunscoil, mar shampla, síothlaíonn sé na páistí go minic.
cúig uaire níos minice ná an meán five times more often that the average
" Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí cúig uaire níos minice ná an meán d'fhógraíocht ar líne.
is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach the Kennedys themselves often hid their roots
" Ar ndóigh, is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach.
d'fheicinn é go minic I used to see him often
" Cé nár bhuail mé riamh le Con Houlihan, d'fheicinn é go minic ar Thaobh na Canálach i bPáirc an Chrócaigh, mise in éineacht le mo ghrúpa cairde agus eisean leis féin de ghnáth.
sách minic too often
" Casadh a deirfiúr Mairéad orm agus b'in tús scéal an ghrá! Ní théann muid siar sách minic.
lucht minic nach dtig the ones who rarely come
" Tá na paidreacha maoithneacha máinséaracha ráite agus na coinnle lasta sna fuinneoga ag bunadh an tí agus sna tithe pobail ag lucht minic nach dtig.
ag clamhsán go minic often complaining
" Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
Chomh minic lena athrach as often as not
" Chomh minic lena athrach, bíonn na mná á ndíspeagadh acu fosta.
go minic a dhóthain often enough
" D'úsáid siad an leabhar agus bhí sé á scríobh agus á athscríobh, agus dá bhrí sin, má tá aon rud dothuigthe nó ar iarraidh, orthusan atá an locht ós rud é nach dúirt siad liom go raibh fadhbhanna ann! ÉÓD: Cad iad na deacrachtaí is mó a bhí agat féin agus tú ag foghlaim na Gaeilge? DW: Ní rabhas agus nílim in ann labhairt le daoine as Gaeilge go minic a dhóthain - bíonn "Breac-Ghaeltacht" i mBerkeley gach Máirt, ach bíonn sé ródheacair dom an turas a dhéanamh agus an méid sin oibre le déanamh agam gach oíche den tseachtain.
a dtéinn chuici go minic that I used to go to often
" Is cuimhin liom go maith Flemings, an bhialann a dtéinn chuici go minic le mo chairde.
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile! Isn't the starter often better than the main course!
" ” “Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.
minic a chanaimid that we sing
" AÓF: An raibh mórán de theagmháil agat le bundúchasaigh na hAstráile nó ar tháinig tú ar aon tuiscint faoina dtraidisiúin siúd ó thaobh na hamhránaíochta de? MÓS: Táim an-cheangailte agus an-mhór leo, agus lena dtraidisiún, agus is minic a chanaimid inár dteanga féin dá chéile.
rud a chuireann daoine le báiní go minic which often makes people very angry
" Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad, rud a chuireann daoine le báiní go minic.
in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic despite his having been sent off quite often
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
lucht minic nach dtig those who seldom come
" Tá na paidreacha maoithneacha mainséaracha ráite agus na coinnle lasta sna fuinneoga ag bunadh an tí agus sna tithe pobail ag lucht minic nach dtig.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige he was often dogged by controversy
" Ach ba mhinic an chonspóid sna sála aige; cuireadh den pháirc é i gcluiche craoibhe trí shéasúr i ndiaidh a chéile.
bíonn athrá sna hamhráin go minic the songs often contain repetition
" Is iontach an rud é téama éigin, mar shampla, an grá, a leanúint trí na hamhráin chun stór focal a aimsiú nó a leathnú, mar bíonn athrá sna hamhráin go minic; cloistear na frásaí céanna arís agus arís eile.
toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad because they are shown so often
" Ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar an dá chúl a scóráil sé i gcoinne Shasana toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad ar an teilifís.
déantar botúin go minic mistakes are often made
" Sna *Minor Leagues*, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo vulnerable people are taken advantage of in these programmes
" ” Gan amhras, tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach.
sách minic often enough
" Agus an t-amhrán is mó a thaitníonn liom faoi láthair ná “Fairytale of New York”! Agus sea, athraím m'intinn sách minic faoi rudaí mar seo, rud atá nádúrtha go leor.
Ní minic a bhíonn aon mhaitheas leo they're not often any good
" Ní minic a bhíonn aon mhaitheas leo (tuigim níos fearr anois cathain a bhíonn giota maith ceoil agam), ach de bharr an nóis seo is é an téipthaifeadán póca an ní is tábhachtaí i mo mhála.
nuair a thaistil daoine go minic when people travelled regularly
" Ach sa seanam, nuair a thaistil daoine go minic ar an fharraige, bhí sé measartha éasca é a shroicheadh ó Éirinn agus neart áiteanna eile – níos éasca ná mar atá sé anois, muna bhfuil do bhád féin agat.
go mion minic very often
" Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
go mion minic very often
" D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
samhlaítear go minic it is often imagined
" I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.
go mion minic on a regular basis
" Nach uafásach na heachtraí iad sin? Ar ndóigh, tharla sé go mion minic ó thuaidh.
Cé go maítear go minic although it is regularly claimed
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
ní ba mhinice more regularly
" Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh an fhoireann eile anuas orm.
chomh minic so regularly
" Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.
is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas. many controversies have dogged the government for the last six months
" Go deimhin, is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.
go minic regularly
" D’ainneoin sin, deir ceoltóirí go minic gur céim mhór chun cinn é ó thaobh *na healaíne* agus *an* *cheoil *de.
sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, often a tide of weak respect or disrespect,
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
i bhfad níos minice, much more regularly
" Bogann an damhsóir céime i bhfad níos minice, i spás atá i bhfad níos mó.
ró-mhinic, too often
" Buíochas le Dia, ní tharlaíonn siad ró-mhinic, ach nuair a tharlaíonn siad, tagann siad aniar aduaidh ort.
níos minice more regularly
" De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile.
bhídis ag gearán go minic they used to be complaining regularly
" Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann.
go minic regularly
" Deirtear faoi go minic nach bhfuil éirí in airde ar bith ag baint leis agus go gcaitheann sé le gach duine ar an dóigh chéanna, is cuma cé acu polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá i gceist nó duine a mbuaileann sé leis ar an tsráid.
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. indeed it was often that we were quite poor
" Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
níos minice ná a mhalairt more often than not
" Is iomaí liathróid a chuireann sé san aer, ach níos minice ná a mhalairt is beag an toradh a bhíonn orthu.
níos minice more regularly
" Bímse ag tiomáint – ó, a Thiarna na dTiománaithe – Hyundai Trajet níos minice ná a mhalairt.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige he was often dogged by controversy
" Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
is minic a mholtar an tseirbhís the service is often praised
" ” Ceiliúradh oiriúnach ar bhreithlá Raidió na Life ab ea é go raibh an stáisiún bainteach le hócáid mhór cheoil mar is minic a mholtar an tseirbhís as na cláracha iontacha ceoil a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún.
go mion minic very often
" Tá seo beagán cruálach mar go mion minic, bíonn na hardáin chomh glórach sin gur deacair aon ní a chloisteáíl agus go minic bheadh deacracht ag Pavarotti féin fanacht i dtiúin.
lucht minic nach dtig those who don't often shriek "oh! Oh! OH! YES!"
" Tá na tithe pobail ag cur thar maoil leis na fíréin agus fosta ag lucht minic nach dtig.
a mhinice as often
" Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? - “Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill.
tagairtí minice frequent refrences
" Ní hionadh liom na tagairtí minice seo do dheirfiúracha is dheartháireacha nuair a fhaighim amach faoin teaghlach líonmhar inar tógadh é.
is minic often
" Nuair a phléitear dáta an lae náisiúnta, leoga, is minic a dhéantar tagairt do Lá na Saoirse, fearacht na Stáit Aontaithe.
Is minic often
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
is minic it's often
" Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.
Ba mhinic often was
" Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach.
dearmad go minic often forgotten
" Tábhacht an Ríomhphoist Ach sreang atá fite trí na forbairtí seo ar fad, ar a ndéantar dearmad go minic i measc na mbreagán lonnracha nua seo go léir ná an r-phost.
go minic often
" Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht go minic.
Is minic often
" Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo.
Ní minic a bhím I'm seldom
" ‘Voy a Explotar’, ‘I’m Going to Explode’ le Gerardo Neranjo (2008) Ní minic a bhím i Londain ag preastaispeáint scannáin, ach tharla go raibh nuair a sheol Artificial Eye ‘Voy a Explotar’ sa Soho Screening Rooms i Sráid D’Arblay, Soho - Lá Bealtaine, Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe.
minic often
" Más minic a bhris béal duine a ghaosán, is minice a bhris bratach gaosán duine ó thuaidh.
Chomh minic lena mhalairt as often as not
" Ach fiú dá dtarlódh a leithéid, cé a thógfadh orainn é ar aon chaoi? Chomh minic lena mhalairt, is toisc na tuismitheoirí a bheith síorghnóthach sa saol acu féin go mbíonn an ríomhaire chomh mealltach sin don aos óg ar an gcéad dul síos.
a mhinice as often
" Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
go mion is go minic time and time again
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
minic often
" Is minic ráite gur chuir BSL deireadh ar fad le taibhsí na tíre.
sách minic quite often
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
minic often
" In áit a bheith ag breathnú amach, is minic ag breathnú isteach sinn.
a mhinice how often
" Is údar díomá é a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu.
ba mhinic it was often
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
Is minic é ráite it’s often said
" Is minic é ráite cheana, ach is fiú é a rá athuair: *“Bhí an tErectus ina cockup!”* Ba é sin mar a cuireadh síos arís ar an tseachtain ragairne a bhí ag na fíor-Ghaeil Ghaelacha i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.
go mion agus go minic more often than not
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
Ba mhinic é tuartha it was often foretold
" Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
is minic a bheireas an mhoill an barr léi some things are worth waiting for
" Is fada muid ag feitheamh leis an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.
go minic often
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
Is minic often
"Is minic a mhothaíonn daoine mar Alain nach bhfuil aon tairbhe leo a thuilleadh agus nach mbeadh spéis ag daoine eile iontu dá bharr.
Labhraítear go minic it’s often said
" Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011! Fás nó Feo? ====== Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’.
lucht minic a thig frequenters
" Tá na coinnle lasta sna séipéil fosta ag lucht minic a thig agus, go háirithe, ag lucht minic nach dtig.
lucht minic nach dtig infrequenters
" Tá na coinnle lasta sna séipéil fosta ag lucht minic a thig agus, go háirithe, ag lucht minic nach dtig.
is minic often
" Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
Cuirtear ina leith go minic he’s often accused
" Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
Is minic it’s often
" Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
is minic a cailleadh long lámh le cuan many a slip between cup and lip
dá mhinice as much as
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
Is minic often
" Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
is minic ráite it’s often said
" Ar ndóigh, is minic ráite gurb é an cú mall a bhíos sona.
shéantar go minic is often denied
" Tá aigne an léigir beo beathach go fóill! Búistéireacht ====== Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic.
chomh minic as often
" Téim síos chomh minic agus a thig liom.
sách minic often enough
" Déarfadh an mhuintir sa mbaile nach dtéim síos sách minic.
Is minic often
" Is minic a chuirtear an cheist orm anseo ‘An bhfuil an Ghaeilge deacair a fhoghlaim.
Luaiteoir go minic it’s often mentioned
" Roinnt á nÍoc agus Roinnt nach bhFuil ================== Cad iad na pointí argóna atá ar son íocaíochtaí a thabhairt do bhainisteoirí? Luaiteoir go minic go bhfuil go leor daoine fostaithe agus tuarastal á íoc le fada ag an gCumann Lúthchleas Gael chun na cluichí a chur chun cinn.
go minic often
" Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe.
minic often
" Tarlaíonn sé chomh humhal éasca ar fud an domhain, domhnach is dálach, ó cheann ceann na bliana agus chomh feiceálach gur minic a shamhlaítear do thuismitheoir gasúr atá ag foghlaim dhá theanga, nó breis, gur múscán uiliteach é inchinn an ghasúir i dtaca le foghlaim teanga/cha.
sách minic often enough
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
go minic often
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
níos minice more often
" Tá níos mó rónta glasa ná rónta beaga againn anseo, agus is dócha mar thoradh ar sin, go bhfeicfimid an rón glas níos minice sa tearmann ná mar a fheicimid a chara an rón beag.
is minic daoine people are often
" An Dáil ==== Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo.
Go minic often
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
is minic often
" *We are a different people* - Is pobal ar leith muidne – (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985) Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi.
Níos minice ná a chéile more often than not
" Níos minice ná a chéile, is carachtair neamhghníomhacha iad.
ní minic a éistim I don’t often listen
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.