Pota Focal Intergaelic
ion | maon | meon | mian | min
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin to investigate that story in detail myself
" Bhí an-spéis agam i gcónaí i scéal an tuaiscirt agus bhí fonn orm an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin.
mion detailed
" Bhain an dóigh a ndearna sí mionchur síos ar an dúnmharú cúpla mí tar éis na heachtra geit as na póilíní: an tslí ar phleanáil siad é agus ar labhair siad faoi go minic roimh ré, agus a ndeachaigh siad i mbun an choir féin.
mhin bhuí Indian meal
" Bia ginchóirithe atá i gceist acu a thabhairt ann, an mhin bhuí ach go háirithe.
déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion the total cost of the venture is comprehensively examined
" Baineann tuarascáil amháin leis an tionchar a bheas ag MOX ar an timpeallacht, agus sa dara ceann déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion.
ar shlí níos mine in a more detailed way
" D'fhéadfadh easpa comhoibrithe an MOD fós a bheith mar chionsiocair le Rialtas na hÉireann fiosrúchán poiblí níos cumhachtaí a bhunú amach anseo leis an scéal uilig a fhiosrú ar shlí níos mine.
go mion in detail
" Ní mór dúinn a bheith in ann teacht ar an eolas chun cinntí an Rialtais a scrúdú go mion, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa daonlathas seo a mbíonn muid chomh bródúil as agus muid ag seanmóireacht faoin Iaráic i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
eolas mion detailed knowledge
" B'fhearr liom eolas mion a bheith agam ar cheol traidisiúnta na hÉireann, seachas eolas bunúsach a bheith agam ar shaghsanna éagsúla ceoil.
go mion in detail
" Pléitear cinntí coistí smachta go mion go rialta, ach is fíorannamh a dhéantar plé ar ról an bhainisteora agus lucht bainistíochta.
go mion in detail
" Is féidir a bheith measartha cinnte freisin gur shuigh duine éigin ón FBI nó MI5 síos le Rupert agus gur phléigh siad go mion leis cad go díreach a déarfadh sé sa chúirt.
cuntas mion detailed account
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
go mion closely
" Anuas air sin is féidir láthair nua seandálaíochta a aimsiú trí ghrianghraif a thógáil ón aer agus féachaint go mion ar an tírdhreach.
ag dáileadh min bhuí distributing Indian corn
" Bhunaigh sí teach súip agus oifig chun airgead a bhailiú i mBaile Átha Cliath, agus chabhraigh sí leo siúd a bhí ag dáileadh min bhuí ar na daoine a bhí ag streachailt leis an saol ag tús an Ghorta.
pléite go mion discussed in detail
" Ní théann bliain amháin thart gan na conspóidí bliantúla a bheith pléite go mion sna clubthithe, sna tábhairní, sna meáin chumarsáide agus i gach comhluadar ina bhfuil na cluichí tábhachtach.
go mion in detail
" Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach.
go mion in detail
" Rinne Caravaggio téamaí móra mar chailliúint, trócaire agus fuascailt a scrúdú go mion ina shaothair dheireanacha, téamaí a bhí gearr dá chroí féin ar go leor dóigheanna éagsúla.
min bhuí maize flour
" Is féidir leis trí shaghas plúir a dhéanamh: plúr castáin, min bhuí, agus plúr cruithneachta.
sonraí miona small details
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil i bhfad níos mó sonraí miona le feiceáil ar scáileán teilifíse HD.
go mion minic very often
" Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
go mion minic very often
" D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
eorna, min choirce, seagal, barley, oatmeal, rye,
" Íocadh an cíos le hábhar: eorna, min choirce, seagal, cearca, caoirigh, uibheacha agus fóid mhóna.
go mion in a detailed way
" Bhí ceolmhaireacht iontach i gceol Shéamuis go mb'fhéidir nach dtabharfaí faoi deara gan dul isteach go mion ann.
anailís an-mhion. a very detailed analysis.
" Tá athscríobh simplí ann dá leagan de thiúin agus ansin, mar a deirim, anailís an-mhion.
go mion minic on a regular basis
" Nach uafásach na heachtraí iad sin? Ar ndóigh, tharla sé go mion minic ó thuaidh.
de cheal léirmhínithe níos mine. because of a lack of more detailed interpretation.
" Ní heol don léitheoir an dea- nó drochtheist ar na pearsana an méid sin, de cheal léirmhínithe níos mine.
go mion precisely
" Pléitear go mion is go minic na ceisteanna móra atá os comhair an phobail agus is annamh nach mbíonn feachtas éigin ar bun ar leibhéal áirithe.
ar a mine ghéire on the qui vive
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
i mion-chomhghuaillíochtaí in mini alliances
" Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE.
go mion, in detail
" Mar shampla, bhí eagla orm roimh an leabharlann, ach chuaigh siad fríd gach rud go mion, agus tá mé ábalta leabhair a fháil amach ar iasacht anois .
go mion minic very often
" Tá seo beagán cruálach mar go mion minic, bíonn na hardáin chomh glórach sin gur deacair aon ní a chloisteáíl agus go minic bheadh deacracht ag Pavarotti féin fanacht i dtiúin.
níos mine in greater detail
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
go mion is go minic time and time again
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
barr mine grain crops
" ’ (Woodham-Smith, 122) (Tagairt do ‘Trevelyn’s corn’: Bhí an fear céanna, Routh, i gcoinne na n-onnmhairithe barr mine as an tír mar ‘*serious evil’*.
níos mine more refined
" An Glasra Gogarty amháin a chuirfeadh síos níos mine ar na cúrsaí seo le focail níos soiléire ná sin, ach fágfaidh muid faoi é; is iris í seo atá fóirsteanach don teaghlach uile.
ag cogaint na mine chatting things over
" Nuair a bhí an jab thart, thosaíomar beirt ag cogaint na mine.
go mion agus go minic more often than not
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
go mion minutely
" Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí… **Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”** Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir.
go mion minutely
" Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
shainiú go mion define minutely
" Ach má tá tú buartha faoi phríobháideachas, is fiú go mór Facebook mar go ligeann sé duit socraithe príobháideachais a shainiú go mion.
go mion minutely
" Rosemary Nelson ========= Chuala muid glór an dlíodóra Rosemary Nelson agus í ag caint ag éisteacht de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe, ag cur síos go mion ar an chiapadh a bhí na póilíní ag tabhairt di cionn is go raibh sí maith ag a cuid oibre, ag cosaint daoine a bhí os comhair na cúirte.
scansáil go mion agus go minic argued much and often
" Níl sa mhéid sin ach barúil faoin mhalairt rogha agus tá mé cinnte go ndéanfar an t-ábhar cigilteach seo a scansáil go mion agus go minic le linn saolré an rialtais seo, agus uair na cinniúna don tSeanad ar an tsúil againn.
Ní chuirfimid síos go mion we won’t minutely describe
" Scaradh le Seán Buí ========== Ní chuirfimid síos go mion anseo ar stair gheilleagar na tíre seo ó scaramar leis an Sasanach; is leor a rá go ndeachamar ár mbealach féin go dtí na seascaidí.
go mion is go minic very often
" Maraíodh cimí go mion is go minic san áit, agus bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air.
go mion minic very very often
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
Comhlachtaí Miona small companies
" Comhlachtaí Miona ====== **SMM: An mbíonn aon teannas sa tionscal idir na comhlachtaí in iarthar na hÉireann, nó idir iarthar na hÉireann agus RTÉ?** CÓC: Bíonn tú i gcónaí san iomaíocht san earnáil neamhspleách, ach, níl.
stiúrtha go mion finely choreographed
" Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta.
go mion minic dá dheasca very often as a result
" Bíonn tionchar diúltach ar pháistí ag na suímh idirlín seo dar le hOllscoil Stáit California, agus is dóichí go bhfaigheadh daoine a théann ina múinín marcanna níos ísle sa scoil go mion minic dá dheasca.
Cluin sí go mion minic she often hears
" Cluin sí go mion minic é á lua i dtíortha ina bhfuil coimhlint nó a bhfuil deireadh ag teacht le coimhlintí iontu mar ábhar dóchais.
go mion minutely
" Deir sé nach bhfuil sé sásta dul isteach go mion sa scéal nó go mbíonn an chuma chéanna gach bliain ar thuras na nGael chuig an Oileán Úr.
rinne an scéal a chíoradh go mion discussed the matter minutely
" I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
ba mhaith mion good came in small parcels
" Ach san ochtú haois déag ba mhaith mion.
go mion minic very often
" Níos measa fós, cé go raibh a fhios aici agus ag an saol mór go raibh fadhbanna móra meabhairshláinte ag a mac, bhíodh sí ag dul ag na raoin lámhaigh leis go mion minic.
teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine to scrutinize the ad’s message
" Ach cén saghas grá go díreach? Phrioc an fógra neafaiseach mé, fágadh brosna marana agam agus ar deireadh, bheartaíos teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
ceist atá cíortha go mion a matter minutely examined
" Ceist faoi Shlí na Fírinne ========== Is beag teorainn atá le teicneolaíocht sa Chultúr, ceist atá cíortha go mion in Excession a foilsíodh i 1996.
atá cíortha go mion agus go cuimsitheach which are teased out minutely and comphrensively
" B’iad údaráis na Breataine agus an tIRA an dá chéile chomhraic sa chogadh nua seo agus bheadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis sin, impleachtaí atá cíortha go mion agus go cuimsitheach ag údar an leabhair seo – Ruan O Donnell.
Maítear go mion minic it’s claimed very often
" Maítear go mion minic gur craiceann na Gaeilge atá ar Hiberno-English na hÉireann agus gurb í an chanúint sin ár mbronntanas cultúir flaithiúil i bhfoirm scríofa agus labhartha don saol mór.
go mion agus go mín minutely and intricately
" Mhínigh sé cúrsaí uaireadóra dom go mion agus go mín as sin go ceann leathuaire.
léite go mion read minutely
" Dúirt mé go raibh leabhra Dic léite go mion agam, agus go raibh feirm ag mo Dhaideo in Rhydlewis lena linn.
ag mion-iniúchadh studying minutely
" Tar éis níos mó ná triocha bliain a chaitheamh ag mion-iniúchadh Bhunreacht na Stát Aontaithe, is maith is eol dó laigeachtaí, tubaistí agus deacrachtaí na cáipéise céanna.