Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mionscrúdú detailed examination
" Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911.
mionscrúdú close examination
" D'fhéach sé ar an dá chlúdach agus i ndiaidh dó mionscrúdú a dhéanamh orthu chuir sé iallach orainn pictiúr beag a bhí ar an dá chlúdach a thógáil amach.
mionscrúdú a close examination
" Nuair a amharcann tú air ar dtús, is é an donn an príomhdhath a fheicfidh, ach má dhéanann tú mionscrúdú ar an phictiúr chífidh tú nach donn amháin atá ann ach dathanna éagsúla, iad curtha le chéile le tuiscint mhín.
mionscrúdú minute study
" Ní féidir a rá go ndéantar mionscrúdú ar chinnidh an rialtais.
mionscrúdú minute examination
" Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
ag mionscrúdú inspecting minutely
" Nuair a bhí oifigigh an CAI ag mionscrúdú an scéil sa Roinn Airgeadais, bhí Brian Cowen ag fánaíocht fá Árainn Mhór ag cuartú vótaí.
á mionscrúdú being minutely examined
" Chuirfí reachtaíocht ní ba chruinne agus ní ba fheidhmiúla i dtreo ach an Seanad a bheith á mionscrúdú.