Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" An tseachtain ina dhiaidh sin fuair mé miontuairiscí an chruinnithe ó rúnaí an phríomhoide, a bhí i láthair ar an 4 Nollaig.
ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne demanding minutes that were truthful and accurate
" Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi seo, fuair mé ríomhphost ón leas-phríomhoide ag rá nach raibh tagairt dóibh ann mar nach raibh siad tábhachtach! Bhí fearg orainne faoi na himeachtaí seo, agus tháinig ionadaithe ó UNISON agus ón NATFHE le chéile agus chuir muid ráiteas chuig an phríomhoide ag cáineadh Griffiths agus na mbainisteoiri eile, agus ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne.
miontuairiscí an chruinnithe the minutes of the meeting
" /2003-01/) faoi na maslaí a thug Griffiths, atá ina bhainisteoir sa choláiste, do na hÉireannaigh ag cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lancashire, agus an dóigh nach raibh an leas-phríomhoide, Ian Farmer, sásta aon trácht a dhéanamh ar na maslaí i miontuairiscí an chruinnithe.
miontuairiscí na gcruinnithe the minutes of the meetings
" Más cruthú ar bith iad na seisiúin oscailte agus miontuairiscí na gcruinnithe, áfach, ní léir gur cloiseadh an glór seo go rómhinic.
miontuairiscí an chruinnithe sin the minutes of that meeting
"miontuairiscí an chruinnithe sin againn agus, spéisiúil go leor, is i nGaeilge a scríobhadh iad.
miontuairiscí minutes
" Suimiúil go leor, bhí tagairt do Cholmcille i miontuairiscí Pharlaimint na hAlban ansin le gairid.
miontuairiscí minutes
" Baineann Tommy Walsh úsáid as miontuairiscí na heagraíochta agus iad ar fáil, ach ar an drochuair tá na nótaí ón tréimhse idir 1944 agus 1953 caillte.
miontuairisc minute
" I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an gá a bhí leis na naoi gcinn déag d'eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras.
miontuairiscí minutes
" Léiríonn miontuairiscí den chruinniú comhaireachta ar an 23 Iúil, 1980, gur aithníodh go leor de na fadhbanna rochtana, fuinnimh agus farantóireachta a bhí ag na hoileánaigh.
Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta cabinet meeting minutes show
" Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta ón bhliain 1981 go mb’éigean don stát teacht i gcuidiú le linn na bliana sin ar ocht gcomhlacht a fuair deontais ón Údarás nó ó Ghaeltarra roimhe sin.
léiríonn miontuairisc the minute ..... demonstrates
" Bronnadh costaisí ar an Stát agus léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra.
léiríonn miontuairiscí de chruinniú comh-aireachta cabinet meeting minutes show
" *’ Ach léiríonn miontuairiscí de chruinniú comh-aireachta ar an 29 Márta gur deineadh cinneadh an ráiteas seo a athrú agus leagan níba laige a eisiúint: ‘*The Government are examining those recommendations in the plan which are capable of implementation within existing budgetary provisions.