Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
misniúil courageous
" Seasamh misniúil ó fhear nach mbíonn leisce riamh air a chuid tuairimí a nochtadh go neamhbhalbh.
ba mhisniúil é it was encouraging
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
misniúil brave
" Nach hiad atá misniúil? Nach cróga? Nach acu atá na magairlí? Agus ós ag caint dúinn arís ar mhagairlí; lá i ndiaidh an léirsithe bhí príomhleathanaigh na nuachtán Domhnaigh ar fad breac le pictiúir de na léirsithe agus le tuairiscí ar na hagóidí síochánta a eagraíodh ar fud an domhain - gach nuachtán ar chlár na cruinne ach amháin… *The Sunday Dependent*.
misniúil courageous
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
Throid sé an galar go misniúil cróga he fought the disease bravely
" Throid sé an galar go misniúil cróga, agus cé go raibh lámh in uachtar á fháil ag an mbreoiteacht air de réir a chéile, níor chaill sé riamh an fhéith grinn a bhí ann.
misniúil bold, daring
" Maítear ar an suíomh go "scriostar seafóid agus creachadóireacht go tapa", agus iarrtar orthu siúd ar mian leo bheith ina n-eagarthóirí bheith "misniúil" agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar altanna.
céim mhór mhisniúil one big courageous step
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
misniúil cheerful
" Tríd an chomhrá seo, labhair Ronnie i nguth soiléir, misniúil.
misniúil agus ardaidhmeannach spirited and ambitious
" Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.
Bean chróga mhisniúil a brave courageous woman
" ***Buntáistí:*** Bean chróga mhisniúil is ea í.
misniúla courageous
" Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.
misniúil courageous
" Togra spéisiúil is misniúil atá idir lámha ag an fhear ghnó, Pádraig Ó Céidigh le hathsheoladh Foinse, sa mhéid is gur fiontar neamhspleách é nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ón stát.
misniúil courageous
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
éirí níos misniúla become more courageous
" Ní hiad na daltaí amháin é, ach caithfidh múinteoirí éirí níos misniúla de réir a chéile chomh maith.
misniúil bravely
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
gníomhaire misniúil a courageous activist
" An raibh maith ar bith ionann? Anois is arís, bhí gníomhaire misniúil ann.
cinnireacht mhisniúil courageous leadership
" , thug sí cinnireacht mhisniúil do mhuintir Thaobh an Bhogaigh i nDoire, tar éis do mhuintir na háite bac a chur leis an RUC briseadh isteach sa gceantar náisiúnach.
ceannaireachta misniúla courageous leadership
" An bhliain dár gcionn, scríobh PNAC litir eile chuig Bush le comhghairdeas a ghabháil leis as a chuid ceannaireachta misniúla sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta go dtí sin.
cróga, misniúil courageous
" Duine cróga, misniúil thú atá sásta na cúramaí troma seo a ghlacadh ort féin ag am nach léir cén struchtúr boird a bheas agat nó céard iad na cumhachtaí agus cúramaí a bheas ag an Údarás nua.
go misniúil cróga bravely
" Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile.
beartais mhisniúla courageous planning
" Agus creidim gur féidir le beartais mhisniúla dearcadh na ndaoine a bhogadh chun cinn fosta.
roinnt bailte fearainn misniúla fós some courageous town lands still
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
ach a n-iompar misniúil conspóideach but their courageous and controversial behaviour
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin courageous deeds of that sort are needed
" ) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh.
seasamh misniúil a courageous stand
" Sílim gur ghlac Seán seasamh misniúil, cróga agus tá moladh ag dul dó.
cinneadh misniúil a brave decision
" Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúil” le cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh.
beirt mhisniúil two courageous people
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.