Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mistéireach mysterious
" Bhí tionchar nach beag ag an méid seo ar bhás mistéireach Morrison i bPáras na Fraince ag tús na seachtóidí.
íomhá mhistéireach a mysterious image
" An mairnéalach féasógach, an lógó cáiliúil úd i lár chrios sábhála, íomhá mhistéireach ó m'óige, agus ba dhóigh leat ón ngiolla cráifeach gur á adhradh a bhí sé.
eagraíocht mhistéireach mysterious organization
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
mistéireach mysterious
" Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.
mistéireach mysterious
" Shíl mé go raibh sé ar fheabhas ar fad, agus atmaisféar mistéireach ann.
mistéireach mysterious
" Tá fíorbheagán eolais phearsanta againn mar gheall air, a shaol féin fágtha chomh mistéireach céanna lena phictiúir.
den teanga mhistéireach theibí of this mysterious abstract language
" Ní gá dom a rá nár thuigeas focal den teanga mhistéireach theibí a bhí in úsáid aige, agus nár mhór an náire a bhí ormsa, an t-aon Éireannach sa halla, nuair a bhí orm iarraidh ar an gcailín Seiceach in aice liom mo rince náisiúnta féin a aistriú go Béarla agus a thaispeáint dom sa tslí is go bhféadfainn coinneáil suas leis na rinceoirí cumasacha timpeall orm! *Ar leanúint an mhí seo chugainn* Is as Ciarraí é Pádraig Ó Liatháin.
mhistéireach mysterious
" Ba é "Harry's Game" le Clannad an t-amhrán a bhí i gceist agus cheap mé gan amhras go raibh draíocht faoi leith ag baint leis an teanga aisteach agus mhistéireach sin.
mistéirí mysteries
" Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéirí "Éamonn an Chnoic" a fhuascailt! Cheannaigh mé an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.
rud inteacht mistéireach something mysterious
" MÁNAS: Bhí mise ar an bhealach abhaile oíche amháin nuair a d’éirigh rud inteacht mistéireach dom.
mistéireach mysterious
" Tugadh ainmneacha eile air i dtosach nach raibh ar bhealach ar bith chomh spéisiúil ná chomh mistéireach sin.
mistéireach mysterious
" Tá an spórt aisteach mistéireach, domhínithe ar uairibh.
an-mhistéireach ar fad very mysterious indeed
" An dtiocfaidh Maigh Eo, áfach? Beidh sé deacair agus an-deacair, ach tá an spórt in ann a bheith an-mhistéireach ar fad.
cnuasach mistéireach mothálach, a mysterious and sensitive collection,
" Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua.
ar shaol an fhir mhistéirigh about the life of this mysterious man
" Bhí gach ceann acu lán rudaí nach raibh mórán tábhachta ag baint leo den chuid is mó – mionsonraí an tsaoil laethúil atá iontu, ach tugann siad léargas dúinn ar shaol an fhir mhistéirigh seo.
lí mhistéireach mysterious hue
" An t-aon rud liath a bhí le feiceáil nó lí mhistéireach Mont Sainte-Victoire, í liath-airgid, pastalach agus taibhsiúil – bé Cézanne.