Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
moltóir adjudicator
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
moltóirí judges
" Tuairimí faoi "The Lights Going On And Off" "Sílim go n-ardaíonn an Turner Prize níos mó ceisteanna faoi na moltóirí agus an rún a bhí acu féin ná faoin ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain faoi láthair.
moltóra Fhrancaigh a French adjudicator
" Cuireadh i leith moltóra Fhrancaigh go ndearna sí leatrom ar an fhoireann Cheanadach.
moltóirí judges
" Níl mé ag iarraidh ráiteas pearsanta a dhéanamh anseo, ach chuir mé féin isteach ar an damhsa ar an sean-nós an bhliain seo a chuaigh thart, ag an Oireachtas sa Daingean, agus bhí na moltóirí dall ar an aclaíocht agus an lúfaireacht lenar chuir mé an rince cogaidh ar an sean-nós i láthair.
in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí despite the fact that he sacrificed the guts of three judges
" Dar leis fosta, in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí ar altóir Thaighdín na Tóna Tanaí, go mbeidh an tOireachtas seo chomh haithiseach adhnáireach le ceann na bliana seo caite.
moltóirí referees
" Tá sé an-deacair ar mholtóirí an cinneadh ceart a dhéanamh gach uair agus is minic ar an lá céanna i gcluichí éagsúla go ndéanann moltóirí cinntí éagsúla i gcás eachtraí atá cosúil lena chéile.
moltóirí adjudicators
" Ach d'aonghuth a bhronn na moltóirí an bonn óir agus Gradam an Iompaithe Ghasta ar iomaitheoir uimhir a sé mhíle naoi gcéad nócha is a naoi, an tAire Spóirt, Seán Ó Dunno Who, as a bharúlacha éagsúla dochta daingne faoi cén bhliain go díreach a bhainfeadh Éireannach bonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
mholtóirí judges
" AÓF: Is féidir leis an amhránaí a bheith i bhfoirm mhaith nó i ndrochfhoirm sna cúig nóiméad atá aige/aici leis an amhrán a chasadh, ach nach féidir le rudaí a bheith amhlaidh don mholtóir chomh maith céanna? An gceapann tú go mbíonn daoine ag súil leis an iomarca ó mholtóirí scaití, is é sin go mbeidís foirfe i gcónaí? LÓM: Aontaím leat ar fad.
moltóirí judges
" Ar an stáitse agus seo ar siúl, bhraitheas go raibh linn (bhí muinín agus téagar ag baint linn nach mbíodh againn roimhe seo) agus nuair a tháinig nóiméad Liam bhíos cinnte go gcuirfeadh a sheinnt iontas ar na moltóirí agus go mbéarfaimis an chraobh linn.
nuair a chuir sé in iúl don mholtóir when he informed the referee
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
moltóir judge
" Bhí Lá na mBan ann Dé hAoine agus bhí Colleen McLaughlin, grá geal Wayne Rooney, ina moltóir sa chomórtas don fheisteas ab fhearr.
agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, to interview the judges of the Ó Riada Cup,
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
bord moltóirí a board of adjudicators
" Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú.
Bhí sé ina mholtóir he was a judge
" Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.
le bheith i mo mholtóir. to be a judge
" Ba é seo an dara bliain a rinne mé amhlaidh agus is mór an onóir dom é cuireadh mar seo a fháil le bheith i mo mholtóir.
mholtóir judge
" Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta *Fáilte Towers* a craoladh ar RTÉ.
moltóirí judges
" An t-aon rud is féidir liom a rá libh mar gheall ar sin, go mbeimid ag cur rud éigin le chéile, na moltóirí, mé féin ina measc, ag rince nó ag canadh.
moltóirí judges
" Cad é a bhí maith faoi mar sin? Cad é mheall na moltóirí? Cad a rinne sé gur éirigh leis dul i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine? Is é an dóigh gur chruthaigh sé saothar a bhí fíorálainn.
moltóirí judges
" Dúirt Rúnaí Cultúir na Ríochta Aontaithe, Ben Bradshaw, go raibh sé tábhachtach go mbeadh fócas soiléir ag na hiarrthóirí agus go mbeadh na moltóirí ag lorg cathair a mbeadh ‘wow factor’ ag baint leis, cathair ina mbeadh clár d’imeachtaí cultúrtha spreagúla ar siúl inti a rachadh i bhfeidhm ar an phobal go hiomlán.
moltóirí judges
" Nuair a tháinig sí sa dara háit sa chomórtas damhsa, agus Labhrás sa chéad áit, léirigh sí a cumas i gcúrsaí ólacháin chomh maith, agus i gcúrsaí maslaithe, nuair a thug sí faoi na moltóirí cionn is nach bhfuair sí an chéad áit.
moltóir umpire
" ** Maidir le hiompar ar pháirc na himeartha míníonn an Treoraí Oifigiúil go bhfuil cosc ar ‘caint mhaslach nó bhagrach a úsáid le réiteoir, moltóir, maor, feidhmeannach’ agus an smachtbhanna sa chás seo ná cur an imreora den pháirc.
mholtóir adjudicator
" Anois ní chuimhin liom an t-ainm a bhí air ach cailín sráide a bhí ionam agus bhí Máirtín Mac Donnchadha as Raidió na Gaeltachta ann freisin agus bhuaigh muid duais éigin thuas i gCaisleán an Bharraigh agus bhí Mícheál Ó hUanacháin mar mholtóir ann.
thaobhaigh na moltóirí le the judges decided for
" Ach thaobhaigh na moltóirí le Katie, 10 bpointe in aghaidh 8, agus d’imigh an teannas agus ina áit tháinig an faoiseamh agus ansin an t-áthas agus an ceiliúradh.
mholtóir a judge
" Duirt an scríbhneoir agus léachtóir, Declan Long, atá ina mholtóir ar an chomórtas i mbliana, go raibh i gceist ag an taispeántas go spreagfaí ceisteanna ann faoi na mínealaíona i saol an lae inniu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.
moltóir referee
" Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta.