Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mothálach sensitive
" Mothaíonn an té a mbíonn an deis aige amharc thart ar stiúideo an phéintéara Eamonn McAteer go bhfuil sé ag fáil spléachaidh ar intinn duine atá mothálach agus machnamhach.
mothálach sensitive
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
mothálach sensitive
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
cnuasach mistéireach mothálach, a mysterious and sensitive collection,
" Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua.
ar bhealach mothálach; in a sensitive way;
" Is creatlach de charachtar é gach duine ach ní hionann sin agus a rá nach gcuirtear inár láthair iad ar bhealach mothálach; cuirtear agus ar bhealach gonta bríomhar leis.
mothálach gan a bheith maoithneach. sensitive without being sentimental.
" Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach.
chomh mothálach sin so sensitive
" Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó! I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair.
an ghoin mhothálach that sensitive wound
" Is í an ghoin mhothálach sin an tobar as ar tharraing Mac Grianna a inspioráid mar scríbhneoir.
mothálach, sensitive,
" Neamhspleách, dáigh, mothálach, goilliúnach, spioradálta – is iad seo airde a chompáis chultúrtha; is iad seo na tréithe a threoraigh é le linn dó bheith ag scríobh.
nádúr mothálach sensitive nature
" Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
casadh mothálach na taoide the momentus turning of the tide
" B’shin casadh mothálach na taoide domhsa, ar bhán Áras an Uachtaráin.
léiriú mothálach ar a touching demonstration
" I totter upon them everyday’* Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
mothálach sensitive
" Tá a fhios agat gur duine íogair, mothálach mé, agus tá tú i ndiaidh mé a chur as mo riocht.
Is treise an strus mothálach the burden of sensitivity is all the more potent
"Is treise an strus mothálach a chuirtear ar chroí Nóra mar sin, nach ceadaithe di, de réir riail na heaglaise, guí ar son na bpáistí a bhásaigh go hanabaí uirthi’.
tar éis smísteáil mhothálach after the battering of (one’s) feelings
" Ní fhéadfainn frithnimh níos fearr a mholadh dóibh siúd atá ag iarraidh teacht chucu féin arís tar éis smísteáil mhothálach príomhscannán na bliana ,‘12 Years a Slave’, ábhar coganta ‘Kino’ na míosa seo caite.