Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mhuin na muice on the pig's back
" Bheadh Bertie Ahern ar mhuin na muice dá bhfaigheadh siad isteach arís leis an Pháirtí Daonlathach agus b'fhéidir le cuidiú na dTeachtaí Dála neamhspléacha.
ar mhuin na caorach on the back of the sheep
" Bhí sé de nós a rá i lár an chéid seo caite go raibh an Astráil ag marcaíocht "ar mhuin na caorach".
ar mhuin na muice on the pig's back
" Faoi láthair tá an phraiseach ar fud na mias agus na dlíodóirí ar mhuin na muice.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Éist, a Bhaloir, tabharfaidh mise aire duit: póg na beatha agus croí isteach mór agus beidh tú ar mhuin na muice.
ar mhuin “éagóir na staire” on the back of 'an injustice of history'
" In aimsir an ghátair náisiúnta tá an-bhaol ann go dtiocfadh deachtóir chun cumhachta ar mhuin “éagóir na staire”.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Dhá bhliain nó trí bliana ó shin, bhí Airbus ar mhuin na muice; anois, tar éis tréimhse drochshuaiteachta, tá sé ag iarraidh gan titim ón spéir.
muin na muice the pig's back
"muin na muice i mbaol a bhriste agus tá an trá fholamh beagnach lán fán tráth seo le daoine a fágadh air le blianta beaga anuas.
ar mhuin na muice go geilleagrach, on the pig's back economically,
" Agus, leis an tír ar mhuin na muice go geilleagrach, níor iarradh ar an ngnáth-Mheiriceánach go fóill íobairt ar bith a dhéanamh ar son an chogaidh.
ar muin capaill on horseback
" Is beag duine a théann thar an áit seo gan grianghraf a thógáil de na dealbha déthoiseacha d’oilithrigh ‘ag gabháil thar bráid’ ar muin capaill nó de shiúl na gcos, cuid acu le hasal mar bheithíoch iompair acu.
ar muin capaill. on the back of a horse.
" Is iad na daoine a iompraíonn a gcuid balcaisí agus a shiúlann an bealach ar fad de chois an dream is traidisiúnta; is fearr le daoine eile an cosán a shiúl ach a gcuid balcaisí a chur ar aghaidh i gcarr agus táthar ann a théann ar rothar nó ar muin capaill.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
ar muin na muice on top of the world
" Bhí mé ar muin na muice.
ar mhuin on (board)
" Níl éinne ag maíomh gur cheart d’Airí rialtais a bheith ag taisteal i measc na n-eallach nó ar mhuin high nelly mar a bhíodh Oliver J Flanagan sa tseanam, agus táthar i dteideal gach compord gur féidir a thabhairt daofa ar phraghas mheasartha.
ar mhuin capaill on horseback
" Séard atá i gceist ná seachtar nó ochtar leaids ar mhuin capaill ag treorú na tána trasna páirceanna móra, istigh sna coillte agus tríd na haibhneacha.
ar mhuin mharc a chéile on top of each other
" Bhí mé féin agus thart ar sheisear eile ar bord chomh maith le foireann beirte a thiomáin an bád agus ar ndóigh, bhí earraí caite thart ar mhuin mharc a chéile.
ar mhuin rode
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
bheadh muid ar muin na muice we’d be in clover
" Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú.
bheinn ar mhuin na muice I’d be hunky dory
" Dá mbuafainnse an Lotto bheinn ar mhuin na muice, cosúil le Roy Keane.
ar muin capaill on horseback
" Deir Putin gurb é mian a chroí é féin agus Panti a bheith ar muin capaill agus iad beirt droimnocht; eisean ar chúl agus Panti chun tosaigh, ag sodar go bog trí mhachairí báite na hÉireann, agus Putin ag cogarnach go ciúin isteach i gcluaisín *Miss Panti*.
ar mhuin mhairc a chéile higgledy-piggledy
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.