Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
muintearas friendliness
" Is é áilleacht an cheantair agus muintearas na ndaoine is mó a tharraingíonn cuairteoirí go Dún Chaoin.
mhuintearais belonging
" "Níl cultúr an ghrá ná an mhuintearais le fáil thart anseo - níl ann ach seicteachas.
muintearais friendliness
" " Tá an cineál céanna muintearais le sonrú i nGaillimh chomh maith, dar léi, agus is breá léi a bheith ag taisteal siar.
muintearas nádúrtha natural affinity
" An phríomhfhealsúnacht atá taobh thiar den ghníomhaíocht seo ná go bhfuil ceangal nó muintearas nádúrtha idir pobail na hÉireann agus na Breataine, agus gur mithid an gaol seo a spreagadh agus a chaomhnú.
le lámh an mhuintearais a shíneadh amach to extend the hand of friendship
" Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda.
a chuir leis an mhuintearas who added to the friendship
" Cé is mó a chuir leis an mhuintearas idir Éirinn agus an Bhreatain i rith na bliana atá díreach thart? Cé eile ach Laurel agus Hardy na Sé Chontae – an Brit dúchasach sin (dar leis féin) Ian Paisley, agus an tseoid sin de dhúchas na hÉireann (dar leis féin) Máirtín McGuinness.
mhuintearas friendship
" D’fhás sé suas i mbailte Giúdacha i gceantar Nua-Eabhrac, agus bhain sé feidhm as a mhuintearas le Giúdaigh chun leanacht ar aghaidh leis.
muintearais friendship
" Léadh sinn fá achan ghné de leadrán saoil a chéile?! Tá na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh fá shonraí gan mhaith laethúil ‘cairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoine – i bhfad, bhfad barraíocht, nuair gur ‘daoine aitheantais’ atá iontu i ndáiríre, agus tá ‘daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann tú machnamh ar an leibhéal cairdis nó muintearais nó caidrimh nó idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist.
muintearas leis gets to know
" Trí am a chaitheamh ina measc agus an bóthar a shiúl leo ar feadh trí bliana, déanann Ó Domhnaill muintearas leis na fir seo.
an chomhthuiscint agus ar an chomh-mhuintearas common understanding and relationship
" Léiriú an-soiléir den fhorbairt agus den fhás atá i ndiaidh theacht ar an chomhthuiscint agus ar an chomh-mhuintearas idir na pobail éagsúla creidimh a lonnaíonn sa chathair.
mothú féiniúlachta is muintearais a feeling of identity and community
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.