Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
muirear burden
" Ar dtús, caithfear a chur san áireamh go bhfuil muirear ar an nGearmáin nach bhfuil ar aon tír eile san Aontas Eorpach, mar gheall ar athaontú na tíre.
a bheirt mhuirir his two children
" Ní i gcónaí a bhí sé ar bhóthar a leasa, mar raid sé an chairt go maith le linn a óige mar a dhéanfadh bromach teaspaigh, ach ó bhronn Dia céile iontach air, Delia, agus, ar ndóigh a bheirt mhuirir, bhíodar sin ina gcnámh droma agus ina *raison d'être *aige.
mhuirear family, children
" MNíB: Fé mar a dúrt, chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig mar ní raibh aon mhuirear ar James O’Shea, Lios na Graí agus ní raibh éinne ag rá leis *Marley* a chur ar an urlár ná *beauty board *a chur ar na fallaí ná “caith amach an seanachlog san”, “caith uait na lampaí íle”, “tabhair an *sacred heart lamp* don lucht siúil”.
muirir charges
" ) Cé go raibh na muirir seo an-chonspóideach, caitheadh roinnt mhaith den airgead a bailíodh ar bhusanna agus traenacha nua, agus níorbh fhada go raibh na buntáistí le feiceáil.
mhuirear chánach tax burden
" I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
mhuirear teaghlaigh household charge
" Ceist don Daoscarshlua Amháin =========== “Ar íoc tú do mhuirear teaghlaigh go fóill, a Edna Álainn?” a d’fhiafraigh Phil Fial Fiáin de agus é ar tí imeacht.
muirear bruscair refuse charge
" Tugadh an muirear bruscair isteach ar dtús, ach bhí leath na tíre (an leath sin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath) ag íoc as bailiú bruscair cheana féin, agus ní raibh tacaíocht mar a raibh sé ag dréim leis ag an Uiginneach san ardchathair.
muirear teaghlaigh household charge
" Ach ansin tháinig an muirear teaghlaigh, agus i bhfaiteadh na súl bhí an focal ar bharr gach goib sa tír – fiú ar bharr a ghoib ag Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, chomh maith.
Muirear na Cóipeála the (photo)copying charge
" Ríomhann sé cuid acu dúinn: Muirear na Cóipeála ======= Is é is measa faoi na muirir seo ná go bhfuil, agus go mbeidh, muirear ar leith, mar a bheadh muirnín de mhuirear, ag gach uile pholaiteoir i nDáil Éireann.
muirear ar leith a special charge
" Ríomhann sé cuid acu dúinn: Muirear na Cóipeála ======= Is é is measa faoi na muirir seo ná go bhfuil, agus go mbeidh, muirear ar leith, mar a bheadh muirnín de mhuirear, ag gach uile pholaiteoir i nDáil Éireann.
deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir a chance to bring their desires into being
" Arú, feckit, tá a fhios ag an saol mór nach gcoinneodh sé ciúin iad, ach cá bhfaighidís an t-airgead chun an muirear a íoc? Cén áit? Cén banc? Mo náire sibh, a léitheoirí! Ach cén mhaith dúinn a bheith ag caint faoi dhaoine nach bhfuil i gcumhacht, fós, agus nach mbeidh deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir go ceann tamaill? Maith ar bith, a deir sibh, agus an ceart ar fad agaibh.
Muirear na dTeangacha Oifigiúla the official languages charge
" Muirear na dTeangacha Oifigiúla ============ I dtús báire, is ann dóibh siúd i bpáirtithe an Rialtais ar mhaith leo an muirear Gaeilge a thabhairt isteach.
muirear encumbrance
" Beidh muirear ar gach muirear agus muirear ar dhroim an mhuirir mhullaigh sin dar le Balor agus ní bheidh aon mhuirear gan mhuirear ina bhun agus ina mhullach.