Pota Focal Intergaelic
mua | mucra | mur | murab | mural
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mura dtig leis an dá rialtas unless the two governments can
" Creidim go bhfuil am an-chontúirteach romhainn mura dtig leis an dá rialtas coinín a tharraingt amach as an hata.
Mura mbeifeá faicheallach if you weren't careful
" Mura mbeifeá faicheallach bhrisfeá do mhuineál ar urlár na cisteanaí, bhí sé chomh sleamhain sin.
mura dtéid tú sa bhealach acu if you don't get in there
" "Ní dhéanfaidh tú maith, a Chiain, mura dtéid tú sa bhealach acu," arsa seisean.
Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint If you can't dance, you can't play hurling
" Dúirt fear eile liom, fear a chaith a shaol ar fad geall leis ag teagasc scileanna na hiomána do ghasúir: "Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint".
mura gcuirtear an síol if the seed isn't sown
" B'fhéidir go bhfuiltear ag snámh in aghaidh an easa ar uairibh ach mura gcuirtear an síol ní baintear an fómhar.
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol if you don't put your life in some sort of order
" "Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
mura raibh áthas ná glóire ach oiread even if there wasn't joy and glory either
" D'fheilfeadh liombó go seoigh; áit nach raibh pian ná fulaingt mura raibh áthas ná glóire ach oiread.
Mura bhfuil if there isn't
" " Mura bhfuil, tá deireadh leis an Chomhaontú.
Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson if Pauline Hanson has done nothing else
" Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.
mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath if an action plan isn't implemented soon
" Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
mura bhfuil fonn ort íoc as if you don't feel like paying for it
" I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil.
mura n-éireodh eatarthu if they didn't fall out
" Bhí Hannah ag meabhrú anois go mb'fhéidir nach raibh sin ar an chinneadh is céillí a rinne sí ariamh nó bheadh an t-ádh dearg orthu mura n-éireodh eatarthu sula mbeadh an mhaidin istigh.
Mura n-éireodh leo if they weren't a success
" Mura n-éireodh leo nár chuma - bheadh a fhios againn ansin gurb é an córas atá ann an córas is fearr.
mura gceannóidís a gcuid glasraí if they wouldn't buy their vegetables
" Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil.
mura gcuirfear srian ar MRSA if MRSA is not curbed
" Is léir, áfach, nach fiú tráithín “Plean Deich bPointe” an Aire i leith leasú an chórais mura gcuirfear srian ar MRSA.
ach mura ngníomhaíonn CLG go luath if the GAA doesn't act soon
" Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil.
mura n-áiríon tú if you don't take into account
" Ní rinceann Herring riamh, mura n-áiríon tú sean-waltz meisciúil le linn bainiseacha.
mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna if the 'crisis' in the schools is not tackled
" Tá an t-eolas seo ag teacht sna sála ar thuarascáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inar dúradh nach mbeadh aon scoil Ghaeltachta ag múineadh trí Ghaeilge i gceann scór bliain mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna, mar a thug siad air.
mura ndéanfar beart gan mhoill if action isn't taken soon
" Is cinnte, áfach, mura ndéanfar beart gan mhoill go dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh an córas inleigheasta.
mura rabhthas chun é fhoilsiú. if it wasn't to be published.
" Dúirt an t-eagarthóir, Gerry O'Regan, a tháinig mar chomharba ar Vinnie Doyle, nach raibh sé de cheart aici a colún bheith foilsithe ná bheith curtha ar an eolas roimh ré mura rabhthas chun é fhoilsiú.
mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, if you don't want to give them material on a permanent basis,
" Agus mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, is féidir é a thabhairt ar iasacht le do ndéanfadh siad cóip de, bíodh sé ina phictiúr, ina 78, ina uirlis nó cibé.
mura gcaithfidís vóta dó. if they didn't vote for him.
" “Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó.
mura rachainn an bealach as gaiste if I didn't go the quickest way
" Seicteachas a bheadh ann, dar liom, mura rachainn an bealach as gaiste fríd an cheantar clúiteach dílseach.
mura mbeinn sách dathúil. if I wasn't good-looking enough.
" Ach b’fhéidir go bhfuil an ceart agat, b’fhéidir go mbeinn ar an raidió seachas ar an teilifís mura mbeinn sách dathúil.
Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo if Fianna Fáil don't know the ropes at this stage
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
mura nglacfar le toradh an ghutha sin? if the result of that vote is not accepted
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua if you don't seize your opportunity with every new person
" ’ “Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas.
is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. even if they don't speak fluent Irish.
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí if her parents weren't given permission
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
ní chaillfear an teanga mura gcuirtear a leithéid ar fáil inti. the language won't be lost if (a daily newspaper) isn't made available in it
" Ach cé go bhfuil nuachtán laethúil tábhachtach i dtéarmaí sochtheangeolaíochta d’aon mhionteanga agus gurb amhlaidh an cás don Ghaeilge, ní chaillfear an teanga mura gcuirtear a leithéid ar fáil inti.
mura miste leat. if you wouldn't mind
" Balor: Ba mhaith le léitheoirí *Beo Ar Éigean!* léargas inteacht a fháil ar thús do shaoil agus ar d’óige, mura miste leat.
mura gcleachtfadh sé é. if he didn't practise it.
" Dar le Smith féin, bhí an-drogall air glacadh le polagamas ach gur dhúirt Dia leis go ndamnófaí é mura gcleachtfadh sé é.
mura bhfuil tú in acmhainn if you can't afford
" Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú.
mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil if they didn't participate in the offical process
" Mhaígh an rialtas freisin gur thuig na teifigh nach mbainfidís tearmann amach mura mbeadh siad páirteach sa phróiseas oifigiúil.
mura luafainn if I didn't mention
" Mar a dúirt Édith Piaf, Non, je ne regrette rien! ” Bheadh an t-alt seo easnamhach mura luafainn nach n-aontaíonn go leor daoine le tuairimí Roche i dtaca leis an tionchar a d’fhág an radachur ar mhuintir na gceantar a mbíonn sí ag gníomhnú iontu.
mura ndóitear unless (they are) burned
" Tá plandaí dúchais áirithe sa tír, fiú, nach mbachlóidh mura ndóitear iad.
mura dtapaítear if (they're) not grabbed
" Ina dhiaidh sin arís, tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad.
Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! If u haven't a foot under u, put ur best foot forward!
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
mura miste leat if you don't mind
" Balor: A Thaoisigh, mura miste leat mé á fhiafraí, cad as a dtiocfaidh na storm troopers seo? Mura bhfuil siad le híoc, cá raibh siad am an toghcháin? Má tá siad le híoc, cé atá chun é sin a dhéanamh? Agus cad leis? Agus ceist níos práinní fós, cén áit a bhfaighidh tú fiche míle camán ag an am seo den bhliain, nuair nach bhfuil traenálaithe na bhfoirne iomána in ann cúpla camán sa bhreis a aimsiú ar eagla a mbriste? Biffo: Ceist mhaith, a Bhaloir.
mura miste leat if you don't mind
" Fágfaimid mar sin é, mura miste leat.
mura mbeadh tada eile ann were it for no other reason
" Ba dheas an rud é dá dtabharfadh siad tacaíocht dá chéile agus dá gceannódh siad gach leabhar nua Gaeilge a thagann amach le fiosracht mura mbeadh tada eile ann.
mura miste leat please
" *“How do you like your steak, sir?”* a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: *“Hanging over the side of the plate,* mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: *“Would you like a pitcher of beer for the table, sir?”* “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín.
mura ritear if (it’s) not run
" Ní chuirtear aon reachtaíocht i bhfeidhm mura ritear tríd an dá theach í.
fiú mura even if
" Idir an ‘pot au feu’ agus an ‘saucisson Lyonnais à la vigneronne’, gan trácht ar an ‘petit salé aux lentilles’, bíonn rogha ann a thálfadh uisce faoi do chár, fiú mura mbeadh ocras ort.
mura miste leat if you don’t mind
" Beidh an sneachta mar phluid teasa acu, mura miste leat, go gcloise an mada rua iad! Bíonn tolláin déanta acu agus bíonn siad suas síos tríd na tolláin faoin mbrat mór sneachta.
mura leanaimis linn if we don’t continue
" Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfimis go n-imeoidh na fadhbanna airgid ach mura leanaimis linn ag forbairt na teanga, d’fhéadfaimis í sin a chailleadh agus ní bhfaighimis ar ais go brách í.
mura n-athróidh mé béasaí if I don’t change my manner
" Dá aistí é mar leagan de Buachaill ón Éirne, b’fhíor é an leagan údaí, dar leis féin: “Is liom Corcaigh Uí Mháirtín, dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain; is mura n-athróidh mé béasaí, is liom Éire uilig is Maigh Eo.
Mura dtapaíonn doesn’t avail, use
" Mura dtapaíonn an feachtas an deis a spriocanna a chur i gcrích agus aird an phobail ar an scéal, is lú arís an t-ionchas go dtabharfaidh siad an bua leo níos déanaí, agus na meáin dulta ar aghaidh chuig an chéad eachtra eile, nó chuig scéal i mbarr bata éigin.
mura gcuirfí i bhfeidhm í if were not to be enforced
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
mura dtuigtear é ar dtús if it isn’t first understood
" Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús.
mura miste leat if you don’t mind
" ” Beairic Mhicí Johnny ========= “Anois, a Bheairic, an cheist dheireanach, mura miste leat.
mura miste leat an meafar if you permit the metaphor
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
mura raibh dul amú orm if I’m correct
" B’shin a bhí á mholadh ag Éamonn Gilmore le linn an fheachtais toghchánaíochta, mura raibh dul amú orm.
mura gcloítear leis if it doesn’t abide by
" Don chéad uair, beidh sé de chead ag ballstát amháin ball eile a tharraingt os comhair cúirte mura gcloítear leis na rialacha.
mura dtapófar an deis seo if this opportunity is missed
" ” Más fíor an méid san fhíseán ag Invisible Children, agus creidimse féinig agus Binse Fiosrúcháin Idirnáisiúnta um Choiriúlacht Chogaidh go bhfuil sé fíor, deánfar éagóir ar na leanaí seo athuair mura dtapófar an deis seo le Joseph Kony a ghabháil.
mura nglacfaí céimeanna ar leith if special steps aren’t taken
" Mhaígh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar roghatheanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
mura mbímid cúramach if we’re not careful
" Faraor, níl an scéal chomh diúid leis sin in aon chor agus mura mbímid cúramach lenár gcuid deonaíochta, d’fhéadfaimis a bheith ag cabhrú le hoibríocht dhomhanda a dhéanann níos mó dochar ná leas.
Mura mbronnfaimid if we don’t give as a present
" Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
mura raibh baint aici leis if she wasn’t involved
" Cuireadh tús láithreach lena daoradh sna meáin, le tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh an neamh-mhothú seo mínádúrtha i máthair a bhí tar éis a leanbh a chailleadh - mura raibh baint aici leis.
Mura mbeadh teorainn le líon were it not for the limitation on the number allowed
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo even if I’m only an hour at a party there
" Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo.
Mura n-atoghfar if O. is not re-elected
" Mura n-atoghfar Obama, b’fhéidir nach mbeidh athnuachan mar rogha.
mura bhfuil cúram leighis ar fáil if medical care is not available
" Ach níl aon mhaith in ailt bhunreachta mura bhfuil cúram leighis ar fáil do pháiste, mura bhfuil tacaíocht acu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu sna scoileanna, nó mura bhfuil na háiteanna cuí ann d’ógánaigh a chur faoi choinneáil.
Mura mbídís ann if they didn’t exist
" Mura mbídís ann, bheadh orainn iad a shamhlú.
Mura mbeadh an eagraíocht ann if the organization didn’t exist
" Mura mbeadh an eagraíocht ann bheadh ar áisíneacht eile ar nós Fiontar Éireann nó an tÚdarás Forbartha Tionscail cúram a dhéanamh d'infheistíocht sa Ghaeltacht.
mura dtabharfaí cumhacht do if power wasn’t given to
" Mhaígh an Chomhairle, i bpreas-ráiteas a eisíodh ar 18 Deireadh Fómhair, nach mbuafaí an cogadh in aghaidh na gáinneála ar dhaoine mura dtabharfaí cumhacht do na híospartaigh féin.
Mura mBíonn ach Galar Agat if you wish to spread a disease
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
Mura gcruthaíonn sibh if you don’t show
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite even if it’s just a lie
" Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite ag Marius Betondi ó thus deireadh, léiríonn scéal an Chamarúnaigh roinnt mhaith fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarrtha tearmainn is leis an gcóras inimirce i gcoitinne.
mura mbeadh obair roimhe if he didn’t have work ahead of him
" maidin sathairn mura mbeadh obair roimhe an lá sin, agus théadh sé amach 5 míle ar an rothar chuig coinicéar agus bhíodh “*the two or three massive rabbits that I wanted, skinned and cleaned and hung on the back door before anyone stirred out of bed*” a dúirt sé.
mura gcinneann Ard-Aighne na hAstráile if the Attorney General doesn’t decide
" Fágann an cinneadh seo nach bhfuil aon bhealach eile le hainmneacha an tSeisir a shaoradh mura gcinneann Ard-Aighne na hAstráile an cás a oscailt arís.
mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh if the whole thing wasn’t so crazy
" Thiocfadh fearg orm mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh.
mura bhfuil siad sáraithe aige if he hasn’t surpassed them
" Fulaingt agus Diongbháilteacht ============= Éacht ar leith é dá bhrí sin, éacht mór millteach, Craobh an Domhain a bhuachan faoi mar atá déanta ag Rob Ó hIfearnáin agus éacht atá inchurtha (mura bhfuil siad sáraithe aige) le héachtaí laochra eile spóirt na tíre bige seo le trí scór bliain anuas, laochra ar nós Uí Dhubhshláine, Uí Chochláin, Ní Shúilleabháin, Nic an Táilliúra, Uí Arrachtáin, Uí Dhuinn agus Carruth.
Mura mbeadh ann ach an t-aineolas if it was only a case of ignorance
" Mura mbeadh ann ach an t-aineolas chaithfeadh na daoine aineolacha a gcuid vótaí go fánach, agus tríd is tríd, nó go staitisticiúil, rachadh a leath de na vótaí ar son na dúnghaoise cirte agus a leath eile ina coinne.
mura bhfuil sé ar ár gcumas if we are unable
" Orainn féin atá an locht mar phobal mura bhfuil sé ar ár gcumas ceannairí na tire agus a gcuid dúnghaoisí a mheas i gceart.
mura miste leat if you don’t mind
" Leabhar a scríobh mé féin, mura miste leat, an dara ceann: *Hidden History: Irish in Liverpool* / An Ghaeilge i Learpholl (ISBN 9780956452719; ar £5) agus tá sé le seoladh Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair san iarsmalann ag an *Pier Head*, Learpholl ag 3 i.
mura bhfuil foireann Ultach ag imirt if an Ulster team isn't playing
" Ní chraolann BBC NI cluichí ceannais na hÉireann mura bhfuil foireann Ultach ag imirt agus tá mé cinnte go mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl i dTeach Craolacháin i mBéal Feirste i gceist dá mbeadh Muineacháin, An Cabhán nó Tír Chonall ag dul fá choinne Sam (dá éadóiche é an chéad bheirt!).
mura mbeadh gléas if (they) didn’t (have)
" Ní fheicfeadh duine ó thuaidh ar bith an sár-chluiche idir an Clár agus Corcaigh mura mbeadh gléas RTÉ acu.
Mura bhfoilseofar toradh an athbhreithnithe if the result(s) of the review are not published
" Mura bhfoilseofar toradh an athbhreithnithe agus fíricí an scéil, áfach, leanfar ag cur teoiricí comhcheilge chun tosaigh faoin chúis nach raibh na Gardaí chomh críochnúil is a ba chóir dóibh a bheith ina gcuid fiosrúcháin.
Mura mbíonn rath ar if (E.) isn't successful
" Mura mbíonn rath ar EUROSUR, ní mar gheall ar easpa airgid é.
Mura ndéanann if not
" Mura ndéanann, beidh siad damnaithe.
mura bhfuil sé ag taifeadadh if not recording
" Ar ndóigh, mura bhfuil sé ag taifeadadh nó ag ardú na fuaime le go gcluinfidh daoine é, tá go leor den aos ceoil go dubh in éadan na haibhléise, gan a bheith ag caint ar an leictreonach.
Mura mbeadh ann were it only the case of
" Mura mbeadh ann ach go bhfuil farraigí thart timpeall orainn ar fad, ba leor é, óir is an-fhoinse saibhris í an fharraige.
mura bhfuil Rob féin even if Rob himself isn’t
" Is suimiúil an cás é, ach is ríchosúil nach bhfuil saol polaitíochta Rob Ford ag tabhairt na gcor go fóill, mura bhfuil Rob féin.
mura mbeadh sé ráite if it wasn’t said
" Ní bheadh maith ag bith a bheith ag léiriú míshástachta leis an rialtas agus leis an státchóras mura mbeadh sé ráite céard tá uainn.
mura n-aontaíonn aontachtaithe if unionists don’t agree
" Nach raibh a fhios aici, ‘dá mbainfí bratacha anuas, go mbeadh círéibeacha ann’, ar sé, ag admháil gurb é an foréigean an rud is túisce a tharlaíonn mura n-aontaíonn aontachtaithe le cinneadh éigin.
mura bhfuil dul amú orm if I’m not mistaken
" Is dóigh go bhfuil deiseanna áirithe ann le cúrsaí idirlín ach cé tá chun tuarastal a íoc? **CMacS: Tá Gael Linn le blianta fada, mura bhfuil dul amú orm, ag spreagadh spéise sa Ghaeilge i measc na nAontachtach ó thuaidh.
mura féidir iarracht níos fearr a dhéanamh if a better effort can’t be made
" Is bocht an scéal é mura féidir iarracht níos fearr a dhéanamh teacht ar dhaoine le Gaeilge.
mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh put your best foot forward
" Shílfeá gur chum gúrú caidreamh poiblí éigin an seanfhocal úd ‘mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh’ go speisialta do na meáin Ghaeilge.
mura bhfuiltear ag déanamh brabúis if they’re not making a profit
" Go bunúsach feidhmíonn na Boird Scrúdaithe sa Ríocht Aontaithe mar a bheadh gnólachtaí príobháideacha ann agus tá cead dá réir acu gan ábhair a sholáthar mura bhfuiltear ag déanamh brabúis astu.
Mura dtarlaíonn aon ní an-aisteach if nothing very strange happens
" Mura dtarlaíonn aon ní an-aisteach i gcomórtas peile Laighean, beidh comhramh eile cúige sa chófra taispeántais sar i bhfad.
mura dtapaítear if (they're) not grabbed
" Tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad.
mura mhiste leat if you please
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
Mura dtáinig sé ar if he didn’t find
" Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
Mura raibh aon suí ar a thóin if he wasn’t sitting around
" Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
mura bhfuil ann ach if it’s just considered
" Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.
mura miste leat if you don’t mind
" Is é sin, ceist Deán na Spéire, mura miste leat, nó an cainéal Sky.