Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cruthaítear dioscúrsa nádúrtha a natural discourse is created
" Cruthaítear dioscúrsa nádúrtha idir an cliant, Forbairt Feirste, agus muintir Bhóthar na bhFál.
timpeallacht nádúrtha natural environment
" Is léir go bhfuilimid in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha.
Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior he was a natural musician to the core
i ndíth ceana nádúrtha wanting in natural affection
" Cheapfadh duine neamh-airdiúil go raibh sí ar nós cuma liom agus nach raibh sí i ndíth ceana nádúrtha agus comhbhróin, a bhí a fhios agamsa níb fhearr.
na hacmhainní nádúrtha the natural resources
" Tá daoine ann nach n-aontaíonn leis na mílte bairille a bheith sa chuan ach, ag deireadh an lae, is fostaíocht é ó na hacmhainní nádúrtha atá againn.
Acmhainní Nádúrtha natural resources
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
acmhainní nádúrtha natural resources
" Tá infheidhmiú na n-acmhainní nádúrtha ag dul ar aghaidh go han-ghasta, agus tá greim an airm ar an tír tar éis éirí níos daingne.
áilleacht nádúrtha natural beauty
" Thaitin na foinn éagsúla i gceol na hÉireann i gcónaí liom féin agus le mo theaghlach agus, ar ndóigh, thaitin áilleacht nádúrtha an Oileáin Iathghlais liom.
áilleacht nádúrtha natural beauty
" áilleacht nádúrtha ======= Thaitin an tírdhreach leis na hIodálaigh seo: an t-aigéan, na haillte, an cósta fiáin agus garbh.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha taking advantage of its natural resources
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
éabhlóid nádúrtha natural evolution
" Tá an éabhlóid nádúrtha seo tarlaithe de bharr gur ag plé le cumasú pobail agus buanú teanga atá muid.
acmhainní nádúrtha natural resources
" Tá an tír iontach saibhir ó thaobh mianraí agus acmhainní nádúrtha de ach is beag iarracht atá déanta ag na rialtais dhifriúla plean tionsclaíochta a chur le chéile chun leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo agus an geilleagar agus saol na ndaoine a fheabhsú.
mheangadh mór nádúrtha big natural smile
" Ó thús an agallaimh, ba léir go raibh meascán den fhoirmeáltacht éifeachtach agus den chairdiúlacht ag baint leis; é dírithe go hiomlán díograiseach agus dáiríre ar mo cheisteanna ach ansin ag baint siar asam lena mheangadh mór nádúrtha nó lena gháire sona séimh, rud a rinne sé go minic.
go nádúrtha in a natural way
" Tugaim deiseanna do na mic léinn a gcuid Gaeilge a úsáid go nádúrtha chuile lá.
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b'fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo.
mar go mothaím níos nádúrtha á rá because I feel more natural singing it
" B'fhearr liom amhráin a fhoghlaim a chum bean, mar go mothaím níos nádúrtha á rá.
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil.
an áilleacht nádúrtha the natural beauty
" Tá codarsnacht an-mhór idir seo ar fad agus an áilleacht nádúrtha atá thart timpeall.
muintearas nádúrtha natural affinity
" An phríomhfhealsúnacht atá taobh thiar den ghníomhaíocht seo ná go bhfuil ceangal nó muintearas nádúrtha idir pobail na hÉireann agus na Breataine, agus gur mithid an gaol seo a spreagadh agus a chaomhnú.
ina ngnáthóg nádúrtha in their natural habitat
" Ach fós féin cuirtear Kruger os comhair an tsaoil mar áit ina bhfuil na hainmhithe sábháilte ina ngnáthóg nádúrtha.
feidhm nádúrtha éin natural bird function
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
i dtubaistí nádúrtha in natural disasters
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
don timpeallacht nádúrtha to the natural environment
" Ní gá gur drochrud é sin ach amháin go bhfuil galfchúrsaí á dtógáil nó á bhforbairt in áiteanna ina bhféadfadh dochar a bheith á dhéanamh don timpeallacht nádúrtha, idir fhiadhúlra, fhásra agus thírdhreach.
gné nádúrtha a natural aspect
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha putting too much pressure on natural resources
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne. one of the seven natural wonders of the world.
" Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne.
bua nádúrtha natural talent
" Bhí bua nádúrtha ag Rembrandt ó thaobh na péintéireachta de agus d’éirigh go maith leis go luath ina shaol.
sa timpeallacht nádúrtha, in the natural environment,
" Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile! AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht? ENíC: Tharla sé go nádúrtha.
agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha and that it destroyed the natural beauty
" Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair.
dathanna bríomhara, nádúrtha lively, natural colours
" html) ag forbairt “an chéad ghlúin eile” de scáileáin a léireoidh íomhánna agus dathanna bríomhara, nádúrtha gan mórán cumhachta a úsáid.
acmhainní nádúrtha natural resources
" “In Alasca, mhair na teangacha mar gheall ar go rabhthas á labhairt san iargúltacht nó de bhrí nach raibh acmhainní nádúrtha sna ceantair ina raibh siad á labhairt.
níos nádúrtha more natural
" Tá sé níos nádúrtha dhuitse, níos *subtle*.
nach raibh sé i bhfad ón rud nádúrtha, that it wasn't far from the natural thing,
" Ach sílimse gur choinnigh muidinne i gcónaí smacht air sin, nár athraigh muid an stíl, nach raibh sé i bhfad ón rud nádúrtha, ón traidisiún.
macasamhail Ger sa saol nádúrtha. something like John in the natural world.
" Níor chuala siad óráid dhomhain John ach chonaic macasamhail Ger sa saol nádúrtha.
a rangaíodh i measc iontais nádúrtha na cruinne, which were categorised amongst the seven wonders of the world,
" Bhí léibhinn bhána agus bhándearga, a rangaíodh i measc iontais nádúrtha na cruinne, le feiceáil in Te Wairoa go dtí an 19ú haois.
don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha to the Joint Committee on Communications, Marine and Natural Resources
" I bhfianaise a tugadh don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha in Eanáir 2007, dúradh nach ionann an teilifiseán a thuilleadh agus bosca i gcúinne an tseomra suite.
go nádúrtha réidh naturally and easily
" **Dúil mhór**Tugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an dá rud go nádúrtha réidh lena chéile.
treise nádúrtha natural strength
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
seachas éabhlóid nádúrtha instead of natural evolution
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
dath donn nádúrtha natural brown colour
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
go nádúrtha, naturally
" Is damhsa é a d’fhoghlaimíodh daoine go nádúrtha, i gcomhthéacs nádúrtha, agus bíonn carachtar uathúil an damhsóra ríthábhachtach sa léiriú.
i gcomhthéacs nádúrtha, in a natural context
" Is damhsa é a d’fhoghlaimíodh daoine go nádúrtha, i gcomhthéacs nádúrtha, agus bíonn carachtar uathúil an damhsóra ríthábhachtach sa léiriú.
braithfidh sé breá nádúrtha. it'll feel nice and natural.
" Ach má bhaineann tú triail as ar feadh cúpla nóiméad, braithfidh sé breá nádúrtha.
stíl bhreá nádúrtha nice natural style
" Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
den éabhlóid nádúrtha of the natural evolution
" Ag tagairt do chás na hÉireann, dúirt sé gur cuid den éabhlóid nádúrtha é, nach “gá dúinn a bheith scanraithe faoi”.
acmhainní nádúrtha national resources
" Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda mar nach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann.
go measartha nádúrtha quite naturally
" Tháinig an ceol ar fad le chéile go measartha nádúrtha ón nóiméad sin ar aghaidh.
aimfitéatar nádúrtha natural amphitheatre
" Is leis an eagraíocht seo an pháirc ar a n-imrítear na cluichí agus is aimfitéatar nádúrtha í.
dul chun cinn nádúrtha natural progression
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
is nádúrtha most natural
" Tá sé fíorthábhachtach na fíricí sin a bheith againn le cur ina luí ar dhaoine gur ceann de na hacmhainní is nádúrtha í agus tá luach eacnamaíoch ag baint léi – chomh maith le luach sóisialta agus cultúrtha.
forbairt nádúrtha a natural development
" Is forbairt nádúrtha é seo ó ligeadh d’imreoirí cianimirt thar líonra.
hacmhainní nádúrtha natural resources
" “Ní bheidh mórán de theacht isteach againn ón mhuirear sin!” Murar Mhiste ===== Ar na buntáistí is mó atá ag an tír i láthair na huaire, seachas muintir na Síne a bheith mar dhlúthchairde againn, tá na hacmhainní nádúrtha is fearr san Eoraip.
fhorbairt nádúrtha na pearsantachta the natural development of one’s personality
" Uaireanta is féidir le hoideachas ardléinn cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na pearsantachta.
ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad they were determined natural combatants
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt partition would look more natural
" B'éigean toiseacht leis na Plandálacha don chuid is mó ach ní raibh eagla orthu amharc níos sia siar le go mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt.
an meascán nádúrtha the natural mix
" “Tá ár gcuid nósanna traidisiúnta thar a bheith tábhachtach dhúinn, ach freisin caithfidh muid nósanna nua agus ealaíon nua a chruthú inár dteanga féin – seo an meascán nádúrtha a tharlaíonn idir an sean agus nua i gcultúir folláine,” A Ghealach Bhréagach! A Ghealach Bhréagach, thuas san aer Dúirt tú liom go mbeinn chomh saibhir leis an spéir Go bhfaighinn málaí óir is airgid gan stró.
thubaistí nádúrtha natural disasters
" Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne.
nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha or the phrase in its natural context
" Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
dlí nádúrtha (agrees with) natural law
" Luíonn sé sin le réasún agus leis an dlí nádúrtha, más mian leat.
an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Energy and Natural Resources
" Mar fhreagra ar an líomhain seo, dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, nach bhfuil sé i gceist go dtógfaí feirm gaoithe in achan pharóiste sa tír.
na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air his natural abilities of fortune telling
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
Níl faic níos nádúrtha there’s nothing more natural
" Ach cad eile a dhéanfá? Níl faic níos nádúrtha le déanamh mar chaptaen buacach ar an lá is mó sa bhliain i bhféilire an CLG ach a bheith gaelach.
fhorbairt nádúrtha natural development
" Plus ça change – bíonn an t-aos ‘léannta’ i gcónaí ag tabhairt amach faoin dream óg atá ag simpliú na teangan agus ag déanamh neamhaird de rialacha casta gramadaí! “Ar ndóigh, tá contúirt faoi leith ag baint le simpliú - nó truailliú - na Gaeilge sa lá atá inniu ann mar gur mar gheall ar thionchar mór an Bhéarla atá sé ag tarlú seachas mar gheall ar fhorbairt nádúrtha na teanga.
béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha placing a clear emphasis on (Ignatieff’s own) natural academic company
" Ach thug na hainmneacha deis níos pearsanta dó freisin, ’sé sin a chuid léitheoireacht leathan a chur in iúl don léitheoir agus béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha Ignatieff féin.
acmhainní nádúrtha natural resources
" Tá go leor le foghlaim ag Éirinn ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar Íle na hAlban chun úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha an oileáin agus timpeallacht níos glaine a chruthú, dar le Stiofán MacGréill.