Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarrthóirí náisiúnacha nationalist candidates
" Dar ndóigh bhí a fhios agam cheana féin gurb as Dún na nGall don bheirt iarrthóirí náisiúnacha, Pat Doherty ó Shinn Féin agus Bríd Rodgers ón SDLP.
ceantair náisiúnacha nationalist areas
" Cén fáth? Tá mé ag dul a phlé rud nach bhfuil cead agat a phlé go poiblí sna ceantair náisiúnacha sa tuaisceart, is é sin, an chinsireacht taobh istigh de na ceantair sin.
náisiúnaí nationalist
" Thug an tAthair Nugent cuidiú dóibh agus tá a dhealbh siúd ar an tslí, chomh maith leis an cheann de "Dandy" Pat Byrne as Loch Garman a bhí ina chomhairleoir do Pháirtí Rialtais Dhúchais na hÉireann ar Chomhairle Cathrach Learphoill, in éineacht le 28 náisiúnaí eile.
náisiúnach nationalist
náisiúnaigh nationalist
" Chuir sé síos ar thaithí an phobail náisiúnaigh ar an phóilíneacht ó thuaidh.
náisiúnach nationalist
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
dearcadh an-náisiúnach very nationalistic viewpoint
" Bhí dearcadh an-náisiúnach aige agus ba mhinic a bhíodh ball éadaigh á chaitheamh aige agus an dath buí air.
páirtí náisiúnach na todhchaí the nationalist party of the future
" Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
náisiúnaí nationalist
" Cuir i gcás go raibh deichniúr le toghadh ar an chomhairle, má chuir na haontachtaithe X le gach aontachtaí, gheobhadh siad uilig isteach agus ní bheadh suíochán ar bith ag náisiúnaí de chineál ar bith.
Náisiúnaí nationalist
" Náisiúnaí, Poblachtánach agus Gael a bhí ann freisin.
náisiúnacha nationalist
" Gineadh fuath don Arm ar leibhéil éagsúla, go háirithe i gceantracha bochta náisiúnacha.
náisiúnaí nationalist
" Is beag duine, aontachtaí nó náisiúnaí, a bheadh ina éadan ceann ar bith acu sin.
náisiúnach nationalist
" Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnach nó aontachtach thú.
náisiúnach nationalist
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
móraimh náisiúnacha nationalist majorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
náisiúnach nationalist
" Ní bheidís i gcarcair ach go b'é go raibh siad ina gcónaí i bpáirt den tír ina raibh cearta á séanadh ar an phobal náisiúnach.
náisiúnach nationalist
" Dearcadh ar na Caitlicigh a d’imir do na Sé Chontae mar *Uncle Toms*, ainneoin nár tháinig smaointe ar bith fá náisiúnachas nó fán pholaitíocht i gcloigeann Martin O’Neill nó Ger Rogan, mar shampla.
móramh náisiúnach nationalist majority
" Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh móramh náisiúnach ó thuaidh taobh istigh den mheántéarma.
náisiúnach nationalist
" Chruthaigh an bhratach sin, agus líon na ngeansaithe de chuid Learphoill a bhí le feiceáil i dtithe tábhairne cheantracha náisiúnacha Bhéal Feirste agus in áiteanna eile ó thuaidh, go bhfuil go leor daoine – go háirithe an grúpa déimeagrafach tábhachtach sin, fir óga – sásta tacaíocht a thabhairt d’fhoireann as iarthuaisceart Shasana, as siocair clú an Éireannachais bheith ar an chathair chéanna nó ar chúiseanna eile.
ceantar náisiúnach a nationalist area
" An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
páirtí náisiúnach nationalist party
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
pobal náisiúnach nationalist community
" ” Idir dhá thine Bealtaine ======= Cheangail na stailceanna ocrais an pobal náisiúnach le Sinn Féin ar dhóigh nárbh fhéidir a shamhlú roimhe.
ghlúin óg náisiúnach young nationalist generation
" É ina óglach de chuid Arm na Poblachta sular thiomáin comhruathair na ndílseoirí agus na B-Specials scuainí de ghlúin óg náisiúnach Thuaisceart Éireann isteach san IRA sa bhliain 1969.
lena gcomharsanaigh náisiúnacha with their nationalist neighbours
" Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go bé na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, ní bheidh deireadh leis an “*hemorrhaging*” atá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.
leis an phobal náisiúnach to the nationalist community
" Beidh sé níos fusa an teachtaireacht sin a dhíol leis an phobal náisiúnach mar thoradh ar chainteanna Kelly.
an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh the nationalist progress in the north
" Mar sin, tá smacht ag Sinn Féin ar an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Deir sé go raibh an pobal náisiúnach ansin den tuairim go raibh “éagóir ar bharr éagóra” déanta ag an rialtas orthu; ghoill sé go mór orthu, mar shampla, gur tógadh an ollscoil nua i gCúil Raithin seachas i nDoire.
bunús mór an phobail náisiúnaigh most of the nationalist community
" Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige.
nach náisiúnaí mé a thuilleadh. that I'm no longer a nationalist.
" Mar shampla, má thacaím le cás cúirte atá tógtha ag aontachtach, beidh daoine amuigh ansin a shílfidh nach náisiúnaí mé a thuilleadh.
dearcadh náisiúnach nationalist outlook
" B’fhearr liom bheith neamhspleách ar pháirtithe, cé go bhfuil dearcadh náisiúnach agam.
tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm. His name is revered in Nationalist West Belfast
" Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
an pobal náisiúnach the nationalist community
" Mianta agus riachtanaisAr an drochuair do Shinn Féin, tá an pobal náisiúnach ag dúil le torthaí dearfacha uathu.
náisiúnaí mór le rá well know nationalist
" D’ólamar deoch an oíche sin le Phil Gawne, díograiseoir teanga, náisiúnaí mór le rá agus Aire Ta lmhaíochta Mhanann.
Náisiúnach Nationalist(s)
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil the nationalist-friendly policy
" " An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil? =============== Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
is dreamanna Náisiúnacha anois iad they’re now Nationalists
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.
náisiúnaigh tríú tíortha third country nationals
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.
sonraí na náisiúnach tríú tíortha 3rd country citizens’ details
" Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart.
An Féintrua Náisiúnach the national self-pity
" An Féintrua Náisiúnach ====== Ba léir don Fhréineach gur bac de shaghas éigin ab ea An Féintrua Náisiúnach, ach a mhalairt de scéal a bhí gceist dar leis an gCorcarach.
an ghluaiseacht náisiúnach the national movement
" Ach bhí tacaíocht pholaitiúil ag de híde ón United Ireland League (UIL), an ghluaiseacht náisiúnach ar a raibh Redmond ina cheannaire air.
an phobal náisiúnach the nationalist community
" Nuair a d’fhógair an IRA sos cogaidh cheana féin sna seascaidí ní dhearna Rialtais na hÉireann ná na Breataine go leor leis an phobal náisiúnach sna Sé Chontae a chosaint.