Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarrthóirí náisiúnacha nationalist candidates
" Dar ndóigh bhí a fhios agam cheana féin gurb as Dún na nGall don bheirt iarrthóirí náisiúnacha, Pat Doherty ó Shinn Féin agus Bríd Rodgers ón SDLP.
ceantair náisiúnacha nationalist areas
" Cén fáth? Tá mé ag dul a phlé rud nach bhfuil cead agat a phlé go poiblí sna ceantair náisiúnacha sa tuaisceart, is é sin, an chinsireacht taobh istigh de na ceantair sin.
náisiúnacha nationalist
" Gineadh fuath don Arm ar leibhéil éagsúla, go háirithe i gceantracha bochta náisiúnacha.
móraimh náisiúnacha nationalist majorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
lena gcomharsanaigh náisiúnacha with their nationalist neighbours
" Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go bé na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, ní bheidh deireadh leis an “*hemorrhaging*” atá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.
is dreamanna Náisiúnacha anois iad they’re now Nationalists
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.