Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
náisiúnachas nationalism
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
náisiúnachas nationalism
" Cén áit a dtosaíonn tú agus tú ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.
in éadan an náisiúnachais against nationalism
" Chaith Paisley a shaol ag troid in éadan an náisiúnachais, Eaglais na Róimhe, *line dancing*, agus míle rud eile agus theip air i gcás achan cheann acu.
náisiúnachas místuama imprudent/clumsy nationalism
" Tá sé á mhaíomh ag daoine eile, áfach, go bhfuil cúngaigeantacht agus náisiúnachas místuama ag baint leis, .
náisiúnachas nationalism
" Fuair an laoch náisúinta, Nólsoyar Páll (1766-1808), inspioráid ó smaointe réabhlóideacha na Fraince agus Mheiriceá agus thosaigh sé feachtas i gcoinne mhonaplacht na Danmhairge i gcúrsaí trádála, rud a spreag an náisiúnachas tuilleadh sna hoileáin.
náisiúnachas nationalism
" Cé a déarfadh, sa chás seo, nach é an náisiúnachas an stroighin i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael? *As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail.
náisiúnachas cúng narrow nationalism
" "Cuidíonn sé le poblachtánaigh ar dhóigh daoine a ghríosadh i dtreo an náisiúnachais ach náisiúnachas cúng atá ann.
náisiúnachas nationalism
" Dearcadh ar na Caitlicigh a d’imir do na Sé Chontae mar *Uncle Toms*, ainneoin nár tháinig smaointe ar bith fá náisiúnachas nó fán pholaitíocht i gcloigeann Martin O’Neill nó Ger Rogan, mar shampla.
náisiúnachas nationalism
" ” Ba é an chéad mhórscannán ar oibrigh Marcus air (mar eagarthóir cúnta) ná an scannán stairiúil sin de chuid Ghael Linn, *Mise Éire*, saothar a bhfuil neamhspleáchas na hÉireann mar théama ann agus ar ceiliúradh é ar an náisiúnachas.
náisiúnachas nationalism
" Bhí sé sin go láidir ann agus bhí an náisiúnachas, an Ghaeilge agus an Caitliceachas go léir measctha suas le chéile.
fhrith-náisiúnachais anti-nationalism
" Tchí Frazer é féin mar *agent provocateur *ar son an fhrith-náisiúnachais agus gair feirge ar son na nglúnta Protastúnacha a maraíodh ó aimsir na Plandála ar aghaidh.
náisiúnachas nationalism
" Ní bhaineann sin le náisiúnachas ná tírghrá fiú ach le haitheantas a chur orainn féin agus ar an áit a bhfuil muid ag baint fúinn.
náisiúnachas. nationalism.
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
nasc le náisiúnachas link to nationalism
" Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu faoi láthair, sraith amháin i dtaobh stair CLG agus a nasc le náisiúnachas san áireamh.
náisiúnachas cultúrtha cultural nationalism
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
nó den náisiúnachas or of nationalism
" Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis.
náisiúnachais chultúrtha of cultural nationalism
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann nationalism was a healthy intellectualism there
" (Scríobh an saineolaí cultúir Carl Schorske mar shampla ina leabhar iontach mar gheall ar Vín de chuid Freud agus Klimt gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann ós rud é gur sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód os comhair an impiriúlachais ghránna in 1848).