Pota Focal Intergaelic
címe | name | | nimh | niúm
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní fheadair mé I don't know
" Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair! Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
Ní mé I don't know
" Ní mé cén míniú atá le feiniméan seo na ndeartháireacha, ach seans go mbaineann sé le deartháireacha a bheith de shíor ag cleachtadh agus ag iomaíocht le chéile amuigh sa gharraí nó ar chúl an tí.
Ní mé I wonder
" Ní mé ar chóir do lucht West on Track straitéis "phanEorpach" den chineál sin a tharraingt chucu féin? Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é.
Ní mé I wonder
" Ní mé an mbeidh na línte sin ina gcabhair ag na státseirbhísigh bhochta i bhForas na Gaeilge atá le díbirt ó Chearnóg Mhuirfean go Gaoth Dobhair.
ní mé I don't know
" "Is cosúil gur dá bharr sin nár thoiligh duine ar bith den seisear clainne s'againne dul isteach sa státseirbhís, ach ní mé!" Bheadh sé deacair do dhuine ar bith leithéidí T K Whitaker a leanacht in aon cheann dá iliomad rólanna poiblí i saol na tíre seo.
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar I wasn't trying to ignore
" Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar riachtanais dhaoine bochta na hAfraice Theas, ach chuaigh mé féin ansin ag lorg eolais agus taithí ar chaomhnú an chomhshaoil.
ní raibh mé in ann mo sháith a chloisteáil I wasn't able to hear enough
" Thit mé i ngrá léi láithreach agus ní raibh mé in ann mo sháith a chloisteáil.
ní bhrúfaidh mé síos a scornach í I won't force it down their throat
" Ar ndóigh, ní bhrúfaidh mé síos a scornach í.
ní mé ar iriseoirí iad I don't know if they were journalists
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, I wasn't trying to show any disrespect,
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
Ní háil léi mé a thuilleadh. She doesn't desire me any more.
ní raibh mé riamh cúthail. I was never shy.
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
Ní raibh mé in ann análú, I wasn't able to breath,
" Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí, screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí.
ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, not only because of the death threats that I received
" Bhraith mé go mór faoi ionsaí – ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, ach mar gheall ar gur bhraith mé gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán.
Ní luaithe mé ag gearán No sonner am I complaining
" Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
Ní ag trácht ar an bhliain airgeadais atá mé, I'm not talking about the financial year
" Ní ag trácht ar an bhliain airgeadais atá mé, ná ag tagairt don bhliain chánach, ach ag smaoineamh atá mé ar an bhliain féilire mar a thuigeann muid ar fad í, an bhliain sin a thosaíonn ar Lá Caille, agus ag smaoineamh atá mé ar an tríú mí den bhliain chéanna.
Ní mó ná sásta a bhí mé I wasn't happy at all
" Ní mó ná sásta a bhí mé nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn.
Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú nothing was done to guide me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
Ní chuirfidh mé fiacail ann: I will call a spade a spade
" Ní chuirfidh mé fiacail ann: tá sé i bhfad níos éasca ábhair mar “na meáin chumarsáide” agus “féiniúlacht agus an Ghaeilge” a scríobh i bhformaid mar seo – formaid a thaitneoidh leis an bpobal i gcoitinne – ná mar atá sé ábhair mar fhoclóireacht nó logainmneacha nó pholasaithe stáit i leith na teanga a dhéanamh tarraingteach don ghnáthdhuine.
Ní duine mór cearrbhachais mé I am not a big gambler
" Ní duine mór cearrbhachais mé, ach dá mbeinn, chuirfinn geall air.
Ní déarfaidh mé I won't say
" Ní déarfaidh mé leat conas ar éirigh liom.
ní mé I don't know
" Athrú eile atá tagtha ar an ngairm, agus ní mé an maith é i gcónaí, ná go mbíonn an dara duine, iarimreoir go minic, sa bhosca craolacháin mar chineál cúntóra ag an bpríomhthráchtaire.
ní raibh mé ag tnúth le I wasn't looking forward to
" Chuaigh mé féin ar ais go California cúpla bliain ó shin agus thaithin sin liom, ach ní raibh mé ag tnúth le California a fheiceáil an oiread sin.
Ní dheachaigh mé I didn't go
" Ní dheachaigh mé thar fóir le rud ar bith i mo shaol roimhe seo – seachas an grá dochloíte atá agam do mhuintir na hÉireann – agus níl sé ar intinn agam tosú anois.
Ní duine díomhaoineach mé I’m not one to stand around
Ní Bheidh mé ar Ais I won’t be back
" Ní Bheidh mé ar Ais! ========== Rinneadh trácht ar an bhfadhb tamaillín eile ó shin nuair a moladh Arnold Schwarzenegger, an aisteoir cáiliúil, mar iarrthóir uachtaránachta.
Ní raibh mé gan a bheith buíoch I was very grateful
" Ní raibh mé gan a bheith buíoch, ach b’fhearr liom cló dubh ná an cló laguaithne a bhí ar an bpíosa nua.
ní raibh mé in innimh I couldn’t
" Ghortaigh mé mo dhroim tar éis cúig seachtaine agus, dá bhrí sin, ní raibh mé in innimh cluiche a imirt ar feadh ocht mí.
Ní dhearna mé a dhath eile I did nothing else
" (gáire) Ní dhearna mé a dhath eile ar feadh deich mbliana eile an t-am sin.
Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist I only did basic level Irish in the Leaving
" Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist! Ní dhearna mé ach leibhéal C sa Ghearmáinis.
ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin I won’t want to acquire that language
" Mura mbeidh spéis agam ina gcultúr agus murar spéis liom cur fúm sa phobal sin ar feadh trí mhí, ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin.
Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas I was reluctant to leave the quiet spot
" Údar an Luathéirí ==== Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin.
Ní mé an bhfuil aon I don’t know are any
" Ní mé an bhfuil aon staidreamh ar fáil faoi líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht, nó cén líon daoine a raibh an aon teanga amháin, dhá theanga, trí theanga acu? Ba cheart go mbeadh.
Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine I can’t understand why man has not created
" Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine, an comhphobal daonna ar fud an domhain, dóigh thart ar na huafáis seo sular tharla siad.
ní duine mór mé chun I’m not a great one to (be)
" Fiú amháin, agus ní duine mór mé chun a bheith ag caitheamh airgid as éadan.
ní raibh mé in innimh I wasn’t able
" Bhí a fhios agam go raibh mé ag cur fola, mar mhothaigh mé é ar m’aghaidh, ach ní raibh mé in innimh rud ar bith a dhéanamh faoi mar bhí mo dhá láimh ar an charraig.
Trí ní a thuig mé i gceart three things I understood properly
" Trí ní a thuig mé i gceart i Trier na Gearmáine i mí Lúnasa ag an *First European Symposium in Celtic Studies*: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn.
ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den I’ll never forget
" “Agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den bholadh ach oiread.
ní raibh mé in ann I wasn’t able
" Ba mhian liom a chur in iúl dóibh go raibh an t-ádh orthu go raibh deis oideachais acu, ach ní raibh mé in ann.
Ní mé cé acu I don’t know whether
" Ní mé cé acu ba mhó an t-iontas ná an t-áthas nuair ba léir gurbh í an Bhreatais a bhí formhór na ndaltaí a labhairt.
ní lasfaidh mé aon raithneach I won’t light up any weed
" Tá roinnt daoine den bharúil gur cuma liomsa faoin timpeallacht, ach níl sé sin fíor; agus i bhfianaise air sin, ní lasfaidh mé aon raithneach taobh amuigh.