Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní móide go it is unlikely
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
Ní móide go n-aithneodh í he probably wouldn't recognise it
" Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann.
ní móide go dtarlódh sé it probably wouldn't happen
" An bhféadfadh sé tarlú san iomáint? Tá sin as an gceist faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus, le fírinne, ní móide go dtarlódh sé faoi chóras ar bith, ach d'fhéadfadh dhá nó trí chontae as Ulaidh bheith sna babhtaí ochtú ceannais, cuir i gcás, faoi chóras oscailte.
Ní móide go mbuafaimid aon rud, it is unlikely we will win anything
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
Ní móide go it was unlikely
" Ní móide go mbeadh náisiún neamhspleách ar bith sásta glacadh lena leithéid de chomhairle ón iasacht agus í in éadan an Bhunreachta.
ní móide go ngortófar é it's hardly going to be hurt
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
ní móide go mbronnfar anois are not likely to be presented now
" Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar Údarás na Gaeltachta ariamh, agus ní móide go mbronnfar anois.
Ní móide áfach go mbeidh shall hardly be
" Ní móide áfach go mbeidh An Cabhán láidir go leor chun an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí.
ní móide go raibh hardly have
" Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol 's atá anois.