Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
casadh sa nóiméad rpm
" Ceirníní 78 casadh sa nóiméad a bhí iontu ag an am agus 20 ceann ar fad a d'eisigh siad idir na blianta 1957-1961.
15 nóiméad cáile 15 minutes of fame
" Ach tá do 15 nóiméad cáile thart anois agus tá an t-allas ag rith leat.
ón nóiméad a shaolaítear an páiste from the minute the child is born
" Measann sé gur rud an-deacair é ag tuismitheoirí, mar ón nóiméad a shaolaítear an páiste, bíonn an chuid is mó de na seirbhísí ar fáil trí Bhéarla, is é sin, na seirbhísí sláinte, na seirbhísí tacaíochta speisialta a theastaíonn ón máthair nua, ón leanbh, agus ón teaghlach ar fad.
nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad which only lasts 10 or 15 minutes
" Mar sin, is minic go mbíonn stad acu idir teacht agus imeacht nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad (stadann eitleáin Ryanair ar feadh 25 nóiméad de ghnáth).
is iomaí nóiméad pléisiúir many's the minute of pleasure
" Tógadh an sráidbhaile timpeall ar ghalfchúrsa, agus is iomaí nóiméad pléisiúir – agus péine – a thug an cúrsa céanna dom.
thar dhaichead nóiméad over forty minutes
" Agus mar chruthú air seo, ní bheidh cead ag aon iomaitheoir dul thar dhaichead nóiméad (ach amháin má bhíonn an t-amhrán brónach).
An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga the minute the plane landed in Malaga
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
gach ré nóiméad every second minute
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
fiche nóiméad twenty minutes
" Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch.
Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann I dozed a little some ten minutes
"Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann os comhair na tine agus nuair a mhúscail mé, bhí mé ag stanadh ar phictiúr os mo chomhair agus mo mháthair mhór, Julia, a bhí ann.