Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nóisean a fancy
" Ní thiocfadh leis muinín a chur i gcomhairle Pheadair nó bhí a fhios aige go maith go raibh nóisean aige d'Aoife ar fad, is cuma cad é a déarfadh sé.
nóisean an bhaile the notion of home
" Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile.
nóisean notion
" Ach is é an cheist mhór ná cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe ná go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocal “sean-nós”.
nóisean na hathbheochana the notion of the revival
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
nóisean an tairbh a bull's notion
" Tá glúin amuigh ansin ar tí pléascadh, nach bhfuil oiread agus nóisean an tairbh acu cad is údar don fhuinneamh scriostach seo laistigh díobh.