Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtús na n-ochtóidí at the beginning of the Eighties
" Bhí mé pósta agus ansin scartha agus bhraith mé an-an-imeallach nuair a scar muid i dtús na n-ochtóidí agus bhraith mé go mba an-mháchail orm é.
ó dheireadh na n-ochtóidí from the end of the Eighties
" Is bailiúchán cuimsitheach é ina bhfuil saothar ó dheireadh na n-ochtóidí suas go dtí an t-am i láthair, a léiríonn an éagsúlacht leathan ábhar agus smaointe atá fiosraithe ag an ealaíontóir idirnáisiúnta seo i gcaitheamh na mblianta.
i lár na n-ochtóidí in the mid-Eighties
" Léiríonn an suirbhé go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí.
i rith na n-ochtóidí during the Eighties
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
ag tús na n-ochtóidí. at the begining of the Eighties.
" Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
Ré Dhorcha na n-ochtóidí the Dark Period of the Eighties
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
ag deireadh na n-ochtóidí, at the end of the Eighties,
" Agus é mar aoi ar an “Late Late Show” ag deireadh na n-ochtóidí, dúirt an fear grinn Lenny Henry le Gay Byrne gur bhraith sé go raibh gach duine ag breathnú air agus é ag siúl ar Shráid Grafton le linn a chuairte ar Éirinn.
i rith na n-ochtóidí, during the Eighties,
" Is léir go bhfuil cuid de na tuismitheoirí in Croxteth agus Norris Green ar nós cuma liom maidir lena bpáistí, ach nach raibh an rialtas ar nós cuma liom maidir *leosan* idir 1979 agus 1997?Ba léir, i rith na n-ochtóidí, go raibh polasaí rialtas Thatcher ag cruthú fadhbanna millteanacha sóisialta in áiteanna mar Learpholl, ach in agallamh le Woman's Own i mí Dheireadh Fómhair 1987, dúirt an príomh-aire, "There is no such thing as society.
drochamhráin na n-ochtóidí the bad Eighties songs
" Tá ceol an *après-ski* cosúil le *Eurotrash* mar go mbíonn drochamhráin na n-ochtóidí – i nGearmáinis! – le cloisteáil den chuid is mó.
n-ochtóidí 1980s
" Is cuimhin liom lá geimhridh i dtús na n-ochtóidí agus mé an-óg, nuair a chuaigh mé taobh locha le m'uncail chun uisce a fháil do na beithigh.
n-ochtóidí 1980s
" Agus faoi cheann bliana eile, deireadh 2009, bhí na céadta míle díomhaoin, bhí an tír báite i bhfiacha, agus bhí cuma na n-ochtóidí tagtha ar chúrsaí airgeadais.
n-ochtóidí 1980s
" Dúirt Mick Cryan liom go gceapann sé gur cuireadh an club ar bun nuair a bhí Disneyland Páras á thógáil in Marne-la-Vallée taobh amuigh den phríomhchathair ag deireadh na n-ochtóidí.
i rith na n-ochtóidí during the 1980s
" Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
n-ochtóidí 1980s
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
n-ochtóidí 1980s
" Ba é sin Diarmuid Healy as Cill Chainnigh, an fear a stiúir foireann iomána Uíbh Fhailí ag tús na n-ochtóidí chun Craobh na hÉireann a bhuachan.
tús na n-ochtóidí the early 80s
" Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.