Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar he nearly vomited
" Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar nuair a chonaic sé an píosa feola a bhí folaithe ag cúl an chuisneora, ann ach go raibh sé beo.
buntáistí nach beag great advantages
" Beidh buntáistí nach beag d'fhorbairt Ollscoil Ghaeltachta in Éirinn mar chuid den fhorbairt seo.
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
is beag nach n-admhaíonn sé he nearly admits
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
Nach beag agat sin a dhéanamh it's the least you could do
" "Nach beag agat sin a dhéanamh agus gan mé ach agaibh anois agus arís.
Ní lú orm an diabhal nach é. I can't stand it.
" Ní lú orm an diabhal nach é.
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige that they almost touched his chin
" Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.
baint nach beag an involvement that wasn't small
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
ba bheag nach ndeachaigh sé i léig. it almost died out.
" I ndiaidh an Reifirméisin i 1560, ba bheag nach ndeachaigh sé i léig.
nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu. which don't add to our knowledge of them.
" Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu.
Ba bheag nach bhfuair mé bás I nearly died
" Ba bheag nach bhfuair mé bás agus mé sa Bhoisnia ag tuairisciú ar an gcogadh thall ar a son.
seans nach beag a fair chance
"seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
mionlach nach beag a sizeable minority
" Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
mionlach nach beag a sizeable minority
" Ba as an Astráil formhór na bpaisinéirí agus caithfear a rá go raibh go leor acu tite go dona i bhfeoil, mionlach nach beag acu a bhí fíormhurtallach.
Tréigeadh cuid nach beag a considerable number were left high and dry
" Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar caitheadh i dtír iad.
locht nach beag a considerable fault
" Deir sé gurb é caillteanas gnáthóige cionsiocair a ndíothaithe, ach go bhfuil locht nach beag ar ligean isteach ainmhithe andúchasacha freisin.
ní nach beag to a considerable extent
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
nach beag considerable
" Bagairt nach beag a bhí ann mar thug Saban, a rugadh san Eigipt, os cionn $12 milliúin don Pháirtí Daonlathach in aon bhliain amháin.
mhionlach nach beag a sizeable minority
" Cónaíonn formhór mhuintir dhúchais na hAstráile sna cathracha agus sna bailte, fearacht mhuintir eile na tíre, ach tá cónaí ar mhionlach nach beag acu ina ndúichí traidisiúnta.
nach beag considerable
" "Leagann Glór na nGael tábhacht nach beag ar chomhoibriú agus ar phleanáil," a dúirt Marcas Mac Ruairí ón eagraíocht linn.
nach beag considerable
" Dúshlán nach beag, ach ceann atá indéanta mar sin féin.
Bhí ionadh nach beag orainn we were really amazed
" Bhí ionadh nach beag orainn a raibh i láthair.
scaifte nach beag a large crowd
" Bhí scaifte nach beag ag léirsiú amháin ar an 23ú Deireadh Fómhair, nuair a bhí an aimsir go hainnis agus tá daoine ag éisteacht le teachtaireachtaí taobh amuigh den dioschúrsa coitianta a mhaíonn nach bhfuil rogha ar bith ann ach ní fios an iompóidh an míshásamh seo ina fhonn troda agus ina ghluaiseacht daingean.
cuid nach beag a fairly large amount
"cuid nach beag den talmhaíocht san abhantrach ag brath ar uisciú ó na haibhneacha, ach ní raibh ach céatadán an-bheag den uisce ar fáil don lucht talmhaíochta i rith an triomaigh.
Bua nach beag a considerable victory
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
cuid nach beag eile a sizeable group besides
" Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.
dúshláin nach beag roimh considerable challenges facing
" Go deimhin, tá beocht sa chumann seo nach bhfuil le feiceáil sa chuid is mó de chumainn Chonradh na Gaeilge in Éirinn fiú! Comhshamhlú Tapa ========= Is maith ann iad go deimhin, mar ní féidir séanadh go bhfuil dúshláin nach beag roimh an teanga faoi láthair.
buntáiste nach beag a considerable advantage
" Ar ndóigh, bíonn buntáiste nach beag ag seanfhondúirí an tSeanaid sa mhéid is go gcoinníonn siad greim éadmhar ar a ngréasán vótála fadbhunaithe trí fhéiríní a bhronnadh orthu ag aimsir na Nollag mar shampla.
is beag nach bhfuair mise I almost received
" Ach níos mó ná sin, tharraing an focal a leithéid de fhíseanna im’ intinn is beag nach bhfuair mise íde bhéil freisin leis an neamhaird a bhí á déanamh agam ar an gceacht a bhí idir lámha againn.
baint nach beag ag had no small part in
" Mhaígh siad go neamhbhalbh fiú go raibh gach uile chosúlacht ar an scéal gur le lucht Mafia na Tuirce a bhí baint nach beag ag na híospairtaigh féin agus gurbh é smuigleáil drugaí croílár na faidhbe.
cuid nach beag acu le sonrú go soiléir a sizeable amount of them clearly noticeable
" Bíodh is go bhfuil comhchosúlacht láidir idir an dá thír, tá éagsúlachtaí tábhachtaí ann freisin - cé nach mbíonn cuid nach beag acu le sonrú go soiléir ach amháin do mhuintir an dá thír iad féin.
Ualach nach beag a considerable burden
Is beag nach dhá chanúint iad they’re almost two dialects
nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór who doesn’t look at all as though
" “Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air.
is léir nach beag an chontúirt it’s obvious that the danger is substantial
" Tharla gur líonmhaire lucht *Facebook* ná daonra an AE, is léir nach beag an chontúirt.
tionchar nach beag a considerable effect
" Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu.
tionchar nach beag considerable influence
" Tar éis blianta de thaighde, tá a lán fianaise ann a thugann le fios go n-imríonn an aimsir tionchar nach beag ar an dhuine.
Bíonn stró nach beag there’s considerable stress
" Bíonn stró nach beag le hiarracht den chineál sin agus chuaigh an gnó idir mo dhuine seo agus codladh na hoíche nuair a mhol an dlíodóir dó litir a sheoladh amach ag míniú don phríomhoide úr nach raibh post roimpi a thuilleadh.
go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela B. A. played a large part
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
cuid nach beag acu a large amount of them
" Thug an lucht féachana, Meiriceánaigh gheala cuid nach beag acu, íde na muc is na madraí do Smith agus Carlos agus iad ar an bpóidiam agus cuireadh abhaile an bheirt acu ar an bpointe.
nach beag ag not lacking in
" Scil nach beag ag Milosevic, Búistéir na mBalcán, ina leithéid.
is beag nach bhfeicfeá tacaíocht an rialtais ag titim one can almost see government support falling
" Nuair a bhíonn sí ar a cosa sa Dáil ag náiriú an rialtais, go háirithe le linn do Éamonn Gilmore a bheith ag tógáil na gceisteanna uaithi, is beag nach bhfeicfeá tacaíocht an rialtais ag titim pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna.
ba Ghaeil iad cuid nach beag acu a sizeable portion of them were Irish
" Tugann na hAstrálaigh bushrangers ar na ceithearnaigh coille a bhí gníomhach faoin tuaith sa dara leath den naoú haois déag agus ba Ghaeil iad cuid nach beag acu.
Rud nach minic, ná nach beag something unusual and significant
Dúshlán nach beag a considerable challenge
" Dúshlán nach beag ar lá deas, ach ar an drochuair ní shin a bhí geallta! Ba cheart go mbeinn ar an airdeall faoin oiread daoine a bhí bailithe ag bun an tsléibhe an mhaidin sin.
saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha a sizeable amount of the Irish convicts had a hard life
" Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna we almost feel guilty of the crimes
" Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileán – amhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.
Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn why wouldn't we have a smaller D.
" Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn agus Seanad nios lú againn? Suíochán Dála? ====== **SMM: Ar spéis leat suíochán Dála a cheapadh duit féin amach anseo agus ar spéis leat dul le páirtí polaitíochta?** RM: Ba spéis liom a bheith sa Dáil.
a chosnaíonn suim nach beag airgid orthu which costs them a considerable amount of money
" Turasanna a chosnaíonn suim nach beag airgid orthu san am a bhfuil na pingneacha gann.
Tá baint nach beag ag this is largely due to
" Tá baint nach beag ag coláiste na hollscoile leis sin ar ndóigh.
suim airgid nach beag a considerable sum of money
" Maíonn an Coimisiún Eorpach go gcosnóidh an Córas seo €244 milliún idir 2014 is 2020, suim airgid nach beag in aimsir seo na déine.
tionchar nach beag a considerable influence
" Tugann *City of Gangs* le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.
líon nach beag a considerable amount
" Tá ár mbealaí teilifíse ar maos le cláir, sobaldrámaí agus scannáin as an mBreatain, na Stáit Aontaithe agus as an Astráil agus blas Bhéarla an Atlantaigh Láir ar líon nach beag dár gcuid páistí dá réir.
tábhacht nach beag considerable importance
" Cé nach bhfuil ach dornán daltaí i gceist ar bhonn bliantúil, tá tábhacht nach beag ag baint leis an cheist seo do dheoraithe agus do shliocht na n-Éireannach i Sasana atá ag iarraidh a gcultúr agus a teanga a chaomhnú.
tionchar nach beag considerable influence
" An bheirt Fhrancach sin, ba mhúinteoirí agus taispeántóirí ealaíne iad a raibh tionchar nach beag acu ar na healaíontóirí is fearr de bhunús na hÉireann sa tréimhse roimh an Dara Cogadh Domhanda, lena n-áirítear Mainie Jellett agus Evie Hone.
fiúntas nach beag considerable worth
" Bhí fiúntas nach beag ag baint le cuid mhaith de na haighneachtaí a cuireadh faoina mbráid ach ba léir nárbh ionann mianta phobal na Gaeilge a bhí ag iarraidh an tAcht a neartú agus aidhm an státchórais a bhí ag iarraidh é a lagú.
bagairtí nach beag numerous threats
" Tá caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.
líon nach beag a considerable number
" Tá cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.
is beag nach bhfuair sé bás he almost died
" Fear inste scéil é Diarmuid Johnson, is beag nach bhfuair sé bás ar son an dea-bhéasa ar Oileán na Meala faoi Nollaig tamall de bhlianta ó shin.
Tá moladh nach beag ag dul don chompántas great praise is due to the acting troupe
" Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.
Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile the public has a fair amount to be learned
" Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile dar le Ciarán Mac Aonghusa.