Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach raibh tú mór leo that you weren't friends with
" * Ach i ndiaidh tamaill ba chuma leat cad é a déarfadh daoine nach raibh tú mór leo ar scor ar bith.
nach mór nearly
" Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh.
nach mór ullamh nearly ready
" Le cúig bliana anuas, tá cúig cinn de theidil foilsithe againn, agus tá an séú ceann nach mór ullamh.
nach mothaíonn sí mar sin níos mó that she doesn't feel like that any more
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
nach mór nearly
" Gheobhair go leor eolais faoi mhuintir an Bhlascaoid in Ionad an Bhlascaoid, atá nach mór deich mbliana ar a bhonnaibh.
nach mór nearly
" Rinne mé teagmháil le gach Éireannach nach mór i mBaltimore agus d'fhiafraigh mé díobh an raibh Gaeilge acu.
nach mór nearly
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
Nach fearrde muid go mór dá uireasa? Aren't we better off without it?
" "Nach fearrde muid go mór dá uireasa?" Aniar de phreab le Balor an tEachtraí: "Nach fearr é ná cuid de na bolaithe a cheileann sé san am i láthair? Bheadh na boic mhóra i mBaile Átha Cliath i bhfad níos fearr as dá rachaidís sa tóir ar dhaoine a bhíonn ag caitheamh rudaí eile seachas tobac sna dtithe tábhairne.
nach mór nearly
" Bhí an bheirt acu ar comhscór, 795 vóta an duine, agus in ainneoin gur caitheadh seachtain, nach mór, ag déanamh athchomhairimh i ndiaidh athchomhairimh níor athraigh an scéal.
nach bpeacóinn níos mó that I wouldn't sin anymore
" MÁNAS: Bhuel, em, chuir sé ar bhealach mo leasa mé agus shocraigh sé nach bpeacóinn níos mó.
nach mór a thriail that one must try
" Taobh amuigh den stair, tá cúpla rud faoi leith i mBeirlín nach mór a thriail, an *Liquidrom*, mar shampla.
nach mór a thriail that one must try
" Taobh amuigh den stair, tá cúpla rud faoi leith i mBeirlín nach mór a thriail, an *Liquidrom*, mar shampla.
nach mór a thriail that one must try
" Taobh amuigh den stair, tá cúpla rud faoi leith i mBeirlín nach mór a thriail, an *Liquidrom*, mar shampla.
nach mór nearly
" De ghnáth, bíonn ar a laghad trí imeacht againn gach deireadh seachtaine agus bím féin i láthair ag na himeachtaí sin ar fad, nach mór! AÓF: Céard faoin bpobal áitiúil? An mbaineann siadsan úsáid as an áit nó cé hiad na daoine a bhíonn ag freastal ar na hócáidí? SMP: Bíonn an teach in úsáid go rialta ag an bpobal áitiúil.
nach mór istigh nearly finished
" Bhuel, tá an deich mbliana sin nach mór istigh: caithimis súil siar, mar sin, chun an réaltacht a chur i gcomparáid leis na gealltanais.
nach mór nearly
" Tá corradh le 100 feisire ag na Liobrálaigh, leathchéad ag an Bloc Québecois, agus 30 nach mór ag an NDP de chuid na heite clé.
nach mór nearly
" Is ionann Cúirt Uachtarach na hÉireann, nach mór, agus brainse dlíthiúil rialtas Mheiriceá.
nach mór nearly
" Is sa gceantar a buaileadh a fhásann barr iomlán bananaí na hAstráile nach mór agus ceaptar gur scriosadh níos mó ná 80% de sin.
nach mór dodhéanta nearly impossible
" Bhí sé deacair go leor cheana na carranna seo a choinneáil ar an mbóthar, ach i láthair na huaire tá sé nach mór dodhéanta.
nach mór dodhéanta nearly impossible
" Bhí sé deacair go leor cheana na carranna seo a choinneáil ar an mbóthar, ach i láthair na huaire tá sé nach mór dodhéanta.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
smacht iomlán (nach mór) total control (nearly)
" Buntáiste mór eile a bhaineann leis ná go dtugann sé smacht iomlán (nach mór) d’fhoilsitheoir an ábhair.
nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici who couldn't claim power or great wealth
" Ba thír bheag í Éire riamh nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici ach i rith an 16ú haois déag, mar shampla, bhí an Pholainn ar na tíortha ba mhó, ba chumhachtaí agus ba shaibhre san Eoraip.
an chraobh nach mór ina ghlac the prize nearly in his hand
" Bhí mí-ádh air i gcónaí, agus an chraobh nach mór ina ghlac.
nach mór dóibh bheith imithe arís that they have to be gone again
" Níl a bpáirc féin ag na Jackals, fiú - imríonn siad i staid daorchluiche na hollscoile áitiúla, rud a chiallaíonn nach mór dóibh bheith imithe arís sula dtosaíonn an scoilbhliain nua.
nach mór nearly
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
táthar nach mór it is nearly certain
" Mar thoradh air seo, táthar nach mór cinnte go gcaillfidh Foley a shuíochán.
i ngach gnó nach mór in nearly every business
" Cá hiontas, mar sin, go bhfuil go leor daoine ag déanamh a gcuid ólacháin sa bhaile anois? Sampla na mbialann SíneachTarlaíonn sé i ngach gnó nach mór go dtagann athrú sa mhargadh ó am go chéile.
nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú. which wouldn't submerge you under a big wave of footnotes.
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór the dates of nearly all the gigs
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu. which don't add to our knowledge of them.
" Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu.
sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó. so it was not so like rubgy anymore.
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, which was hitherto unseen,
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
nach mór. nearly.
" B'ag na grúdlanna móra a bhí an margadh uilig, nach mór.
mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach. as it comes directly almost from the vat.
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
nach bhfuil ag cur i gcéill níos mó that isn't pretending any more
" Caithfidh lucht Shinn Féin cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag dul a bheith cosúil le New Labour thall i Sasana, páirtí nach bhfuil ag cur i gcéill níos mó gur páirtí sóisialach atá ann, nó an bhfuil siad chun cloí le fealsúnacht naofa Phoblacht na nOibrithe.
nach mór, almost
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
nach mór an áis isn't it very handy
" Agus nach mór an áis do leithéidí Shell, BP, Barrick Gold, De Beers agus Rio Tinto Zinc go bhfuil an talamh luachmhar seo bánaithe de thairbhe ghníomhaíochtaí lucht an tionscail chaomhnaithe?Is cosúil nach bhfuil ag éirí go hiontach le CFD fiadhúlra a chaomhnú ach an oiread.
nach mór almost
" Ba ghairid go raibh nach mór deor faoi shúil mháthair an chailín in aice láimhe, nuair a d’éist sí lena naíonáin sinsir féin d’iníon i mbun comhrá beag Gaeilge le duine de mo chomhluadar féin.
nach mór almost
" Bhí an mhaith suite as an aer ar fad, nach mór, ag an loscadh.
nach mór almost
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
nach móide not likely, unlikely
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
Nach mór what a great
" Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh.
nach mór almost
" Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal nach mór, d’aon ráib amháin.
nach mór almost
" Déanaim iarracht teacht amach as an ngluaisteán ag cúpla pointe i rith na slí lena turas sise abhaile a ghiortú, ach ní scaoilfidh sí liom go dtí go mbainfimid amach an cosán nach mór i mbéal doras mo thí.
nach mór almost
" Ó céadtoghadh, nó ó ceapadh, an bord reatha sa bhliain 2005, íocadh nach mór €1.
nach mór le deich almost ten
" SMM: An mbeifeá sásta socrú síos áit éigin i nGaillimh? DÓS: Tá mé anseo anois nach mór le deich mbliain.
nach mór almost
" Tá Suu Kyi i gcarcair ag drong mhíleata na tíre le fiche bliain anuas nach mór.
nach mór almost
" Síos liom maidin Dé Luain is fuaireas jab an chreamary agus bhíos ann nach mór 35 bliain.
nach mór a meas uirthi féin has a low self-esteem
" Ábhar a seirce - bean óg eile - ingénue - nach mór a meas uirthi féin, is baolach.
nach bhfuil ann níos mó who have died
" Níl faic le déanamh ach dánta a chumadh i gcuimhne ar chairde nach bhfuil ann níos mó.
nach mór almost
" Gan choinne ar bith leis, d’éirigh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Marina Silva, nach mór 20% de na vótaí a fháil.
nach mór almost
" Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig, nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
Nach mór an trua what a pity
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
nach mór almost
" Tá an duilleog sin feoite anois, nach mór, gan fágtha uirthi ach na cuislí móra.
nach mór rite almost run
" Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
nach móide it’s not likely
" Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil.
nach mór almost
" Tá iasacht de nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan.
nach mór almost
" I ndiaidh breis agus deich n-uaire an chloig a chaitheamh ar an mbóthar, bhí mé sásta go raibh ár gceann scríbe nach mór bainte amach againn.
nach mór almost
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
nach mór almost
" Ach, is suntasach an líon gortaithe a bhfuil tionchar fad tréimhse agus do-leigheasta nach mór ag baint leo.
Ar feadh nach mór for almost
" Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch.
nach mór leathchéad almost fifty
" Maríodh nach mór leathchéad saighdiúir as Éirinn ann.
nach mór almost
" Bhí na hAirí i Rialtas Stormont faoi smacht iomlán nach mór ag an Ord Oráiste, a raibh leagan amach seicteach neamhleithscéalach acu.
ar fad, nach mór almost all
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
nach iad atá mór aren’t they really big
" Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín *iOS*, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin.
nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór who doesn’t look at all as though
" “Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air.
nach mó ná go bhfuil foscadh ann where there’s hardly any shelter
" Tá iarsmaí an dísirt ina luí i lag nach mó ná go bhfuil foscadh ann, cóngarach do chósta thoir thuaidh an oileáin os cionn clasaidh .
bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach almost every car and train tunnel was
" Ní hamháin go raibh na bóithre go leír dúnta agus an leictreachas ar shiúl ag an gcuid ba mhó de theaghlaigh an stáit, ach bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach i Nua-Eabhrac lán le huisce goirt, a bhí cheana féin ag creimeadh pé sreanga leictreachais iontu nár dódh cheana féin.
Nach mór an trua isn’t it a great pity
" Nach mór an trua nár léigh roinnt de na dílseoirí Caibidil 13 den leabhar deiridh den Bhíobla a mbíonn siad ag aithris sleachta as go minic.
dochloíte nach mór invincible almost
" D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
móide sonraí eile nach iad plus other details besides
" (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad.
Is mór an trua nach mairfimid fada go leor it’s a pity we won’t live long enough
" Is mór an trua nach mairfimid fada go leor leis an chrannlann a fheiceáil lánfhásta, ach idir an dá linn is acmhainn taitneamhachta í a mheallann cuairteoirí as gach cearn den tír.
nach bhfuil lear mór ceisteanna eile there aren’t a lot of other questions
" Ach má ghlacann mórán páirtithe ar an eite chlé le smaointe áirithe de chuid Thatcher inniu, ní hionann sin is a rá nach bhfuil lear mór ceisteanna eile ann atá ag cur as dóibh go fóill.
is mó nach ndearnadh suntas de which most amazed people
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
ina theifeach, nach mór almost a fugitive
" Cé aige a raibh fhios go raibh ár ndlúthrúin phearsanta á roinnt leis an earnáil phríobháideach? Faoin 21ú Meitheamh bhí Snowden ina theifeach, nach mór.
Cé nach raibh éagsúlachtaí móra although there weren’t great differences
" Cé nach raibh éagsúlachtaí móra idir na páirtithe móra ó thaobh dúnghaoisí de le sonrú le linn an fheachtais, tá athrú amháin beartaithe a chuireann an-déistin ormsa.
nach mór almost
" Dá gcuirfí deireadh le rialtas Assad, ba bhuille mharfach é, nach mór, don chomhghuaillíocht neamhfhoirmeálta Siach seo idir thrí thír.
ina aonar, nach mór almost on his own
" Go tobann bhí an tUachtarán Obama ina aonar, nach mór, agus pobal Mheiriceá ag éileamh air go láidir gan an tSiria a bhuamáil.
Tá an córas oideachais nach mór naimhdeach the educational system is almost malevolent
" Tá an córas oideachais nach mór naimhdeach agus tá constaicí á gcur romhat n’a’ haon lá.
Nach mór a bhí siad mar mhianach weren’t they a large breed
" Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal? Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
cuid acu folaithe nach mór some of them almost concealed
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.
déanamh na huibhe uirthi nach mór almost built like an egg
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
is ionann é nach mór agus it’s almost the same as
" An rud atá ag tarlú sa bPolainn anois, is ionann é nach mór agus an rud a tharla nuair a cuireadh na fleánna ceoil ar bun in Éirinn faoi choimirce Chomhaltas Cheoltóirí Éireann sna 1950í.
a chuimsíonn nach mór gach rud which incorporates almost everything
" Rud eile a thaitníonn liom ná cumhacht a bheith in aon charr a thiomáinim agus, i láthair na huaire, tá mé ag féachaint gluaisteáin a chuimsíonn nach mór gach rud ar mhaith liom a fheiceáil i bhfeithicil ar bith.
thar oíche nach mór almost overnight
" Baisteadh achrannach a fuair mé i saol an ghnó agus na tráchtála, thar oíche nach mór.
na teidil ar fad nach mór almost all the titles
"na teidil ar fad nach mór sa chatalóg ar fáil ar leithéidí iTunes anois freisin.
chuir sé deireadh nach mór le he almost ended
" In 1898 a fuair Gladstone bás, agus le linn na dtrí sheal a thug sé ina Phríomh-Aire, chuir sé deireadh nach mór le réim na seantiarnaí talún agus tús le seilbh na cosmhuintire ar an talamh.
nach mór cinnte dearfa almost definitely certain
" Le tamall de bhlianta anuas, bhí mé nach mór cinnte dearfa go raibh scaireanna ag an irisleabhar ‘The Economist’ i gcomhlacht cló 3D.
nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta he only saw big dead stones
" Mar léiriú air seo, dúirt sé nuair a chonaic sé dealbhóireacht Ghréagach, agus é ar cuairt ar Iarsmalann na Breataine, nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta, rud a bhí i gcodarsna, dar leis féin, le heisint an fhíordhuine.
nach mór nearly
" Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas.
nach mór nearly
" Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas.
nach mór almost
" Scríbhneoir ildánach é Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i gConamara, a bhfuil nach mór gach gné den litríocht treafa aige.
nach mór ón tús almost from the start
" Tá an gréasán domhanda fiche bliain d’aois agus is cuimhin le Ciarán Mac Aonghusa é nach mór ón tús.
nach mór almost
" Tháinig Amanda Reid ar éadach deartha i mbaile Hama na Siria nach mór scór go leith bliain ó shin, ach ba mhaith léi a fháil amach cén crotal draíochtúil a chuir an dath dubh chomh fáiscthe air.
nach mór almost
" Thug Seán Greif aghaidh ar iargúil na hAmasóine le blaiseadh de shaol suaimhneach agus le héalú ón nead seangán a chruthaíonn an duine nach mór gach áit ar domhan.
nach mór foilsithe almost published
" Bhí Roseanne Smith ag gearradh bealaigh siar go deisceart Mhaigh Eo nuair a bhí an t-alt seo nach mór foilsithe, chuig comhdháil spéisiúil, saothrach, an Congregation, a eagraíodh go cliste.