Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
naimhde enemies
" Bhí go leor naimhde agus cairde sna meáin chlóite chomh maith ach is dócha, ag deireadh an lae, gur chuidigh leithéidí Kevin Myers agus é ag maslú lucht na Gaeilge go rialta san *Irish Times*.
naimhde enemies
" Mar shampla, d'fhiafraigh an Trimbleach dá naimhde taobh istigh dá pháirtí féin cad iad na pleananna a bhí acu le díchoimisiúnú i measc na ndílseoirí a bhaint amach.
naimhde enemies
" Bealach iontach chun é sin a dhéanamh is ea a bheith ábalta a rá go bhfuil Gaeilge ag a bpáistí, rud nach bhfuil ag go leor de na hÉireannaigh bhreátha a bhíonn naimhdeach leo.
naimhde enemies
" Go leor naimhde ag Ban'ya bocht, deirtear liom.
naimhde géara bitter enemies
" Murab ionann agus a n-iomaitheoirí agus naimhde géara, Glasgow Rangers, shínigh Celtic imreoirí i gcónaí de gach saghas cine agus creidimh.
naimhde enemies
" ) Is minic an CLG cáinte, agus cáinte go fíochmhar ag a bhaill féin agus ag naimhde araon.
sean-naimhde old enemies
" Dá bhrí sin, is é mo thuairim féin go láidir gurb iad an dá chontae úd, sean-naimhde traidisiúnta na hiomána agus caomhnóirí an chreidimh, a bheas san iomaíocht ar an dara Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus gur ag fir Chill Chainnigh a bheas an bua ar an lá sin.
naimhde enemies
" Mar sin féin, áfach, tugann leabhar Maier go leor sonraí chun eolais, agus tá cur síos den scoth ann ar naimhde agus ar chomhghuaillithe mhuintir Chinnéide, daoine mar an Cairdinéal Spellman, FDR agus Méara Bhostúin, James Michael Curley.
naimhde enemies
" Bhí 2003 dhá lá d'aois nuair a maraíodh Roy Green, ball den UDA, ar scaoil cuid naimhde Johnny Adair é.
naimhde enemies
" Go minic, bhí siad beo i saol polaitíochta an-bhunúsach, páirtí agóide, páirtí nach raibh de ról aige ach seasamh in éadan naimhde fuara a dtíre agus a gcreidimh, iad cumhdaithe le sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais.
naimhde enemies
" Cuireadh í i gcroílár na cathrach, sa *Piazza Della Signoria *chun muinín agus bród a spreagadh i mbunadh na háite agus an ruaig a chur ar naimhde.
Bhuail siad bob ar a gcuid naimhde they played a trick on their enemies
" Bhuail siad bob ar a gcuid naimhde gan amhras ach b'fhéidir gur bhuail siad bob orthu féin freisin.
naimhde na poblachta the enemies of the republic
" Ansin, deir siad le chéile, *"Qu'ainsi périsse les ennemis de la république!" *(go bhfaighe naimhde na poblachta bás mar seo) agus, le buille mór, scriosann siad an pota agus a bhfuil ann.
naimhde enemies
" Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.
naimhde enemies
" Ar scáth a chéile a mhair siad agus chothaigh meon seo an léigir cruas agus ceanndánacht iontu in aghaidh a naimhde.
naimhde na Breataine the enemies of Britain
" Cé gur ghread na Sasanaigh iad, léirigh “Bliain na bhFrancach” go mbeadh sé furasta do naimhde na Breataine Éire a ghabháil.
sean-naimhde old enemies
" Is léir don dall, áfach, go bhfuil poblachtánaigh réidh leis an lámh láidir a fhágáil ina ndiaidh agus sin an fáth go bhfuil ionsaithe aontachtaithe ar phoblachtánaigh ag géarú mar go n-aithníonn siad go mbeidh orthu, luath nó mall, an chumhacht a roinnt lena sean-naimhde agus tá siad an-neirbhíseach go deo.
a chum naimhde Fisk coined by Fisk's enemies
" " Tá briathar úr sa Bhéarla, *fisking*, a chum naimhde Fisk; an rud atá i gceist le *fisking* ná dul fríd alt, líne ar líne, ag ceartú na meancóg ó thaobh fíricí de, na hanailíse agus cibé eile atá ann.
óna shean-naimhde from his old enemies
" D’oibrigh gach rud amach dó, cé go raibh na gnáthionsaithe i gceist óna shean-naimhde i nuachtán an *Sunday Independent*.
naimhde phróiseas na síochána enemies of the peace process
" Ach ní raibh baint ag an IRA leis, dar leis an bpáipéar – naimhde phróiseas na síochána faoi ndear an bhásaithe.
naimhde enemies
" Tá ceist na *Disappeared *sna ceannlínte arís; tá déistin go fóill ar dhaoine fá dhúnmharú Robert McCartney, agus níor imigh ceist robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá a fhios agat! Ach tá iarrachtaí amaideacha á ndéanamh ag a naimhde dochar a dhéanamh do Shinn Féin.
naimhde enemies
" Rudaí ar nós léim isteach san fharraige gan choinne nó rud éigin a phiocadh suas agus a chaitheamh (i dtreo do naimhde ar ndóigh).
Cainteanna le naimhde? Talks with enemies?
" Cúlú? Cainteanna le naimhde? Cé gur dhúirt an tUachtarán Bush ar dtús go nglacfadh sé le moltaí an choiste, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh athmhachnaimh i láthair na huaire.
ag cruthú naimhde creating enemies
" Má fhanann Meiriceá san Iaráic gan buanú na síochána, is ag cruthú naimhde a bheas siad, agus ag gníomhú mar liathróid dornála do na naimhde céanna.
le é a tharrtháil ar naimhde to rescue him from enemies
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
naimhde enemies
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde who is well able to tackle his enemies
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
Naimhde ar an Idirlíon internet enemies
" Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air.
líon mór naimhde a great number of enemies
" Rinne an dá chinneadh sin líon mór naimhde dom in Éirinn mar tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide poblachtach, báúil le Sinn Féin, nó ar an eite chlé agus liobrálach.
naimhde idirlín internet enemies
" ” HarrismentTá Eoghan go láidir den tuairim nach ndíríonn a naimhde idirlín ach ar na gnéithe diúltacha dá shaol.
naimhde enemies
" Bí cinnte gur le caithréim a ghlac naimhde na Gaeilge le tuarascáil a foilsíodh i dtús na míosa seo caite a léirigh gur fearr an seans go mbeadh post "maith" - gairmiúil, bainistíochta nó teicniúil - ag cainteoirí Gaeilge ná an chuid eile den phobal agus go bhfuil níos lú seans acu a bheith dífhostaithe ná iad siúd nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt.
naimhde enemies
" Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.
naimhde enemies
" Bhí a chuid naimhde bailithe ina sluaite líonmhara, drong díobh taobh amuigh den doras siocair brú a bhí ag teacht ón leathdhrong taobh istigh.
naimhde enemies
" Ach, bíonn dílseacht d’idéil na heagraíochta lag go minic agus samhlaítear naimhde a bheith ar fud na haite: coiste an chontae, réiteoirí, an ‘crowd’ thuas i bPáirc an Chrócaigh, lucht riaracháin i gcoitinne, an club/contae is comharsa dá chlub/chontae féin, lucht an Sunday Game, nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus mar sin de.
naimhde dochta steadfast enemies
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
naimhde enemies
" Is deacair a shamhlú nach mbeidh port Assange seinnte go luath ar shlí amháin nó eile, nuair a chuimhneoidh tú a chumhachtaí is atá na naimhde ina choinne.
naimhde enemies
" Cén taobh ar a bhfuil tú?** S: Bhuel, tá a fhios agam go bhfuil cáil ar na hiascairí mar naimhde i gcoinne an róin, ach i mo thaithí féin, bíonn roinnt mhaith iascairí an-chabhrach do na rónta chomh maith.
naimhde enemies
" ” I bhforógra a foilsíodh ar líne tamall beag sula ndeachaigh sé ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis, léirigh Breivik an meas mór atá aige ar an stát Síónach agus an fuath atá ann ar naimhde an stáit.
naimhde enemies
" Le briseadh amach an Earraigh Arabaigh ag tús na bliana seo, thapaigh naimhde Tehran go léir an deis iontach fáil réidh le príomhchomhghuaillí Arabach de chuid na Poblachta Ioslamaí.
naimhde enemies
" Bheadh an baol ann fosta gur sciath cosanta a bheadh i bpróiseas rúnda do naimhde na teanga a bheadh ag iarraidh creimeadh faoi choim a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas, mar a mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dúinn: “Níor cheart cosaint na rúndachta nó an dorchadais a thabhairt dóibh siúd a bheith in aghaidh chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
roimh a naimhde to its enemies
" “Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: *“I am the enemy you killed, my friend,”* arsa Bean Mhic Róibín.
tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde they’re showing their enemies
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
go mba naimhde iad that they were enemies
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
naimhde na teanga enemies of the language
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
Tadhall le Naimhde touching with the enemy
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
Naimhde fíochmhara do vicious enemies to
" Naimhde fíochmhara do Hammarskjöld agus d’fheachtas O Brien ab iad an Bhreatain agus an Bheilg áfach.
bata dár naimhde le muid a bhualadh a stick for our enemies to hit us with
" Ar an gcaoi sin ní hamháin go bhfuil cur amú airgid i gceist ach tá cur amú cumais chomh maith agus tugann sé bata dár naimhde le muid a bhualadh.
shílfeá gur naimhde iad you’d think they were the enemy
" Nuair a bhí Eddie Downey ón IFA ag caint, shílfeá gur naimhde iad, turasóirí faoin tuaith! Níl aon saoirse fánaíochta ar thalamh ard in Éirinn mar atá i dtíortha eile, agus is léir go bhfuil daoine mar Eddie Downey tiomanta rudaí a choinneáil mar seo, cé go bhfuil sé ag déanamh dochair dóibh féin agus don tír trí chéile.
naimhde úra new enemies
" Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.