Pota Focal Intergaelic
naoi | aon | aonú | aosú | baon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Naoú Toinn the Ninth Wave
" Ach iad a bheith faichilleach gan sleamhnú thar an Naoú Toinn amach.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
aon naoú cuid Ungárach one-ninth Hungarian
" Tá mé aon naoú cuid Ungárach, dhá naoú cuid Mohawkach, trí naoú cuid Gearmánach agus trí naoú cuid Éireannach.
an naoú véarsa déag the nineteenth verse
" An tUrramach Willie McRay, MP, FP, VIP, DUP, agus P mór fada a bhí ann, seanchara dílis d’Erectus na Gaeilge, a bhí ag ceol an naoú véarsa déag dá leagan féin de “Tantum Ergo Sacramentum”, é á cheol sa Laidin bhinn a d’fhoghlaim sé in Ollscoil Bob Jones Mheiriceá.
naoú haoise déag 19th century
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
naoú haois déag 19 cent.
" San India, feictear an chuid is fearr den fhichiú haois taobh le taobh leis an chuid is measa den naoú haois déag.
naoú aois ninth century
" Agus tagann dán chugam i gcónaí, dán beag álainn a scríobhadh sa naoú aois - níos mó na míle bliain ó shoin! Níl a theideal ná ainm an fhile againn, ach tugann sé brí an gheimhridh leis go beacht álaínn, ina chruth Nua-Ghaeilge anseo: -----------------------Scéal liom daoibhDamh ag glaoch,sneachta síorsamhradh d'éag.
naoú céad déag 19th century
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
deireadh na naoú aoise déag the end of the 19th century
" ”* Téann sé ar aghaidh agus míníonn sé go raibh feachtas láidir maidir le cúrsaí airgid idir Éirinn agus Sasana ar bun ag deireadh na naoú aoise déag.
naoú haois déag 19th cent.
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
sa naoú haois déag in the nineteenth century
" Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann.
tús an naoú haois déag the beginning of the 19th century
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar an tslí a bhfuiltear tar éis Daidí na Nollag a léiriú ó bhí tús an naoú haois déag ann.