Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon na ndaltaí the number of pupils
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
líon na ndaltaí bunscoile the number of primary school pupils
" De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine.
d’fhormhór na ndaltaí for most of the pupils
" Ina theannta sin, níor mhiste a rá go bhfuil curaclam na Gaeilge go huile is go hiomlán mífhóirsteanach d’fhormhór na ndaltaí.
líon na ndaltaí the number of pupils
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
tromlach na ndaltaí the majority of pupils
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
ndaltaí pupils
" Ach anois tá i bhfad níos mó cailíní ann, déarfainn gur cailíní iad suas le leath na ndaltaí.
ndaltaí pupils
" Ní raibh fágtha ach málaí agus ábhair scoile na ndaltaí mar fhianaise go raibh siad riamh ansin …an fhirinne curtha i bhfolach leis an bholscaireacht a rinne an stát faoi.