Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go neafaiseach matter of factly
" Tá na buanna agus na cáilíochtaí uilig aici, a deir sí go neafaiseach lom, ach gan sotal ar bith, chun tabhairt faoin obair seo.
an Spiorad Neafaiseach. the Trite Spirit.
" “Beidh muintir Paisley ann, mar is iondúil - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Neafaiseach.
neafaiseach neamhurchóideach soineanta unremarkable, harmless, innocent
" Féach an méid focal Béarla atá de dhíth chun an focal beag neafaiseach neamhurchóideach soineanta Gaeilge sin a mhíniú.
rudaí beaga neafaiseacha trivial little matters
" Blianta fada ó shin, bhain cuid den phléisiúr le rudaí beaga neafaiseacha nár bhain le cúrsaí Oireachtais ar chor ar bith: an seomra en suite; na buidéil bheaga foltfholctha le tabhairt abhaile don dream óg; agus an buidéal mór *Jameson 12 Year Old* a bhronntaí ag an am maille leis an seic ar £25 mar chéad duais i gcomórtas na Lúibíní.
Sampla neafaiseach a trivial example
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
an fógra neafaiseach the trivial advertisement
" Ach cén saghas grá go díreach? Phrioc an fógra neafaiseach mé, fágadh brosna marana agam agus ar deireadh, bheartaíos teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine.
Ceist Neafaiseach go Maith a fairly harmless question
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
an lascáil neafaiseach, shimplí sin that simple irrelevant lashing (of the ball)
" Sin é an rud is mó a bhraithimse uaim mar imreoir caide, an lascáil neafaiseach, shimplí sin i gcoinne na binne.
coir neafaiseach a petty crime
" Nuair a fógraíodh an phianbhreith chuaigh na tráchtairí seo le craobhacha, ag maíomh go raibh an éiric as compás nuair nach raibh i gceist ach ‘coir neafaiseach’.